Gaelscéal : Mapping Dublin’s ‘Gaeltacht’

Colm Ó Broin

 

Léarscáil de ‘Phobal na Gaeilge’ ar Google Maps

 

léarscáil de phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath forbartha ag Gaelscéal ar Google Maps.

An aidhm atá leis ná daoine a chur ar an eolas faoi na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt lasmuigh den seomra ranga.

Tá sé i gceist an Gaelscéal an léarscáil a fhorbairt amach anseo chun an tír ar fad a chlúdach. Tá nasc chuig an léarscáilar fáil anseo agus ar chuntas Ghaelscéal ag Facebook, Twitter agus AbairLeat.

Tá sonraí na 29 seirbhís eaglasta Gaeilge a bhíonn ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an léarscáil (dhá cheann de chuid Eaglais na hÉireann agus 27 gcinn de chuid na hEaglaise Caitlicí) mar aon le 26 chiorcal comhrá mórthimpeall an chontae.

Chomh maith leis sin, tá eolas faoi na cumainn Ghaelacha tríú leibhéal clubanna óige ar nós Cumann na bhFiann, craobhacha Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí pobail eile agus grúpaí tuismitheoirí agus leanaí.

Tá sonraí ar an léarscáil faoi thograí aonair ar nós Na Gaeil Óga, Raidió na Life agus Aisteoirí Bulfin. Is féidir teacht ar eolas faoi cheannáras Chonradh na Gaeilge agus Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin agus na himeachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge atá ag feidhmiú san dá ionad.

Níl eolas faoin nGaelscolaíocht, naíscolaíocht nó ranganna Gaeilge ar an léarscáil mar teastaíonn ó Gaelscéal béim a leagan ar na háiteanna ina bhfuil an teanga á labhairt sa phobal.

Gaelscéal na seachtaine seo - sna siopaí anois

Is é an chéad chéim eile sa togra ná sonraí maidir le pobal na Gaeilge sa chuid eile de Chúige Laighean a chur ar an léarscáil. Tá sé i gceist ag Gaelscéal Cúigí Uladh, Chonnacht agus Mumhan a dhéanamh níos déanaí.

“Tá an léarscáil iontach spéisiúil agus is áis mhaith atá ann do dhuine ar bith atá ag lorg eolais faoi chiorcail chomhrá nó imeachtaí Gaeilge eile i mBaile Átha Cliath,” arsa Brian Ó Gáibhín, Bainisteoir Áras Chrónáin.

Is féidir sonraí faoi mhíreanna eile den léarscáil, i mBaile Átha Cliath agus sa chuid eile den tír, a chur chuig colm.obroin@gaelsceal.ie.

It is generally assumed that the Isle of Lewis, with around 10,000 Gaelic speakers and the Galway Gaeltacht with a similar number of speakers at its core, although surrounded by partially Irish speaking areas, compete for the prize for the world’s largest ‘Gaeltacht’ or body of Gaelic speakers.

It should be remembered however that Dublin can also boast 10,000 daily Irish speakers in a very different context. 

Gaelscéal have this week begun a project to map that community and its activities, everything from Church services, to sport, to social clubs, it is not finished, it perhaps never will be, but it does provide a snapshot of an urban Gaelic speaking community and we hope that it will act as a resource to that community. 

 léarscáil : map

Baile Átha Cliath : Dublin

sa phobal : in the community

Bainisteoir : manager

  • Nordie Northsider

    I’m remionded of the ‘Eolairí Baile’ Conradh na Gaeilge used to publish, informing people where they could find an Irish-speaking dentist, caterer etc etc. That was useful. I’m not so sure that a map showing the offices of Irish-language organisations is quite as helpful.

  • Ciarán Dunbar

    Good point NN – that is of course what we are aiming for – we needed to begin somewhere and we will be depending on people providing us with information.

    Other versions in production are including businesses of course.

  • John Ó Néill

    Tá roint Gaeilgeoirí ar an meaisín Twitter – nach mbeidh sé éasca go leor an eolas sin a bhailiú (faoi gnóanna)?

    These days, it would be pretty easy to collect data on businesses where Irish is used via Twitter.

  • Ciarán Dunbar

    NN,

    Correction :

    There are NO, I repeat NO, offices on the map.

    Only Conradh na Gaeilge feature as they have a bar, thus the language is spoken socially there.

  • socaire

    …………… agus RTÉ 1, RTÉ 2, TnaG ag teacht isteach i nDún Geanainn go hiontach 🙂