Ár n-aire nua, náire nua?

Tá Nelson McCausland againn anois mar aire cultúir ó thuaidh. Ní féidir linn a bheith claonta is dócha ach os rud é go bhfuil sé fógartha aige go bhfuil cogadh cultúir ar siúil ó thuaidh, tá cuma ar an scéal go mbeidh cúrsaí idir lucht na Gaeilge agus na húdarais ó thuaidh athraithe go hiomlán agus go n-imeoidh sé chun donais.

Tá trua ar leith agam do na Gaeilgeoirí sin a chaith na bliantaí ag cur an Ghaeilge chun tosaigh mar theanga neodrach nach mbaineann le taobh amhain nó eile, is dócha go nach gcuirfidh Mac Auslainn suas leis an dearcadh sin go rífhada.

Tchím anseo is ansiúd ar an idirlíon go bhfuil Gaeilgeoirí iontach buartha faoi seo. Seo mo chomhairle, ná bíodh aon imní oraibh, is linne todhchaí na Gaeilge. Ní féidir le Nelson nó aontachtóir ar bith eile dochar dá laghad a dhéanamh di ach amháin má théann siad i bhfeidhm orainn. An rachaidh? Beag an baol.

Cinnte, tá na rialacha athraithe. Tá cath nua linn. Creidim go bhfuil muid réidh. Is deis é seo, is deis é leis an ghluaiseacht ar fad a athbhunú, leis na tseanadmaid marbh a ghearradh amach agus chun crainn úra a chur ag fás.

Is deis é fosta chun dul ar ais arís dóibh siúd sa phobal náisiúnach ó thuaidh, an chuid poblachtach ach go háirithe is a rá – cad chuige an fuath seo, cad a thuigeann Mac Auslainn nach dtuigeann tú féin.
Óir más cinnte dearfa rud amháin a Ghaeil gan eagla, tuigeann Mac Auslainn tábhachtach na Gaeilge.

  • Míle altú do Shinn Féin as ucht a chinntiú go gceapfaí Mac Auslainn ina Aire Cultúr le freagracht don Ghaeilge. Caithfidh go bhfuil siad ana shasta inniu i dTeach Uí Chonghaile agus i Sraid Sebastapol….

    An dúshlán ar cheart a thabhairt do McCausland ná seo. Más aondachtóir é, nár cheart do beartú dá réir agus an chosaint is an tacaíocht chéanna a chur ar fáil don Ghaeilge i ‘dTuaisceart Éireann’ is atá ag teangacha dúchasacha eile i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe – an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, cosaint aici tre Acht na Breatnaise, tacaíocht don chraoltóireacht arbh fhiú £100m+ sa bhliain, mar shampla amháin, an Ghaidhlig in Alban an sampla eile.

    An é nach bhfuil Béal Feirste chomh ‘Briotanach’ le hOileán Sgiathánach nó Caerdydd?

  • séamus mac seáin

    Bhí triúr san aireacht seo cheana féin,Micheal McGimpsey,Edwin Poots,agus Gregory Campbell agus ní thiocfadh a rá dáiríre go raibh suim ag duine ar bith acu san Ultais agus ba léir gur ghníomhaigh siad ar iarratais ó dhaoine taobh istigh dá bpáirtí féin a raibh suim acu inti ach ní hamhlaidh sin do Nelson McCausland, tá a chlár oibre féin aige cinnte ach ta suim aige i gcultúr na hUltaise agus thiocfadh do gur sin an ball lag aige ó thaobh na Gaeilge de.Beidh sé ag iarraidh céim suas a thabhairt don Ultais agus rud éigin a dhéanamh ar a son agus cuirfear leatrom agus leathcheal ina leith mura ndéanann sé rud éigin ar shon na Gaeilge chomh maith.Tá a shúil agam mar sin go mbeidh go leor grúpaí Gaeilge ag iarraidh castáil leis gan mhoill lena gcás a phlé.Ta cruthaithe aige cheana féin nach misde leis dul i láthair lucht na Gaeilge nó bhí sé sa Chultúrlann roinnt uair le cúpla bliain anuas.Tugaimis a dhúshlán.

  • déaglán

    Is dócha nach mbeidh sé chomh fuar sin i leith na teanga de sa deireadh thiar. Tá meas aige ar theanga mhionlach dhúchais amháin mar sin ní chuirfeadh sé iontas orm dá mba rud é go gcuirfeadh sé fáilte de chineál ínteacht roimh lucht na Gaeilge. Beidh le feiceáil! Lena chois sin beidh sé suimiúil fosta amharc a a ndéanfaidh sé ar son na hUltaise fhéin. Ós rud é go mbeidh sé i bhfábhar airgead a bheith caite ar an Ultais, cha dóigh liom gurbh fhéidir leis cúrsaí eacanamaíochta a úsáid ar nós polaiteoir eile.

  • RG Cuan

    Ar ndóigh ní athróidh McCausland cúrsaí an oiread sin mar bhí biogóidí eile sa phost roimhe.

    Cuirfidh sé isteach ar thograí éagsúla ach aontaím nár chóir bheith ró-bhuartha faoi – cha dtig leis ár mbéil a dhruidim!

    Na Gaeil Abú!

  • Aniar Aneas

    Is fearr i gconai a bheith ag bruion an troid ceart. Leanaigi oraibh.

  • Mac an tSionnaigh

    Gach seans go mbeidh iarracht á déanamh ag an Uasal Mac Caisealáin cos ar bholg a chur i bhfeidhm i dtaca leis an Ghaeilge de cionn is go bhfeiceann sé mar bhagairt mharfach í ar a ‘chultúr’ féin. Ní amháin sin ach caithfidh sé éacht de chineál éigin a dhéanamh le iarthacóirí a mhealladh ar ais ón TUV.