Gaelscéal : Unionists in Armagh are moving away from staunch rejection of Irish Language claims activist

Athrú meoin le mothú i bhfogas d’Eamhain Mhacha

Méabh Ní Thuathaláin

Tá meon na nAontachtaithe in Ard Mhaca ag athrú, dar le Seán Maoilsté, oifigeach Forbartha na Gaeilge de chuid Cairde Teo.

Anuraidh, díreoidh aird na meán ar Jim Speers, Chomhairleoir an UPP de chuid Ard Mhaca, mar gheall ar an gcáineadh a rinne sé ar an nGaeilge. Dar leis, “the only place Irish will take you is back to the bog”, ach creideann Seán Ó Maoilsté go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí.

“Tá pleananna againn Cultúrlann a bhunú agus rinne muid cur i láthair os comhair na gComhairlí ar na mallaibh le tacaíocht a fháil don tionscadal. Bhí Jim Spears i measc na gComhairlí agus thug sé moltaí fiúntacha dúinn maidir leis an suíomh a bhí muid ag coimhéad air”  arsa Maoilsté.

“Ní hé go raibh sé go mór son na Cultúrlainne ach tuigeann sé go bhfuil an éileamh ann faoina choinne. Tuigeann sé go bhfuil muid ag iarraidh poist a chothú agus nach bhfuil muid ag tabhairt faoi chun aighneas a chothú ná a dhath ar bith. Thug sé éisteacht dúinn cibé, agus is comhartha é sin go bhfuil rudaí ag athrú,” arsa seisean.

Thosaigh an Ghaeloideachas 17 bliain ó shin in Ard Mhacha agus tá breis agus 400 dalta sa chóras Gaeloideachais in Ard Mhacha faoi láthair ag leibhéal na hiarbhunscoile, na bunscoile, na naíscoile agus na réamh-naíscoile.

Tá Gaeilge iontach láidir sna scoileanna Béarla agus ina measc siúd sa Ghaeloideachas in Ard Mhaca chomh maith, dar le Sean Ó Maoilsté.

“Bíonn muid ag obair le daltaí ó Choláiste Phádraig, meánscoil áitiúil, agus le daltaí ón aonad Gaeilge i gColáiste Chaitríona, agus tá an caighdeán céanna Gaeilge ag na daltaí. Fiú amháin Coláiste Chaitríona, sa chuid den scoil nach bhaineann leis an aonad, bíonn siadsan iontach maith ag an nGaeilge fosta,” arsa Sean Ó Maoilsté.

“É sin ráite, tá daltaí ag teacht fríd an gcóras Gaelscolaíochta agus ag freastal ar na meánscoileanna Béarla. agus tá bunús iontach acu, rud a théann i bhfeidhm go cinnte ar na daltaí eile atá sa rang.

Tá thart ar 170 páiste ag freastal ar an aonad Gaeilge i Bunscoil na mBráithre Críostaí, an oiread céanna agus atá ag freastal ar an aonad Béarla sa scoil. Tá 25 páiste ar an naíscoil faoi láthair agus 25 eile sa ghrúpa súgartha atá dírithe ar pháistí atá 3 bliana d’aois.

“Tá an Ghaeilge iontach láidir sa scoil. Tá éiteas láidir a ritheann tríd an scoil trí chéile. Bíonn imeachtaí éagsúla á reáchtáil  i ndiaidh am scoile trí mheán na Gaeilge, club drámaíochta, foireann peile le Gaeilge” arsa Ó Maoilsté.

Ag an leibhéal meánscoile, tá 142 dalta ag freastal ar an aonad Gaeilge i gColáiste Chaitríona chomh maith. Tá 2,926 ag déanamh staidéir ar an nGaeilge ag leibhéal iar-bhunscoile san iomlán, sna meánscoileanna Béarla agus sa chóras Gaeloideachais. I mbliana, tá 324 ag gabháil don GCSE Gaeilge agus tá 77 ag déanamh Gaeilge mar ábhar A-Leibhéal.

“Tá daoine ar an eolas faoi rogha na Gaelscolaíochta in Ard Mhaca anois. Tá fás millteanach ar chúrsaí ónár thosaigh sé,” a dúirt sé.

Tá Naíscoil Shliabh Fuaid le n-oscailt ar an bhfobhaile i mBaile Mhic an Aba atá cúpla míle ón gcathair féin. Tá Comhairle na Gaelscolaíochta i mbun staidéir maidir leis an éileamh atá ann don naíscolaíocht ar an gCéide. Chomh maith leis sin, tá grúpa eile ag iarraidh grúpa súgartha a bhunú ar an taobh eile d’Ard Mhacha fosta.

Is eagraíocht í Cairde Teo a chuireann an Ghaeilge chun cinn i measc an phobail agus a bhíonn ag plé leis an bpobal áitiúil.

“Tá muid ag obair ar thionscal faoi láthair le daoine idir óg agus aosta, a dhéanfaidh comparáid idir na fadhbanna sóisialta ar nós dífhostaíocht, drugaí, féinmharú, cúrsaí ceardchumainn agus mar sin de. Ní dóigh liom tríocha bliain ó shin go raibh trácht ar fhéinmharú ach is cinnte go raibh sé ag tarlú. Tá cúrsaí ceardchumainn iontach lag faoi láthair i gcomparáid le tríocha bliain ó shin nuair bhí beagnach gach duine ina mbaill do cheardchumainn,” arsa Ó Maoilsté.

This weeks Gaelscéal - we talk to Irish Christian Zionists, Carál Ní Chuilín confirms her support for Northern based Irish language groups and we ask the Gardaí if Dolours Price has been questioned in relation to the killing of Jean McConville

Unionists in Armagh are moving away from staunch rejection of Irish Language claims activist

Méabh Ní Thuathaláin

Even Jim Speers, a Unionist Councillor for Armagh and member of the UUP, is changing his attitude towards the Irish language it has been claimed.

Last year’s comments by Jim Speers, “the only place the Irish language would take you is back to the bog”, were considerably far removed from his response to the recent proposals of a new Irish language cultural centre in Armagh, according to Sean Ó Maoilsté from Cairde Teo, the Irish Language and community group behind the proposals.

“I am not suggesting that he is a keen supporter of the Cultúrlann but I think he recognises the demand for such a centre and understands that we want to create jobs and services for the growing Irish language community in Armagh. He recognises that we have a legitimate claim and he put forward practical recommendations about the site that we were looking at and we welcome this input,” said Ó Maoilsté.

Irish medium education began 17 years ago in Armagh and is continually growing, with plans of a new nursery school underway a few miles outside the city in Ballymacanab.

“Parents in Armagh know now that Irish medium education is an option and are more aware of the benefits of bilingualism,” said Ó Maoilsté.

There are currently 400 students in Irish medium education in Armagh at post-primary, primary, nursery and pre-nursery level. Currently there are 2,926 students studying Irish at secondary level in Armagh, 142 of which attend the Irish language stream in St. Catherine’s College.

“The standard is very high even among the English medium secondary schools in the area, where Irish is taught as a subject. There are students coming through the Irish medium primary education system and attending English medium secondary schools and other students are benefiting from that.”

 

 

Freelance journalist, working mostly in Irish.

Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.

I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie