Tá ráiteas déanta ag leascheannaire an SDLP, Patsaí Mac Giolla Eoin ar an Ghaeilge : “Irish language must be above all party side deals”.
Ag labhairt dó i mBéarla Deardaoin seo chuaigh thart dúirt sé : “It is simply untrue and harmful when Gerry Adams claims that Sinn Fein is the only party fighting for the language”. Mhaigh sé gurbh é an Bille Teanga de chuid an SDLP an dóigh leis an teanga a ‘dhí-pholaitiú’.
Is doiligh a thuiscint cén dóigh nach bhfuil an bille SDLP polaitiúil ach is maith an rud é, go bhfuil an SDLP, faoi dheireadh thiar thall ag iarraidh dul i gcomórtas ar cheist na teangan le Sinn Féin.
Níor thaitin an téarma ‘non-political language community’ liomsa go pearsanta ar an ábhar gur polaiteoir é, ag déanamh ráiteas ar son páirtí polaitiúil, i gcoinne páirtí polaitiúil eile, ag caint fá bhille polaitiúil.
Tá neart iarrachtaí ar bun chun na pobail Gaeilge a bhfuil againn a scoilt óna chéile ach ní dóigh liom go mbeidh ráth orthu i measc Ghaeilgeoirí óga. Barraíocht oibre déanta chun sin a sheachaint.
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts sent to your email.