Tuairisc le Colm Ó Broin :
An tseachtain seo tá Gaelscéal ag cur na ceiste – an féidir leis an Bhille Gaeltachta an Ghaeltacht a shábháil?
Labhair muid le hAire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, faoin cheist.
Dealraíonn sé nach mbeidh airgead breise ar fail don phleanáil teanga atá in ainm is a bheith ina shlánaitheoir don Ghaeltacht.
Tá plé ar an mBille agus na laigí agus buanna a bhaineann leis déanta san eagarfhocal agus ag Colm Ó Broin agus Concubhar Ó Liatháin.
Tá tuairisc againn ar an cháineadh atá déanta ar litir a chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chuig gníomhaí teanga, Dónall Ó Cnáimhsí, baill ghníomhach de chuid Ghuth na Gaeltachta a oibríonn i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i nDún na nGall.
Thug an litir, a scríobhadh i mBéarla, rabhadh dó go raibh seans ann gur sháraigh ráitis a rinne sé ar an raidió faoin mBille Gaeltachta agus preasráitis a shínigh sé, gur sháraigh siad Cód Caighdeáin agus Iompraíochta na Státseirbhíse.
Tá tuairisc ag Máirtín Ó Catháin go bhfuil litir eile seolta chuig Gardaí timpeall na Poblachta ag cur bac orthu tacú le feachtas ar mhaithe le stáisiúin áitiúla a choinneáil oscailte.
Cuireadh litreacha amach ó cheanncheathrú na nGardaí an tseachtain seo ina bhfuil sé ráite nach ceadmhach do bhall ar bith den fhórsa a bheith gníomhach in iarrachtaí pobail den chineál seo.
Tá Eoghan Ó Neill ag breathnú ar dhúnmharú Michaela McAreavey agus tá Scott de Buitléir ag plé na tacaíochta atá léirithe ag polaiteoirí áirithe do chearta pósta do dhaoine aerach le roinnt seachtainí anuas.
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts sent to your email.