Note A shorter version of this piece in English is available at http://goo.gl/Fay35A via the Belfast Telegraph
San amhrán chlúiteach Oráisteach Lurgan Town tá líne faoi leith i dtreo an deiridh: ‘D’iompaigh muid thart, chroith muid lámha, an méid is féidir a dhéanamh…’
Agus mé á chanadh in Ard Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath ar Luan Cásca, ba bheag gur shamhlaigh mé gurbh é garmhac Éamoin de Valera an fear a bheadh ag croitheadh láimhe liom ag an líne chinniúnach sin.
Ach seo mise, i dteannta Éamoin Uí Cuív, TD d’Oirthear na Gaillimhe: fear atá bródúil as a sheanathair cáiliúil, a oidhreacht Phoblachtach agus Fianna Fáil, an páirtí a bhunaigh Dev é féin.
Figiúr lárnach in Éirí Amach na Cásca ab ea de Valera, ar ndóigh, agus fear a bhí mar ailtire na hÉireann Nua, Éire saor ina bhfuarthas réidh leis an cheangal stairiúil leis an Ríocht Aontaithe.
Go polaitiúil, d’fhéadfaí a rá nach bhfuil mórán i gcoitinne agamsa le hÉamon Ó Cuív, ach roinneann muid aon rud amháin ar a laghad – paisean don Ghaeilge, an bheirt againn ansin chun ár dtuairimí éagsúla a nochtadh i dtaobh 1916 do leagan speisialta den chlár Cormac ag a Cúig ar Raidió na Gaeltachta.
Domhsa, mar Phrotastúnach, Aontachtach agus Briotanach ó Chontae Ard Mhacha, lá bróid a bhí ann agus – leoga – lá nach ndéanfaidh mé dearmad air choíche. Bhí sé níos speisialta fós óir dúirt mé an t-amhrán ón bhalcóin in Ard Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill.
Seo an áit ar sheas Pádraig Mac Piarais agus Séamas Ó Conghaile an fód. Seo an áit ar léigh Mac Piarais Forógra na Saoirse le muintir Bhaile Átha Cliath, a raibh mearbhall orthu mar gheall ar an lá s’acusan a bheith curtha as a riocht.
Agus seo an áit ar tháinig bláth liath an bháis ar choincheap na híobartha fola.
Sráid Saicbhil a bhí ann ag an am sin agus gidh gur scrios gunnaí móra na Breataine an taobh istigh, tháinig struchtúr an fhoirgnimh slán as na hionsaithe le sliogáin tine agus tá an GPO arís mar sheoid mhaorga i gcoróin ailtireachta na cathrach.
Gan ach aon bhliain amháin ó chomóradh céad bliain an Éirí Amach, táthar ag ullmhú go dícheallach agus chuir Luan Cásca na bliana seo tús leis an chlog: bhí Sráid Uí Chonaill mar iarsmalann bheo, le daoine gléasta suas in éadaí 1915. A leithéid d’atmaisféar.
San am sin, ar ndóigh, ba iad na Suffragettes a bhí chun tosaigh sa nuacht, chan na reibiliúnaigh, a raibh an lá s’acusan le teacht go fóill.
Gan dearmad a dhéanamh ar an Chogadh Mhór, ina raibh fir óga – thuaidh agus theas, Protastúnaigh agus Caitlicigh, Aontachtaigh agus Náisiúnaigh – ag fáil bháis ar pháirceanna míthrócaireacha na hEorpa sa choinbhleacht a bhí in ainm deireadh a chur le cogadh go deo…
Bhí mé ar mo mharana faoi seo uilig sula ndeachaigh mé i mbun ceoil. Ní hiad Mac Piarais agus Ó Conghaile mo laochra féin, ach aithním an chrógacht s’acu agus aithním go bhfuair siad bás ar son cúise ar chreid siad inti.
Mar sin, ba le meas agus le hómós a ghabh mé Lurgan Town. Ach bhí bród ann chomh maith, bród go raibh mise, mar Phrotastúnach agus Aontachtach, ag canadh amhráin atá mar pháirt de m’oidhreacht agus mo chultúr féin in áit atá chomh tábhachtach i stair na tíre.
Agus mé ag gabháil don líne faoin ‘chroitheadh láimhe’, shamhlaigh mé taibhsí 1916 ag éisteacht leis an phíosa bhídeach staire seo…
An raibh siad sásta go raibh sé de chead agam amhrán Oráisteach a rá an lá úd – Luan Cásca – in Ardoifig an Phoist? Tá nóisean agam go raibh – sa deireadh, nach í saoirse do chách an rud a shantaigh siad?
Ar a laghad, tá súil agam gur chruthaigh sé go bhfuil spás ann don uile chultúr – Oráisteach agus Glas – ar achan fhód den oileán bheag seo a roinneann muid.
Tá clog an chomóraidh ag ticeáil agus dá mbeadh deis agam an rud a dhéanamh arís in 2016, is gan dabht a dhéanfainn The Sash.
As Gaeilge…

Dr Ian Malcolm is an Irish teacher for lifelong learners and a journalist in the Irish language media. From a Unionist background, he passionately believes that Irish belongs to all. He is the author of Towards Inclusion: Protestants and the Irish Language. Despite being a commentator on politics in the Irish language media, he avoids all things political in the social media!