Beidh caint ar siúl i gCumann Chluain Árd, Sráid na Sceiche, Tuath na bhFál Déardaoin 26 Márta – 8pm go 9pm ar ‘An Ghaeilge agus An Cóilíneachas’ agus ‘ar a thionchar sin ar an Ghaeilge.’
Is é an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh arbh as Baile Mhic Mhurfaí dó ó dhuchas a bheas ag tabhairt na cainte seo agus is ar phd. s’aige féin a bheas an chaint bunaithe. Deirtear liom go gcuirfear fearadh na fáilte roimh chách, is i nGaeilg a bheas an chaint dar ndóigh.
Chuala mé Feargal ag caint ar an ábhar seo cheanna agus cé nár aontaigh mé le gach rud a raibh a mhaíomh aige, níl amhrás ar bith ann ná gur duine iontach acadúil amach is amach é agus go bhfuil an-taighde agus machnamh déanta aige ar an ábhar.
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts to your email.