Gaelscéal : UUP’s terminal decline nears its conclusion

Meath marfach an UUP ag teacht chun críche Anton Mac Cába Tá Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) á bhrú i dtreo aontais leis an DUP. Is féidearthacht níos láidre é sin ó d’éirigh John McCallister agus Basil McCrea as an pháirtí an tseachtain seo caite. Bhí an bheirt acu sin ar eite liobrálach an pháirtí UUP. Toghadh Mike Nesbitt mar cheannaire ar an bpáirtí seo anuraidh. Dar leis gur Aontachtach Liobrálach a bhí ann agus go raibh scileanna cumarsáide aige. Ó …

Read more…

Gaelscéal : On the bank debt deal

EAGARFHOCAL  Ní féidir le haon rud atá mícheart ó thaobh na moráltachta de a bheith ceart ó thaobh na polaitíochta de. Tá sé go huile agus go hiomlán mícheart go bhfuil muintir na hÉireann freagrach as fiacha lofa na mbanc agus fiacha lofa an Bhainc Angla-Éireannaigh ach go háirithe. Léiríonn na cúinsí seo go léir, agus an prácás ina bhfuil muid mar aonad polaitíochta eacnamaíochta gur cur i gcéill atá sa chaipitleachas mar atá rudaí. Tá sé léirithe go soiléir …

Read more…

Gaelscéal – It is a poor wind that blows well for no one

Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin Tá an PUP ag baint úsáide as conspóid an bhrataigh chun tús nua a chur le gníomhaíocht an pháirtí agus chun dul  i dtreo nua, a scríobhann Anton Mac Cába Tá na círéibeacha faoi cheist bhrat na Breataine ó Thuaidh ag tabhairt seans don Pháirtí Aontachtach Forásach (PUP) fás arís. Beidh sé seo ar bhonn difriúil ná mar a bhí ag tús an PUP ag deireadh na 90í. D’fhógair an …

Read more…

Gaelscéal – Northern Round-Up

Timpeall an Tuaiscirt Anton Mac Cába Mike ‘mífhortúnach’ Nesbitt Toghadh Mike ‘mífhortúnach’ Nesbitt mar cheannaire ar Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) mar gur iaririseoir é. Glacadh leis go mbeadh sé go maith i mbun cumarsáide.  Níl. Ba é an sampla ba dhéanaí ná an t-aisfhreagra a thug sé ar óráid de chuid John McCallister, iar-Leascheannaire an UUP. Labhair McCallister in éadán aon chomhoibriú leis an DUP: agus in éadán an Fhóraim Aontachtaigh, mar a bhfuil an DUP, UUP agus paraimíleataigh Dílseacha. …

Read more…

Gaelscéal : “Unionist Forum ends attempts to attract Catholics to the Union cause”

Cuireann an Fóram Aontachtach deireadh le hiarrachtaí Caitlicigh a mhealladh chuig cúis an aontais  Anailís le hAnton Mac Cába Bhí an céad cruinniú den bhFóram Aontachtach ar siúl Déardaoin seo caite. Cuireann sin deireadh, faoi láthair, leis an gcaint a rinne Peter Robinson ag comhdháil an DUP go raibh sé i bhfabhar Caitlicigh a mhealladh isteach san Fhóram. Is léir go bhfuil an Fóram ann le smacht a fháil ar na hagóidí sráide. Tá an Páirt Aontachtach Forásach (PUP) – …

Read more…

Gaelscéal : In defense of (Ulster) dialect

In this weeks Gaelscéal we have an opinion piece by Frenchman “Lughaidh” Cheveau arguing passionately for the increased use of dialect in Irish language media and literature. Lughaidh, a strong supporter of the Ulster Dialect, in which the piece is written, argues that the use of Standard Irish in schools is responsible for the decline of Irish in the Gaeltacht. (Google Translate will be of limited utility on this on unfortunately). I dtús báire, ba mhaith liom stíl P. P. Höglund a …

Read more…

Gaelscéal: Most ‘Northern Irish’ vote nationalist

Analysis by Colm Ó Broin (English version below). Ceann de na torthaí is suimiúla ó Dhaonáireamh an Tuaiscirt a foilsíodh an tseachtain seo caite ná líon na ndaoine a rinne cur síos orthu féin mar ‘Northern Irish’. 29% den phobal in iomlán a bhí ann. Ón anailís atá déanta ag Gaelscéal, is cosúil gur daoine ó chúlra Caitliceach a formhór den ‘Northern Irish’ agus go vótálann siad ar son páirtithe Náisiúnacha. As an 29% a dúirt go raibh siad ‘Northern …

Read more…

The Curious Case of a Nationality Without a Name

Whilst working on Gaelscéal on Tuesday last I realized that I did not know the correct Irish term for ‘Northern Irish,’ so I quickly checked focal.ie, the ‘National Terminology Database’ for Irish. That was a fruitless journey for they had no such term, I requested they provide one. The term was one I have strangely never needed in Irish and I have never thought about it to date. On the day, we simply used the English term in single speech marks. That …

Read more…

Gaelscéal : Census leaves no winners

Daonáireamh an Tuaiscirt – Níl aon bhuaiteoirí ann  Eagarfhocal Tá gach dream ina mhionlach anois, níl aon bhuaiteoirí ann. Sin an t-aon rud is fhéidir a bhaint ón daonáireamh sa Tuaisceart. Níor roghnaigh ach 28% den phobal ‘Irish’ mar chuid dá bhféiniúlacht  ar dhóigh  ar bith agus níor dhúirt ach 25% gur ‘Irish Only’ iad. Níl aon bhaol ann go mbeadh aon vóta do ‘Éire Aontaithe’ ar na figiúirí seo agus beidh an-díoma ar na páirtithe náisiúnacha, agus ar Shinn …

Read more…

Gaelscéal: Abortion for threat of suicide will be ‘logistical nightmare’ for psychiatrists

Tuairisc le Colm Ó Broin   Príomhscéal Ghaelscéal na seachtaine seo ná go bhfuil sé ráite ag Cathaoirleach an Irish Association of Suicideology (IAS) go gcothóidh reachtaíocht bunaithe ar Chás X ‘olldeacracht lóistíochúil’ do shíciatraithe. Tá sé ina raic i bhFine Gael faoin moladh go gcuirfí reachtaíocht i bhfeidhm a cheadódh do bhean ginmhilleadh a fháil má bhíonn a saol i mbaol de bharr bagairt a dhéanamh go bhfuil sí féinmharfach. De réir an Dr Justin Brophy, síciatraí comhairleach le …

Read more…

Gaelscéal: An Ghaeilge in East Belfast

Tuairisc le Colm Ó Broin Tá grúpa i gceantar Dílseachta i mBéal Feirste ag smaoineamh ar ghrúpa tuismitheoirí agus páistí Gaeilge a thosú amach anseo. Má éiríonn leis tá seans ann go mbunófar naíscoil (nó naíonra mar a ghlaotar orthu ó dheas) nó fiú bunscoil lánGhaeilge san am atá le teacht. Deir Grúpa Gaeilge Mhisean Bhéal Feirste Thoir nach bhfuil plean ann naíscoil nó bunscoil a oscailt sa ghearr théarma, agus gur plé amháin atá i gceist faoi láthair. É …

Read more…

Gaelscéal : Where is Irish spoken in Belfast?

Cá bhfuil an Ghaeilge á labhairt i mBéal Feirste inniu? Tá léarscáil de phobal na Gaeilge i Béal Feirste déanta ag Gaelscéal ar Google Maps. Leanann sé seo an léarscáil a rinneadh do Bhaile Átha Cliath roimhe seo. An aidhm atá leis ná daoine a chur ar an eolas faoi na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt  i mBéal Feirste, go háirithe lasmuigh den seomra ranga. Níl sé ar dhóigh ar bith críochnúil agus tá muid ag bráth ar …

Read more…

Gaelscéal : Should Scottish place-names be translated into English?

‘Aistrigh na logainmneacha go Béarla’ Eric Joyce MP, a ciontaíodh as ionsaithe a dhéanamh ar MPs eile, ag teacht amach in aghaidh na Gaeilge! Anton Mac Cába Tá an dearg-ádh ar Ghaeil na hAlban agus an saghas namhaid atá ag teanga s’acu. Tá an Feisire Eric Joyce acu. Thug sé an masla is déanaí do Ghaeilgeoirí na hAlban agus é ag tuíteáil: “Why not try English? We’ll all understand you that way, not just your neighbour. Alternatively, just shout across …

Read more…

Gaelscéal : Coláiste Feirste pupils still waiting for the bus

Coláiste Feirste ag feitheamh ar bhus go fóill Anton Mac Cába Despite an order from the High Court a year ago stating that Belfast Irish medium college, Coláiste Feirste, should have particular transport arrangements, the pupils are still waiting on their buses.  Níl fiú iomrá ar dháta lena leithéidí a chur i bhfeidhm. An tseachtain seo caite, agus iad ag tabhairt freagra ar cheist ó Ghaelscéal, dúirt an Roinn Oideachais nár socraíodh cúrsaí maidir le córas taistil don scoil go fóill. …

Read more…

Gaelscéal : Gaeldom heads for Letterkenny as Oireachtas na Samhna 2012 comes to town

Otv/Gaelscéal i láthair ag an Oireachtas Beidh físeáin ag dul in airde ar an chainéal teilifíse ar líne, Otv Gaelscéal (Oireachtas tv), agus scéalta uile Oireachtas na Samhna 2012 á léiriú inniu go ceann seachtaine. Déanfaidh Otv, i gcomhpháirtíocht le Gaelscéal, tuairisciú ar scéalta le linn fhéile an Oireachtais agus rachaidh físeáin in airde gach tráthnóna ar an suíomh. Beidh scagadh ar na himeachtaí agus buailfidh foireann Otv leo siúd a bheidh ag freastal ar an fhéile, leis na hiomaitheoirí …

Read more…

Gaelscéal : Mapping Dublin’s ‘Gaeltacht’

Colm Ó Broin   Léarscáil de ‘Phobal na Gaeilge’ ar Google Maps   TÁ léarscáil de phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath forbartha ag Gaelscéal ar Google Maps. An aidhm atá leis ná daoine a chur ar an eolas faoi na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt lasmuigh den seomra ranga. Tá sé i gceist an Gaelscéal an léarscáil a fhorbairt amach anseo chun an tír ar fad a chlúdach. Tá nasc chuig an léarscáilar fáil anseo agus ar …

Read more…

Gaelscéal : Unionists in Armagh are moving away from staunch rejection of Irish Language claims activist

Athrú meoin le mothú i bhfogas d’Eamhain Mhacha Méabh Ní Thuathaláin Tá meon na nAontachtaithe in Ard Mhaca ag athrú, dar le Seán Maoilsté, oifigeach Forbartha na Gaeilge de chuid Cairde Teo. Anuraidh, díreoidh aird na meán ar Jim Speers, Chomhairleoir an UPP de chuid Ard Mhaca, mar gheall ar an gcáineadh a rinne sé ar an nGaeilge. Dar leis, “the only place Irish will take you is back to the bog”, ach creideann Seán Ó Maoilsté go bhfuil athrú …

Read more…

Gaelscéal : New Funding Model, Northern Irish groups fear they have been stroked

Anton Mac Cába Irish language organisations in the North fear that they have been have been stroked by a new ‘partitionist’ funding model. Tá eagrais Ghaeilge sa Tuaisceart buartha go bhfuil siad á sailleadh ag samhail nua mhaoinithe ‘críoch-dheighilteach’. Sceitheadh roinnt de na sonraí an tseachtain seo caite, maidir le scéim nua mhaoinithe ag Foras na Gaeilge. De réir an ailt, tá sé ‘cheanneagraíocht’ le bheith ann. Beidh siad freagrach as réimsí difriúla d’obair teanga. Tuigtear go mbeidh seacht n-eagras …

Read more…

Gaelscéal: Is Ireland a country or an island?

Blag le Colm Ó Broin :  Gaelscéal: An tír í Éire, nó oileán? Bhí tuairisc ag Gaelscéal le déanaí faoin gconspóid idir na Gaelscoileanna agus an Roinn Oideachais ó dheas faoi thumoideachas. Fuair muid go leor cáipéisí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, ina measc dréachtaí d’óráid a thug an t-iarAire Oideachais, Batt O’Keefe, chuig comhdháil bhliantúil Ghaelscoileanna Teo in 2008. Bhain roinnt den óráid leis an gcomhoibriú a bhí ar bun aige leis an Roinn Oideachais sa Tuaisceart. Bhí an …

Read more…

Holywood’s Gaelic Speakers

Ard Mhic Nasca na Gaeilge! Art maic Nasca for brú Locha Laig i n- Ultaib. Félire Óengusa., 830c. Tá an baile beag Ard Mhic Nasca, nó ‘Holywood’ mar a athbhaisteadh air i mBéarla, go mór sa nuacht na laethanta seo mar gheall ar ráitis a mhic is clúití, Rory McIlroy, i leith a náisiúntachta, é ag rá go mothaíonn sé níos ‘Briotanaigh’ ná ‘Éireannaí’. Ní luaitear go minic gur áit le labhairt na Gaeilge an baile se,o ach mar is …

Read more…