Cuireann eagla agus sceon ar pholaiteoirí ná an pobal ag déanamh as dóibh féin…

TScreen Shot 2013-08-05 at 11.31.06á muid ag obair le Pobal chun sraith beag de aistí bhlag a tharraingt le chéile, agus iad ag iarraidh athbhreithniú a dhéanamh ar staid na Gaeilge cúig bliana déag ar aghaidh ón Chomhaontú Aoine an Chéasta. Anseo thíos, cuireann Seamus ceisteanna isteach ar an Roinn Oideachais faoi na trialacha de leanaí scoile ag iarraidh fáil isteach chun an mheánscoil lán-Ghaeilge i mBéal Feirste.

Le Séamus Mac Seáin.

“Dear Mr Brown

I can now let you know that it is the Ministry’s view that instruction given entirely through the medium of Gaelic would not constitute efficient and suitable instruction for pupils of an Independent school. A complaint would therefore be served by the Ministry. If the proprietors did not remove the deficiency complained of within a specified time then the Ministry would strike the school off the register. It is an offence against the law to conduct an unregistered school.”

Sin sliocht as litir a chuir Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann chuig Cathaoirleach Theaghlaigh Ghaelacha Bhéal Feirste, Séamus De Brún, i 1965 nuair a chuaigh siad a fhiosrú scoil Ghaelach a bhunú sa chathair.Tá bagairt shoiléirsa litir go gcuirfí bunaitheoirí na scoile i bpríosún dá leanfadh said ar aghaidh.

Tá a fhios ag cách anois nach dtug na teaghlaigh aird ar an bhagairt agus gur bhunaigh said an scoil arscor ar bith. Ba é bunú na scoile sin a chuirtúsleis anGhaeloideachas atá anois ar fáil i ngach contae de shé chontae thuaisceart Éireann inniu. Bíodh is nár éirigh leo an scoil a dhúnadh,rinne siad a seacht ndícheall gach constaic a chur ina bealach.

Níor thug siad maoiniú don scoil go dtí 1984 i ndiaidh blianta fada de streachailt agus níthiocfadh an maoiniú an t-am sin féin ach ab é go raibh sé fóirsteanach ó thaobh na polaitíochta de.

Nuair a bunaíodhColáiste Feirste fiche bliain níos faide ar aghaidh i 1991, bhí an Roinn Oideachais ó thuaidh chomh diúltach céanna agus a bhísiad i
1971.Ní raibh siad sásta aon chuidiú a thabhairt agus go deimhin, chosc siad ar rannóg ar bith rialtais cabhair a thabhairt, fiú amháin ar bhonn
Leasa Shóisialaí, ainneoin an scoil a bheith suite i gceann de na ceantair is mí-phribhléide sa tír.

B’éigean do lucht bunaithe na scoile treabhadh leo ar an ghannchuid ar feadh cúig bliana gan phingin d’airgead poiblí, go dtísa deireadh, de bharr brú polaitíochta thuaidh agus theas, mhaoinigh siad an scoil. Isiomaí athrú a tháinig ó shin sna sé chontae, buíochasle Dia, ach tá rud amháin a d’fhan seasmhach buan i rith an ama, agusis é sin an dearcadh diúltach atá ag an Roinn Oideachais ar feadh a mbaineann sé le hoideachas Gaelach de.

Bhí go leor daoine a cheap go mbeadh deireadh leis an leatrom agus leis an chos ar bholg ar Ghaeil nuair a toghadh rialtas a raibh roinnt chumhachta le bheith de dhlúth agus de inneach ann agus go mbeadh cothrom na Féinne ann do chách ach, monuar ní mar sin a tharla ó thaobh an Oideachais Ghaeilge de.

Ní féidir an locht a chur ar Aontachtaithe biogóideacha mar a thiocfadh fadó nó isAirí de chuid Shinn Féin a bhí ina nAirí Oideachais sna séChontae ó bhí 2001 ann. Ach leanann an diúltachas céanna agus an leatrom céanna arGhaeil óga go fóill, ainneoin ghealltanais Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tá dearbhaithe i gComhaontú Aoine an Chéasta go gcaithfidh Rialtas Stormont gach is féidir a dhéanamh leis an Ghael oideachas a éascú agus bíodh agus gur tugadh cabhair áirithe don earnáil, dhiúltaigh an Roinn Oideachas scun scan ó 2001 brú a chur ar na Boird Leabharlainne na cearta céanna saor thaisteal chun na scoile a chur ar fáil do dhaltaí Choláiste Feirste agus a bhí ar fáil do scoileanna Béarla.

Bhí páistí Choláiste Feirste nach raibh aon rogha acu, ag taisteal 4 uair a chloig gach lá as áiteanna tuaithe chomh fada arshiúil le Dún Phádraig, le leanúintlena n-oideachastrí mheán na Gaeilge de cheal arsaoriompar mar a bhí ag na scoileanna Béarla.

Tá an tOideachas iomlánaithe agus an Gaeloideachas luaite go sonrach i gComhaontú Aoine an Chéasta mar earnálacha a bhfuil cabhair ar leith i dteidil acu agus cé gur cuireadh busanna ar leith ar fáil do dhaltaí Lagan College le taisteal ó Dhún Phádraig go Béal Feirste gach lá, diúltaíodh an ceart céanna do dhaltaí Choláiste Feirste a bhí ag dul ón bhaile chéanna.

Ní amháin sin ach nuair a d’iarrtuismitheoirí Choláiste Feirste ar an Roinn ligint dá bpáistí taisteal ar bhusanna LaganCollege, nó ar bhusanna Methodist College, a raibh fuílleach suíochán iontu, diúltaíodh iad. Bhísé soiléir do na tuismitheoirí go rabhthar ag iarraidh bac a chur ar a gcuid paistí leanúintlena gcuid oideachaistrí mheán na Gaeilge, rud a bhí glan i gcoinne Chomhaontú Aoine an Chéasta, dar leo.

I ndiaidh do na tuismitheoirí a bheith ag tathaint ar an Roinn an rud ceart a dhéanamh dá bpáistí, shocraigh siad ar athbhreithniú cúirte a lorg ar
chinneadh an Rialtais. Ba iad na tuismitheoirí iad féin a thóg an cás nó ba ar a gcuid páistísiúd a bhí an éagóir á déanamh.

Nuair a dúradh le tuismitheoir amháin, a bhí leis an chás a thógáil, go raibh sé ag cur aiféaltais ar anAire, d’éirigh sé as agus b’éigean
don scoilseasamh isteach ina áitle cearta daonna na bpáistí a chosaint. Chuaigh siad san fhiontar ar airgead mór a chailleadh dá dteipfeadh ar an chás, ach dar leo, nach raibh aon rogha acu agus go gcaithfí an éagóir a chur ina ceart.

Chuaigh an cás ar aghaidh agus ainneoin go ndearna dlíodóirí na Roinne iarraidh a chruthú nach raibh i gComhaontú Aoine anChéasta ach doiciméid inmhianaithe (‘aspirational document’), argóint a chuirfeadh an Comhaontú féin i mbaol dá nglacfaí léi, rialaigh an breitheamh Treacy sa chúirt go raibh dualgas ar an Roinn Oideachais cabhair a chur ar fáil leis an Ghaelscolaíocht a éascú de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta agus go raibh cuidiú le taisteal chun na scoile mar chuid de sin.

Tugadh an breithiúnas ar son na scoile mar aon le costais dhlí i mí na Samhna 2011, ach níor chuir an tAire O Dowd, a tháinig i gcomhar bacht ar Chaitríona Ruane, breithiúnas na cúirte i bhfeidhm agus níl taisteal chun na scoile ar fáil do dhaltaí Choláiste Feirste go fóill i mí an Mhárta 2013.

Ní fios go fóill cad chuige ar ghlac na hAirí Oideachais seasamh chomh láidirsin ar an cheist nó thug státseirbhísighChaitríona Ruane féin bealach gan dul chun na cúirte nuair a mholsiad scéim phíolóta a chursa tsiúil ar feadh 3 bliana go bhfeicfí cad é mar a bheadh cúrsaí ag deireadh na tréimhse, agus san am chéanna gan réamh shampla a bhunú, rud a mbíonn Airí Rialtais buartha faoi idtólamh.

Ach arís, tógadh seasamh i gcoinne an mholta agus d’fhág sin na mílte punt de chostais ar na cáiníocóirí. Is dócha nach bhfaighidh muid amach a choíche cad é a bhítaobh thiar den chinneadh seo nó go hiondúil ní bhíonn trédhearcacht ag baintleis na socraithe seo a dhéantar iseomraí cúil na bpáirtithe polaitiúla ag daoine a naithnide.

Ach má bhí cás daltaí Dhún Phádraig go holc, ba mheasa i bhfad é cás pháistí Ard Eoin i mBéal Feirste atá ag freastail arCholáiste Feirste. Tá 109
dalta as tuaisceart Bhéal Feirste ag freastail ar an scoil ach diúltaíonn an Roinn saorthaisteal a chur ar fáil de bharr go dtiocfadh leis na páistí dulsíos Bóthar na Seanchille chun na scoile a déir An Roinn, mar go mbeadh sé taobh istigh den limistéirthrí mhíle atá leagtha síos marthreoir le saorthaistil a chur ar fáil chuig scoil ar bith.

Diúltaíodh don iarratas ainneoin gur chuireadh ar a súile dóibh ag tuismitheoir amháin, a chaill a fear céile le linn na dtrioblóidí, go mbeadh sí ag cur beatha a bpáistí i mbaol agus iad á seoladh síos Bóthar na Seanchille ag caitheamh éideCholáiste Feirste. Bíonn ar an bhean sin, a chuirtriúr páistí chuig Coláiste Feirste, bíonn uirthi na céadta punt a chaitheamh gach bliain le hiad a chursíos go lár Béal Feirste agus suas Bóthar na bhFál chun na scoile, le bheith cinnte go mbeidh siad sábháilte.

Dúirt an Roinn léi go raibh dualgas arthuismitheoirí í leith sábháilteacht a gcuid páistí agus iad ar a mbealach chun na scoile agus ní ar an Roinn, dearcadh atá rud beag fuarchúiseach muna bhfuilsé cruálach féin. In san chur agus cúiteamh seo uilig idir tuismitheoirí agus an Roinn, ní mór cuimhneamh go gcuirtear breis agus 2,000 bus ar fáil do hiar-bhunscoileanna sna sé chontae gach lá, ach nach bhfuil oiread agus ceann amháin acu ar fáil do pháistí i Iarbunscoile Gaeilge.

Tharla sin uilig ainneoin beirtTheachtaTionóil as Tuaisceart Bhéal Feirste, Gerry Kelly agus Carál Ní Chuilín, a bheith ag impí ar Aire as a bpáirtí féin an rud ceart a dhéanamh do na páistíseo. An bhfuil saoirse ag Aire a rogha rud a dhéanamh ar neamh chead do bhaill eile an pháirtí? agus go háirithe ar neamh chead do bheirt atá san fheidhmeannas?

An bhfuil Airí Poblachtacha i Stormont atá an oiread sin faoiscáth ag a státseirbhísigh féin nach dtig leo dul in éadan a gcomhairle?

Anois, d’imigh Caitríona Ruane ón aireacht Oideachais agus tháinig JohnO’Dowd. Tá ceisteanna tromcúiseacha le cur mar gheall ar an leatrom atá déanta agus cad é is féidir leis an Ghaelphobal a dhéanamh lena cheartú. Tá Sinn Féin lán de dhaoine atá glórach go maith ar chúrsaí cearta daonna agus is iad atá ann sa chás seo, ach tá siad balbh ar an cheist áirithe seo.

Ba mhaith fios a bheith againn cén fáth.

D’éirigh leColáiste Feirste sa chúirti mí Dheireadh Fómhair 2011, agus taobh istigh de choicís tháinig feidhmeannaigh amach ón Roinn Oideachais ar lorg eolais chruinn faoi riachtanais na scoile óna hionadaithe. Fuairsiad liosta de na bus bhealaí éagsúla a theastaigh go géar ó na daltaí a mbíonn
ag taisteal achar fada gach lá chun na scoile.

Trí seachtaine i ndiaidh an chruinnithe, dúirt na feidhmeannaigh nach bhfaigheadh an scoil a raibh de dhíth.

D’iarr an scoil orthu ath mhachnamh a dhéanamh agus teacht ar aisle freagra níos dearfaí. Le linn an chéad dá mhí déag eile, rinne an scoil teagmháil leis an Roinn roinnt uaire, trí litreacha agus r-poist, le tuairisc a fháil ar cad é mar a bhí ag éirigh leo. Ní bhfuair siad de nua shonrú ach nach
raibh nua shonrú ar fáil, agus phléigh an scoil gearán a chur chuig an Ombudsman. Má chreid phobal na Gaeilge go raibh an scoil i gcainteanna leis an Roinn i rith an ama, ní amhlaidh a bhí, ach go raibh neamart á déanamh uirthi.

I mí Feabhra 2013, tháinig an Roinn ar aisi dteagmháil leis an scoil, le moladh sealadach a chur roimpi. Dúirt siad go dtiocfadh leo bus a sholáthar le freastal ar dhaltaí an Choláiste i nDún Phádraig agus i gceantar na Cromghlinne, ach níor thagraíodh do na busbhealaí eile, Tuaisceart na cathrach san áireamh, a d’ardaigh an scoil leo.

Le blianta fada, caitheadh go héagórach leis an scoil. Ní ionadh é,marsin, agus moill chomh fada ann gan an focal as an Roinn, dá mbeadh easpa
muiníne as an Roinn. Faoi láthair, tá an scoil, mar aon le pobal naGaeilge ag fanacht le feiceáil an mbogfaidh an Roinn chun tosaigh nó nach mbogfaidh. Agus má bhogann, cé chomh gasta agus cé chomh fada a rachaidh síad. Beidh le feiceáil.

Cé gurb iad cearta bunúsacha daonna na bpáistí seo atá ag dó na geirbe agam san altseo, tá impleachtaí i bhfad níosleithne ná sin ag eascairt as diúltú na Roinne ar an heistseo, dar liom. Mur ar féidir le Gaeil óga cothrom na Féinne a fháil faoin réimeas comhroinnte atá i gcumhachti Stormont,
an bhfuil ár ndílseachttuilte aige mar réimeas?

Bhí go leor de Ghaelphobal na sé Chontae den bharúil i bhfad sular bunaíodh an Feidhmeannas ar chor ar bith go mbeadh anGhaeilge agus an dóigh ar caitheadh le lucht a labhartha ina “theistliotmas” ar dlisteanacht an stáit nua.

An dtig linn a rá go fírinneach i ndiaidh 10 mbliana den Rialtasí Stormont gur shásaigh siad an teistsin ó thaobh na Gaeilge de? Gealladh Acht Gaeilge dúinn ach ní bhfuair muid é ach fuair muid an scéim “Líofa” ina áit, a bhfuil cuma mhaith air ar pháipéar agus atá ina ghléas maith bolscaireachta.

Ní droch rud ann féin é, ach níl ann sa deireadh ach bealach leis na daoine uilig a bhí ag foghlaim na Gaeilge cheana féin a bhailiú isteach faoi aon lipéad amháin agus corr “Celeb” a chaitheamh isteach leo, agus sin uilig ar fíor bheagán costais. Tuigeann muid uilig go bhfuil bunús na polaiteoirí Aontachtacha i Stormont i gcoinne aon ruda a bhaineann leis an Ghaeilge agus ní chuireann sé iontas ar Ghaeil gur sin mar atá, ach ní shílim go raibh mórán ag dúil go mbeadh Sinn Féin chomh diúltach céanna nuair a bhí cinntí le glacadh a rachadh píosa den bhealach le déanamh suas arson neamart agus naimhdeas 50 bliain de shean réimeas Stormont.

Tá Sinn Féin i gcomhpháirt leis an Democratic Unionist Party i Stormont agus máistrí ina dteach féin más fíor, ach mura féidir le Gaeil a gcearta bunúsacha a fháil ar rud chomh simplí le saorthaistil chun na scoile do pháistí óga, cad é an seans atá ann go bhféadfaí cothrom na Féinne a fháil ar rudaí níostábhachtaí ná sin.

An aon iontas mar sin go bhfuil na ceantair náisiúnacha faoi mhí phribhéid a oiread agus a bhí siad a riamh ó thaobh dífhostaíochta, drochshláinte,
drochthithíochta, agus srl de. Tá ceisteanna le cur is dóigh liom, ní amháin faoi fheidhmiú na cumhachta i Stormont, ach faoi éifeacht agus faoi chur chuige na ndaoine atá dár rialú.

Tá go leor anailíse agus gearáin déanta ar an ábhar seo ach cad é atá le déanamh faoi?

Tá “Fóram Iompair’’ le bunú is dóigh liom atá scartha agus neamhspleách ar an pháirtí pholaitíochta, le gníomh phraiticiúil a dhéanamh leis na páistí seo a thabhairt slán sábháilte chun na scoile gach lá fad agus go bhfuil muid ag troid lena gcearta a bhaint amach. Is cinnte go bhfuil muid
láidir go leor le córasiompar a eagrú do pháistí Ard Eoin agus áiteanna eile ach muid a bheith eagruithe faoina choinne. Ní neart go cur le chéile.

Agus thig linn a bheith cinnte dá dtosaímis ag déanamh ar ár son féin gur gasta a thabharfadh an Roinn á gcearta do na páistí. Is é an rud is mó a
chuireann eagla agus sceon ar pholaiteoirí ná an pobal ag déanamh as dóibh féin.

Tá aiste Shéamuis, agus aistí eile ó Phobal na Gaeilge le léamh anseo.

NB: All essays in this series will be published in Irish only, but we would welcome  blog essay contributions in English which we will publish in Irish. For translation we recommend Google Translate.

, , ,

  • John Ó Néill

    Tá beagán eagarthóireacht de dhíth ar an téacs sin (spásanna idir focail a chur leis i n-áiteanna), nó beidh Google Translate ag streachailt leis.

  • Droch_Bhuachaill

    Ceart agat a John, ach bíonn fadhbanna ag Google Translate fiú leis na téacsanna is simplí!

    Feictear dom gur rud bunúsach é an Ghaeloideachas le todhchaí na teanga a chinntiú. Le fás na gaelscolaíochta anso ó dheas, tá cainteoirí dúchasacha nua i formhór gach contae. Ní fhásfaidh an teanga ach i ceann de dhá shlí: dianchosc iomlán a chur air fé mar a dhein Franco leis na teangacha réigiúnacha sa Spáinn, nó trí a gcearta a chur ar fáil do chainteoirí.

  • Mick Fealty

    Aontaim lads, cuirfidh me i gceart e i gceann tamaillin