I’ve tended to be sceptical as to the possibility of a border poll being successful for the reunification side in the short-term, believing that there was no chance of success until the late 2030s at the earliest. However, the latest LucidTalk poll has made me reconsider.
An mbeidh reifrean teorann ann díreach de thoradh toghchán Thionól Tuaisceart Éireann in 2027? Seans maith go mbeidh lámh in uachtar ag na náisiúnaithe; toradh maith ag an Guth Aontachtach Traidisiúnta (GAT); Páirtí an Chomhaontais (PaC) agus Páirti Aontachtach Daonlathach (PAD) i bponc.
Ní ach pobalbhreith amháin a bhí ann, ach bhí ceithre thoradh shuntasacha ag screadaíl i mo chloigeann:
- Tá PaC sleamhnaithe síos go dtí an séú háit sa rangú: níl gnaoi na ndaoine orthu mar a bhíodh. Ta tacaíocht PaC taobh thiar de mhóréilimh Pháirtí Aontachtach Uladh (PAU) agus Pháirtí Sóisíalta agus Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO) araon, cé go raibh PaC chun tosaigh ar an mbeirt acu in 2022. Fuair PaC 13.5% den vóta in 2022. Ach fuair sé 18.9% de na suíocháin: sin bónas shuíocháin ná 5.4%. Tháinig i bhfad níos mó den mbónas sin as aistrithe ón PSDLO agus PAU. Más fíor iad na figiúirí LucidTalk in 2027, caillfear suíocháin ag PaC: cuirfear iarrthóirí PaC as an áireamh roimh iarrthóirí PSDLO agus PAU. Mar sin, gheobhaidh an dá pháirtí bónas suíochán, go háirithe an PSDLO.
- Tá an GAT agus PAD ar chomhscór sa phobalbhreith. Fuair an GAT 6.6% den vóta in 2022, ach ní bhfuaireadar ach 1.1% de na suíocháin. Go hondúil, ní raibh iarrthóir ón bPAD ann chun aistrithe a thabhairt don GAT. Scéal eile in 2027: beidh iarrthóir an GAT chun tosaigh ar dara iarrthóir an PAD. Mar sin, bainfidh sé tairbhe as aistrithe PAD. Fuair PAD 21.3% den vóta in 2022, ach fuaireadar 27.8% de na suíocháin: sin bónas suíochán ná 6.5%.
- Tá níos mó tóir ar Claire Hanna ag vótálaithe PaC ná ar Naomi Long, cé gur ceannaire í Naomi den PaC! Tá PaC ag cailleadh níos mó tacaíochta do na náisiúnaithe ná do na aontachtaithe.
- Cé go bhfuil an rogha “fan sa Ríocht Aontaithe (RA) iunniu” 4% chun tosaigh ar “athaontú inniu” (46-42), tá na figiúirí fad-tearmach millteanach suimiúil. Tá triomlach i bhfabhar d’athaontú san fhadtéarma. (“B’fhearr le 55% des na vótálaí Éire aontaithe. Mar chodarsnacht, níl ach 43% i bhfabhar fanacht sa RA go fadtearmach.“) Ba cheart don Ridire Chris Bryant, Rúnaí Stáit Thuisceart Éireann, a bheith ag smaoineamh go cúramach agus go cruinn faoi critéir chun reifreann teorann a reáchtáil.
I know it’s only one poll, but four thought-provoking findings stood out for me:
- Alliance has slipped to sixth place. Alliance is now behind both the UUP and the SDLP, whereas it was ahead of both in 2022. In 2022, Alliance gained 13.5% of the vote but 18.9% of the seats, a seat bonus of 5.4%. Most of that seat bonus came from SDLP and UUP transfers. Should the Lucidtalk figures hold, Alliance will lose seats, and Alliance candidates will be eliminated before SDLP and UUP candidates, giving both parties – particularly the SDLP – a seat bonus.
- The TUV is neck-and-neck with the DUP. In 2022, the TUV got 7.6% of the vote but 1.1% of the seats. They had no party to gain transfers from as the DUP candidates were typically already elected. In 2027, they will be ahead of the second DUP candidate in many cases and will thus benefit from DUP transfers. The DUP gained 21.3% of the vote in 2022 but 27.8% of the seats, a seat bonus of 6.5%.
- Claire Hanna is more popular with Alliance voters than Naomi Long, their own leader, is. Alliance is losing more votes to nationalist parties than to unionist parties.
- While “reunification today” is still 4% behind “remain today” (46-42), the “longer-term” figures are fascinating. A majority of all voters believe in reunification in the longer term (“Some 55pc of all voters want a united Ireland now or aspire to it. In comparison, 43pc say they support remaining in the UK now and in future.“). This 55% figure should set the Secretary of State Sir Chris Bryant thinking long and hard about border poll criteria.
Ag am amaideach na Breatimeachta (2016-17), tharla ísliú suntasach i vóta na haontachtaithe. Glan PaC suas. Seans go bhfuil caspointe athrú tábhachtach ag tárlú anois, cé gur caspointe ina bhfuil vóta an Láir ag bogadh go dtí páirtithe náisiúnaithe. Cén fáth? Trí chúis, b’fhéidir:
- Maidir leis an conspóid Droim Crích – Garbh Achaidh, tá lucht tacaíochta PaC i bhfad níos cóngaraí le dearcadh na náisiúnaithe ná dearcadh na haontachtaithe. Is cosúil go bhfuil an conspóid seo ag spreagadh mothúcháin athaontachta i meon roinnt mhaith vótálaithe PaC.
- Theip ar PaC jab maith a dhéanamh sa rialtas. Theip ar PaC Stormont a athchóiriú. Seans maith go bhfuil scaifte suntasach vótálaithe PaC ar an gconclúid nach féidir ar chor ar bith Stormont a athchóiriu, agus is é athaontú an t-aon bhealach chun dea-rialachas a bhaint amach.
- Maidir leis na tionscnaimh ó pháirtithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael: seo féidireacht físeanna athaontú nach bhfuil daite le fuil na streachailte armtha. Fósta, thig leis na páirtí deisceartach rialtasach geilleagar rathúil a thaispeáint. Seans go bhfuil lucht tacaíochta PaC a radharc a dhíriú go héadmhar i dtreo an deiscirt.
In the wake of the chaos of Brexit, in 2017, the unionist bloc vote dropped sharply, with Alliance benefitting. We seem to be in another sharp vote drop scenario for one of the three blocs, the Others in this case. And this Other vote seems to be moving towards the nationalist bloc, or its transfers, at least, are. There would appear to be three reasons for this:
- On the reactivation of the Drumcree-Garvaghy issue, Alliance supporters are far closer to nationalist than to unionist sentiment. The controversy seems to have decisively shifted many Alliance voters into long-term reunificationist mode.
- Alliance has failed to shine in government, and has failed to reform Stormont. Significant numbers of Alliance voters may be concluding that Stormont is unreformable and that only reunification holds out the promise of good governance.
- The recent initiatives on reunification by Fianna Fáil and Fine Gael hold out the possibility of a reunification vision and proposal from nationalist parties that did not support armed struggle and who have presided over a relatively successful turnaround of the Southern economy. This may be turning the heads of some Alliance supporters Dublinwards.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil athrú ag tarlú i meon aoise aitheantais Thuaisceart Éireann. D’fhéadfadh iarmhairtí polaitiúla a bheith ag an athrú seo, mar a bhí athruithe san am atá thart. Throid na Preispitéirigh ar son Éire soar ó sheicteachas sa bhliain 1798. Sna blianta 1880í – de dheasca conspóidí Rialtas Dúchais agua síneadh an cheart vótála – bhog Protastúnaigh den lucht oibre agus Protastúnaigh liobrálacha ón bPáirtí Liobrálach go dtí an Páirtí Coimeádach agus Aontachtach. D’fhág na Caitlicigh an Páirtí Liobrálach agus bhog said go Páirtí Rialtas Dúchais agus, níos moille, go Sinn Féin. Míriail thromlaigh na nAontachtach; foréigean poblachtach nár éirigh leis; polaitíocht marbhánta Chomhaontú Aoine an Chéasta: cá bhfuilimid ag dul as seo amach? Deireadh le polaitíocht mionlaigh-mionlaigh, b’fhéidir. Tá vótálaithe liobrálacha neamh-Chaitliceacha ag bogadh arís: in 2017 bhog a lán d’acusan ó aontachas go PaC; is cosúil go bhfuil siad ag bogadh ó PaC go PSDLO. An bhfuilimid gar ghabh isteach do ré athaontaithe tromlaigh?
It feels like there is a shift happening in the identitarian zeitgeist of NI/NoI/NEI, a shift that could be politically consequential, as shifts have been in the past. Presbyterians fought for a sectarian-free island in 1798. The 1880s Home Rule conflicts and extension of the franchise saw working-class and liberal Protestants migrate from the Liberal Party to the Conservative and Unionist Party, setting up Catholic (Home Rule and, later, Sinn Féin) separatist and Protestant unionist parties. Unionist majoritarian misrule and failed republican violence brought the stalemate politics of the BGFA. We seem to be heading towards the twilight zone of pluralist politics, where no side has had a majority. This appears to be being succeeded by centrist voters either looking more benignly on reunification or jumping ship to the SDLP. Are we close to entering a reunification-majority era?
An é seo an t-athrú deireanach roimh reifreann teorann? Cad is féidir leis an aontachas a dhéanamh a fhágfaidh go mbeidh an Ríocht Aontaithe níos tarraingtí do vótálaithe an Láir? Ni bheidh rialtas na Breataine ag marcaíocht anseo ar chapall bán, ag caitheamh airgid ó chlé go deas chun aontachas a shábháil. Beidh an rialtas deisceartach ag mealladh go cúramach vótálaithe an Láir. Beidh ról tábhachtach ag an PSDLO an dream vótálaithe sin a bhréagadh. Lig do scíth agus tú ag fanacht le plean athaontaithe measúil maith ó dheas: beidh plean ag teacht. Beidh Fianna Fáil agus Fine Gael ag pleanáil straitéisí maidir le conas vótóirí uile-oileánacha a mhealladh agus leas a bhaint as an mborradh toghcháin a leanfadh athaontú. Tá athaontú go dosheachanta ar chláir oibre polaitiúla an dá phobal in Éirinn.
Is this the last shift before a border poll? What can unionism do that will make the Union more attractive to the Centre? It’s difficult to imagine the British government riding in on a white steed – largesse dispensed with gay abandon – to rescue unionism. Meanwhile, Dublin’s cautious wooing of the Centre will subtly ramp up, with the SDLP likely to be seen as the Northern wooers of unity-agnostics for a decent Dublin-based reunification plan. Fianna Fáil and Fine Gael will be starting to calculate how to best benefit electorally from the bounce that would come from achieving reunification, now that it is irrevocably on the political agendas of both Irish polities.
Rabhadh arís: níl an pobalbhreith LucidTalk seo ach nóiméad san am. Ach, cad a tharlódh i dtoghchán Ionadaíocht Chionmhar – Aonvóta Inaistrithe (IC-AI), dá mbeadh an PAU agus an PSDLO araon chun tosaigh ar PaC, agus dá mbeadh an GAT chun tosaigh ar an dara suíochán de chuid an PAD in 2022? Rinne mé anailís ar na toghcheantair, bunaithe ar thorthaí thoghcháin 2022 (Tionól), 2023 (áitiúl), agus 2024 (Mainistir Thiar). D’athraigh teorainn na dtoghcheantar i ndiadh 2023. Mar sin, bhí orm torthaí teoiriciúla a ríomh (2022 {na figiúirí ó obair Nicholas Whyte} agus 2023) mar gur athraigh teorainneacha na dtoghcheantar. Fósta, bhreathnaigh mé ar threochtaí vótála i dtoghcheantair ó 1998 go 2022 agus mé ag smaoineamh ar phobalbhreith LucidTalk. Tá na graif bunaithe ar theorainneacha toghcheantar níos sine ná na teorainneacha a úsáidfear in 2027.
Let me repeat, this LucidTalk poll is only a snapshot in time. But consider what would happen in a PR-STV election if both UUP and SDLP were ahead of Alliance, and if the TUV were ahead of the DUP’s second 2022 seat. I went through the constituencies based on their 2022A and 2023L notional and 2024W results, looking at trends since 1998, and taking the LucidTalk poll into account. (It should be borne in mind that the 1998-2022 graphs are for older constituency boundaries.)
Léiríonn na graif an chaoi ar tháinig tacaíocht na bpáirtithe agus na mbloc i dtoghcháin an Tionóil ó 1998 i leith. Is as alt Slugger a scríobh mé in 2023 iad.
The graphs show the evolution of party and bloc support at Assembly elections since 1998. They are from a Slugger article of mine from 2023.
Scríobh Nicholas Whyte blag an-mhaith faoin dtoghchán in 2027. Bhain mé tairbhe as a chuid figiúirí torthaí teoiriciúla 2022 (thíos sna táblaí thoghcheantar).
Nicholas Whyte’s recent blog tabulates the 2022 notional party and bloc percentages for the revised constituency boundaries, which I have used in the constituency tables, below. (Nicholas’s piece is excellent, a fascinating comparison between his numbers and Peter Donaghy’s psephological analysis.)
Tagann na torthaí teoiriciúla don toghcháin áitiúla 2023 ó pháipéar taighde a d’foilsigh mé in alt san iris acadúil ARINS/ISIA (Táblaí 9 agus 10, lch.38-39).
I estimated the notional party and bloc percentages from the 2023 local elections for the revised constituency boundaries in an ARINS/ISIA journal article (Tables 9 and 10, pp.38-39).
Aontaím le O’Leary agus Pow: (“The PBP would designate as ‘other’ in the Assembly, but because it favours a united Ireland, we code it as part of the nationalist bloc”). Mar sin, aicmím Pobal Seachas Brabús (PSB) mar pháirtí náisiúnaíoch. D’fhoilsigh PSB leabhairín dár teideal “Towards a Socialist United Ireland” ar an 22ú lá de mí na Samhna 2026.
Following O’Leary and Pow’s reasoning (“The PBP would designate as ‘other’ in the Assembly, but because it favours a united Ireland, we code it as part of the nationalist bloc”), I also regard PBP as a nationalist party. In any case, PBP published a booklet “Towards a Socialist United Ireland” on November 22nd, 2026.
– – – – – – – – – % % % – – – – – – – – –
1: Aontroim Thoir / Antrim East:
Seans maith go mbainfidh Sinn Féin amach suíochán PaC, de thairbhe athrú teorann thoghcheantar. B’fhéidir go féadfaí suíochán a chailleadh ag an PAD don GAT.
Boundary changes may see a Sinn Féin gain from Alliance here. A second seat may flip party: from DUP to TUV.
______________________________________________
2: Aontroim Thuaidh / Antrim North:
Tá rátáil tóir Jon Burrows ard i measc na n-aontachtaithe. Seans go mbainfidh an PAU suíochán PaC, cé nár toghadh Burrows in 2022? Bhuaigh Jim Allister an suíochán Mhainistir Thiar in 2024: d’fhéadfadh nach bhfuil ró-mhór vóta PAD fágtha le fáscadh.
There may be a ‘Burrows bounce’ in the UUP leader’s home constituency, at the expense of Alliance. Given the TUV victory in 2024, there may not be too much DUP vote left to squeeze.
______________________________________________
3: Aontroim Theas / Antrim South:
Tá Linzi McLaren ag seasamh anseo ar son PSDLO. Is ‘Happy Lundy’ í Linzi, agus cúlra aontachtach agus póilíneach aici. Seans go gcaillfeadh PaC suíochán di?
Linzi McLaren, the SDLP “Happy Lundy” candidate from a unionist and PSNI background, may prove an attractive rival to Alliance. The DUP could lose their second seat to the TUV.
______________________________________________
4: Béal Feirste Thoir / Belfast East:
D’fhéadfadh bua ag GAT a bheith ar dhochar an PAD.
Possible TUV gain at the expense of DUP.
______________________________________________
5: Béal Feirste Thuaidh / Belfast North:
D’fhéadfadh gnóthaí a bheith ag PSDLO agus GAT ó PaC agus PAD, faoi seach.
Possible SDLP and TUV gains from Alliance and DUP, respectively.
______________________________________________
6: Béal Feirste Theas agus Lár an Dúin / Belfast South and Mid Down:
Tá bá na ndaoine go mór le Claire Hanna (féach ar thoradh Mhainistir Thiar in 2024). Tá cáil ard ar Mhatthew O’Toole mar Phríomh-Aicme an Fhreasúra. Mar sin, tá seans maith go gcaillfeadh PaC suíochán i bhfabhar an PSDLO.
Given both Claire Hanna’s enormous popularity (and huge Westminster 2024 vote) and Matthew O’Toole’s high-profile Stormont role as Leader of the Opposition, the SDLP may take an Alliance seat.
______________________________________________
7: Béal Feirste Thiar / Belfast West:
Cath garbh don suíochán deireanach idir Sinn Féin, PSB agus an PAD. Seans go gcaillfeadh Gerry Carroll (PSB) an suíochán de dheasca athrú teorann (i bhfabhar an PAD) agus borradh Droim Crích – Garbh Achaidh (i bhfabhar Shinn Féin).
The Drumcree-Garvaghy bounce may let Sinn Féin keep its four seats, with the rearranged constituency boundary likely favouring a DUP MLA at the expense of PBP’s Gerry Carroll.
______________________________________________
8: An Dún Thuaidh / Down North:
Is dócha go bhfaighidh an GAT suíochán anseo ón PAD (sean-shuíochán Alex Easton).
The TUV may take Alex Easton’s old seat (now held by the DUP).
______________________________________________
9: An Dún Theas / Down South:
D’fhéadfadh titim vóta an PaC cabhrú leis an PSDLO suíochán eile a bhuachan.
The Alliance vote drop could well see the SDLP win a second seat.
______________________________________________
10: Fear Manach agus Tír Eoghain Theas / Fermanagh and South Tyrone:
Athrú ar bith? Ní bheidh.
No MLA change envisaged.
______________________________________________
11: Feabhal / Foyle:
Tá an céatadán aontachtach teoiriciúla tar éis titim beagán de dheasca athrú teorann. Seans nach mbeidh suíochán aontachtach sa chathair bhallaithe, i bhfabhar PSB.
The notional unionist vote has shrunk slightly with the redrawn boundary, and that might be enough to cause the loss of the solitary unionist seat, to the benefit of PBP.
______________________________________________
12: Gleann an Lagáin / Lagan Valley:
Fíor-chath anseo. An PAD faoi bhrú anseo, ó GAT agus ó PAU. An bhfaighidh an PAU borradh de thairbhe Robbie Butler mar Aire Shláinte? Seans níos mó ag an GAT, sílim. Maidir leis an dara suíochán PaD: Sinn Féin nó an PSDLO? Seans níos mó, b’fhéidir, don PSDLO de thairbhe níos mó aistrithe ná SF as vótaí PaC in 2022.
This will be some battle. Alliance and DUP are under pressure here. Robbie Butler’s UUP Health Ministry might be enough to see the UUP gain a seat, but it may more likely go to the TUV. The second Alliance seat will be fought over by both the SDLP and Sinn Féin. I am plumping, only just, for the SDLP as they tend to do better with Alliance transfers.
______________________________________________
13: Doire Thoir / Londonderry East:
Is dócha go gcaillfear suíochán PAD i bhfabhar an GAT.
TUV gain likely from the DUP.
______________________________________________
14: Iúr Cinn Trá agus Ard Mhacha / Newry and Armagh:
Athrú ar bith? Ní bheidh.
No MLA change envisaged.
______________________________________________
15: Loch Cuan / Strangford:
Athrú teorann suntasach atá ann i Loch Cuan: scaifte maith vótálaí náisiúnaithe ó Leithinis Leath Cathail tagtha isteach. Tá an dara suíochán PaC i mbaol anseo. Seasfaidh gunna mór Shinn Féin, Chris Hazzard (FP, An Dún Theas), anseo in 2027. Ach tá vótálaithe PaC an-sásta le cinnireacht Claire Hanna. Maidir leis an cath sa chlann aontachtach, bá bheag nár bhuaigh an GAT suíochán anseo in 2022. Bainfidh siad suíochán amach an bhliain seo chugainn.
Another 6-way battle royale here. Sinn Féin is throwing everything at one of the Alliance seats, drafting in Chris Hazzard, the MP for the neighbouring South Down constituency. Expect to see and hear a lot of Mr. Hazzard over the coming months. Will his candidature be enough to sway disillusioned Alliance voters, already impressed by Claire Hanna? The TUV should take a DUP seat: they went really close in 2022.
______________________________________________
16: Tír Eoghain Thiar / Tyrone West:
Athrú ar bith? Ní bheidh.
No MLA change envisaged.
______________________________________________
17: Lár Uladh / Ulster Mid:
Athrú ar bith? Ní bheidh.
No MLA change envisaged.
______________________________________________
18: An Bhanna Uachtarach / Upper Bann:
Cath nimhneach a bheidh ann anseo, gan dabht. Fáscfar an lár go trom leis an dá bhloc threibheacha. Seans mór go gcaillfeadh Eoin Tennyson (Leas-Cheannaire an PaC) a shuíochán, agus go mbainfeadh Catherine Nelson amach suíochán a dó ar son SF. I ndiaidh cailleadh Carla Lockhart, beidh deacracht ann ag an PAD an dara suíochán a choimead. Rachadh sé go dtí an GAT muna mbeidh Carla Lockhart ag seasamh don Tionól.
There will be many kitchen sinks thrown at this bitter battle. The centre will be squeezed to the extent that Eóin Tennyson, Alliance’s Deputy Leader, is a likely casualty to Sinn Féin’s post-Drumcree bounce. Former SDLP MLA Dolores Kelly is running again, but is unlikely to resonate as strongly as Sinn Féin’s Catherine Nelson for the second nationalist seat. The DUP, shorn of its Upper Bann MP, will likely lose a seat. But to whom? There have been some murmurings that Carla Lockhart would prefer to be in the Assembly rather than constantly travelling to Westminster. So there may be a Lockhartian stopgap candidate, or she may stand herself. If not, the TUV will win the second DUP seat.
– – – – – – – – – % % % – – – – – – – – –
Suíochain Breise agus Suíocháin Goidte / Seat Bonuses and Penalties:
Moltar IC-AI as torthaí toghcháin a sholáthar atá réasúnta comhréireach. Is cinnte go bhfuil na torthaí níos comhréirí ná mar a bhíonn sa chóras ‘ghlacann-an-buaiteoir-gach-rud’ a úsáidtear i dtoghcháin Westminster. Is minic a bhíonn fadhbanna ag baint le IC-AI nuair a fhaigheann páirtithe nó iarrthóirí i dtoghcheantar níos lú ná 16.6% de na vótaí. Is gnách go mbíonn buntáiste suíochán ag na páirtithe is mó: bíonn céatadán na suíochán a bhaineann páirtí amach níos airde ná an céatadán vótaí a fhaigheann sé (mar shampla, ciallaíonn buntáiste suíochán 10% go bhfaightear 10% níos mó suíochán ná mar a thabharfadh sciar na vótaí le fios). {Ar an gcaoi chéanna, bíonn míbhuntáiste suíochán i gceist nuair a bhíonn líon na suíochán níos ísle ná mar a thabharfadh céatadán vótaí an pháirtí le fios.} Tá stair na polaitíochta aontachtaí lán de pháirtithe beaga a tháinig chun cinn agus a d’imigh arís den chuid is mó: PARA, PATÉ, CAU, PAT, PUD, PAUA, TÉ21, agus GAT. Níor éirigh leis an gcuid is mó dá gcuid vótaí a gcuid iarrthóirí féin a thoghadh. Bhain an PAD agus an PAU leas as na haistrithe vótaí sin, rud a d’fhág gur minic a bhí buntáiste suíochán acu. Ó 1998 i leith, ní raibh an oiread céanna scoilteadh i measc vótaí na náisiúnaithe; dá bhrí sin, is gnách go mbíonn na buntáistí nó na míbhuntáistí suíochán atá ag an PSDLO agus ag Sinn Féin níos lú ná a mbíonn i gceist ag an PAD agus an PAU.
PR-STV is rightly lauded for giving reasonably proportional election results. Certainly more proportional results than the winner-takes-all system used in Westminster elections. PR-STV falls down typically where parties / candidates in a constituency get less than one-sixth of the vote. The top parties tend to get a seat bonus: the percentage of seats won by a party is greater than that party’s vote percentage (for example, a seat bonus of 10% means 9 more seats than the vote share suggests). {Similarly, a seat penalty occurs when the number of seats is less than the party percentage suggests.} Unionist politics is littered with small parties that have come and mostly gone: UKUP, NIUP, UUC, PUP, UDP, UUUP, NI21, TUV. Much of their vote did not elect their own candidates. The DUP and UUP benefited from their transfers, usually getting a seat bonus. The same degree of nationalist vote fragmentation hasn’t happened since 1998, so both the SDLP’s and Sinn Féin’s seat bonuses/penalties tend to be smaller.
Seo na cúig bhónas suíochán is mó ó 1998:
Since 1998, the top five seat bonuses have been:
- +6.5% DUP 2022A [+6 shuíochán / seats];
- +6.0% DUP 2016A [+6 shuíochán / seats];
- +5.4% Alliance 2022A [+5 shuíochán / seats];
- +5.2% DUP 2011A [+6 shuíochán / seats];
- +4.6% UUP 1998A [+5 shuíochán / seats].
(Dá mbeadh bónas shuíochan 10% ag páirtí idir 1998 go 2016, bheadh 11 suíochán breise buaite acu (10% de 108 suíochán). Ó ísliú an Tionól, 10% de 90 suíochán ná 9 suíochán.)
(A 10% seat bonus between 1998 and 2016 (108 seats) is 11 seats. A 10% seat bonus 2017-2027 (90 seats) is 9 seats.)
Seo na cúig easnamh suíochán is mó ó 1998:
The top five seat penalties have been:
- -6.5% TUV 2022A [-6 shuíochán / seats];
- -2.5% TUV 2016A [-3 shuíochán / seats];
- -1.8% TUV 2017A [-2 shuíochán / seats];
- -1.6% TUV 2011A [-2 shuíochán / seats];
- -1.5% TUV 2017A [-1 seat (suíochán amháin)].
Is léir dúinn cé chomh neamhréireach is a bhí dáileadh na suíochán in 2022 don PAD, don PaC agus don GAT. Bhí an PAD i bhfad chun tosaigh ar an GAT, mar sin fuair siad bónas suíochán mar gur aistríodh den chuid is mó iarrthóirí an GAT a cuireadh as an áireamh – beagnach cuóta – chuig iarrthóir an PAD. Bhí PaC chun tosaigh ar an PSDLO i go leor cásanna, mar sin ghlac siad ceithre shuíochán ón bPSDLO. D’fhéadfadh feachtasaíocht chliste ón SDLP, dírithe ar vótálaithe PaC agus an Chomhaontais Ghlais atá neodrach ó thaobh aontachta de, iad a chur ina luí go dtugann plean athaontaithe SDLP-FF-FG todhchaí eacnamaíoch agus frith-sheicteachais níos fearr ná PaC.
We can see how disproportionate the seat distribution was in 2022 for the DUP, Alliance and TUV. The DUP was well ahead of the TUV, so they got a seat bonus as the eliminated TUV candidates – close to a quota – transferred mostly to the DUP candidate. Alliance was ahead of the SDLP in many cases, so they took four SDLP seats. Shrewd campaigning by the SDLP, targeted at Alliance and Green voters, could see unity-agnostics come to believe that an SDLP-FF-FG reunification plan offers a better economic and anti-sectarian future than Alliance.
Má sheasann na céatadáin páirtí ó LucidTalk an fód in 2027, ní bheidh PaC ná an dara iarrthóir an PAD chun tosaigh ar an PSDLO ná ar an GAT, faoi seach. Dá bhrí sin, titfidh na bónais suíochán sin ó 2022 as a chéile, díreach mar a thitfeadh túr i gcluiche Jenga. Má éiríonn leis an PSDLO agus leis an GAT dul chun tosaigh go mór ar PaC agus ar PAD, faoi seach, is dócha go dtiocfaidh laghdú ar líon na suíochán a gheobhaidh an dá pháirtí sin.
If the LucidTalk party percentages hold up in 2027, Alliance and the DUP’s second candidate will not be ahead, respectively, of the SDLP and TUV. So those 2022 seat bonuses will collapse Jenga-like. If the SDLP and TUV pull significantly ahead of Alliance and DUP, respectively, the latter two parties will likely receive a seat penalty.
– – – – – – – – – % % % – – – – – – – – –
Achoimre / Summary:
Má thiteann PaC chun deiridh ar an PSDLO agus ar an PAU araon – mar a mholann Lucidtalk – is dócha go gcaillfidh siad suíocháin ar bhealach a chuirfidh deireadh leis an mbuntáiste a fuair siad in 2022, agus níos mó ná sin fiú. Agus baineann an rud céanna leis an PAD, má bhíonn an dara hiarrthóir ón bpáirtí sin chun deiridh ar an GAT.
If, as Lucidtalk suggests, Alliance fall behind both SDLP and UUP, they are likely to suffer a seat drop that will wipe out the 2022 seat bonus, and then some. And likewise for the DUP, if the second DUP candidate is behind the TUV.
Cuir leis seo an treocht i measc lucht tacaíochta Alliance i dtreo thacaíocht don athaontú, agus feicimid go mbaineann an SDLP tairbhe as an scéal seo atá díréireach. Dá bhfaigheadh an SDLP sé shuíochán breise bunaithe ar an 11% a léiríonn pobalbhreith LucidTalk, bheadh toradh den scoth i gceist dóibh (bónas suíochán de 4.6%). Sula gcuirfeá an fhéidearthacht seo ó mhaith go héadrom, cuimhnigh go raibh bónais suíochán de 6.5% agus 5.4% ag an DUP agus ag Alliance, faoi seach, in olltoghchán 2022.
Add to this the increasing reunificationisation of Alliance support, and we see that the SDLP benefits disproportionally. If the SDLP gained six seats on LucidTalk’s 11%, that would be an excellent result for them (a 4.6% seat bonus). Before you poo-poo this possibility, recall that the DUP’s and Alliance’s 2022 seat bonuses were 6.5% and 5.4%, respectively.
Bheadh díomá ag PAU de dheasca an toradh seo. Níl siad ag tógáil an méid vótaí as PaC agus as PAD ná más mian leo.
The UUP would be disappointed with such a result. They don’t seem to be eating into both Alliance’s and the DUP’s vote as much as they would wish.
Is dócha go gcuirfidh an teannas ag Drumcree-Garvaghy – chomh maith leis an gcosc atá curtha ag an PAD ar rannpháirtíocht an Leas-Chéad Aire, Little-Pengelly, in imeachtaí comhpháirteacha leis an gCéad Aire O’Neill – le líon na náisiúnaithe a théann chun vótála, á thabhairt ar ais go dtí na leibhéil a chonacthas le linn an toghcháin ‘crogall’ in 2017. An méadóidh an achrann géar laistigh den champa aontachtach líon na n-aontachtaithe a théann chun vótála? Is dócha nach mbeidh an tionchar sin chomh mór céanna leis an méadú ar líon na náisiúnaithe a vótálfaidh.
The Drumcree-Garvaghy stand-off, and the DUP blocking the participation of the Deputy First Minster Little-Pengelly in joint engagements with First Minister O’Neill, are likely to drive nationalist turnout back up to the levels of the ‘crocodile’ election of 2017. Will bitter intra-unionist squabbling increase unionist turnout? Probably less so than the increased nationalist turnout.
Go stairiúil, bhí aistrithe vótaí ó náisiúnaithe an Alliance i bhfabhar an SDLP i bhfad níos mó ná mar a bhí i bhfabhar Sinn Féin (toghcháin áitiúla 2023: “66.6% of unadjusted transfers (simply adding up excluded and surplus transfers) to nationalist candidates went to the SDLP, with 17.2% to Sinn Féin, 4.3% to PBP, 2.1% to Aontú and 9.8% to other nationalist candidates (p.122).“)
Alliance nationalist transfers have historically heavily favoured the SDLP over Sinn Féin (2023L: “66.6% of unadjusted transfers (simply adding up excluded and surplus transfers) to nationalist candidates went to the SDLP, with 17.2% to Sinn Féin, 4.3% to PBP, 2.1% to Aontú and 9.8% to other nationalist candidates (p.122).“)
Is cosúil go mbeidh dhá chath i gceist in 2027, go bunúsach: (i) laistigh den aontachtachas, agus (ii) idir an PSDLO agus PAD. Is dócha go gcuirfear an méadú beag ar líon na suíochán ag an mbloc aontachtach faoi scáth an méadú níos mó a bheidh ag an mbloc náisiúnach; is é PaC a chaillfidh amach sa dá chás.
2027 is shaping up as two battles, essentially: (i) within unionism, and (ii) between the SDLP and Alliance. The slight seat increase for the unionist bloc will likely be swamped by the bigger seat increase for the nationalist bloc, Alliance being the loser in both cases.
De réir mo chuid figiúirí, níltear ag súil le haon ghnóthachain ná caillteanais iomlána idir an bloc aontachtach agus an bloc náisiúnach (d’fhéadfadh suíochán amháin a bheith buaite ag gach ceann acu ar chostas an chinn eile i mBéal Feirste Thiar agus i bhFeabhal). Áfach, tá an chuma ar an scéal go mbuafaidh an bloc náisiúnach ocht suíochán ar dhochar an pháirtí Alliance, agus nach mbuafaidh an bloc aontachtach ach suíochán amháin ar dhochar Alliance chomh maith.
My figures estimate no overall gains or losses between the unionist and nationalist blocs (each may win one seat at the expense of the other in Belfast West and Foyle). However the nationalist bloc looks likely to win eight seats at the expense of Alliance, while the unionist bloc wins only one at Alliance’s expense.
Dhá chaveat:
(i) I bpobalbhreith LucidTalk ó mhí Aibreáin 2022, bhí Sinn Féin 3% faoi bhun a sciar iarbhír den vóta. Maidir leis na páirtithe eile: PAD (2% faoi bhun), PSDLO (2% os cionn), PAU (2% os cionn), GAT (1% os cionn), agus PaC (2% os cionn). De réir mar a théann feachtas an toghcháin i dtreise, is dócha go dtiocfaidh neartú ar sciar an PAD agus Sinn Féin den vóta, ar chostas na bpáirtithe eile. Os a choinne sin, d’fhéadfadh laghdú breise teacht ar sciar PaC den vóta mar thoradh ar an gcineál seo comhdhlúthaithe vótaí ar bhonn treibhe.
(ii) Má thagann méadú arís ar an difríocht i rátaí vótála i dtoghcheantair ina bhfuil tromlach náisiúnach, d’fhéadfadh borradh teacht faoin mbloc náisiúnach.
Two caveats:
(i) LucidTalk’s April 2022 poll had Sinn Féin 3% behind its actual vote share. For the other parties: DUP (2% behind), SDLP (2% ahead), UUP (2% ahead), TUV (1% ahead), and Alliance (2% ahead). As the election campaign intensifies, the DUP and Sinn Féin vote share will probably consolidate at the expense of the other parties. By contrast, such tribal vote tightening could see a further drop in Alliance’s vote share.
(ii) A return to higher differential turnout in nationalist-predominant constituencies could see a nationalist bloc bounce.
– – – – – – – – – % % % – – – – – – – – –
Impleachtaí Shuíomh Féideartha / Scenario Repercussions:
Aontachtach a mbeidh an Leas-Chéad Aire. Ach ní bheidh tromlach na Comhaltaí den Tionól Reachtach (CTR) aontachtacha ag aon pháirtí amháin. Bheadh Leas-Chéad Aire ón PAD i mbaol a bheith faoi réir spocadh ón GAT. An bhféadfaí Feidhmeannas a bhunú? Cé chomh fada a mhairfeadh sé?
The Deputy First Minister will be unionist. But no party would have the majority of unionist MLAs. A DUP Deputy First Minister would be vulnerable to persistent TUV taunting. Could an Executive be formed? How long would it last?
Dá n-éireodh leis an mbloc náisiúnach 44 CTA a bhaint amach, bheadh sé sin an-ghar do thromlach (46). Bheadh toradh den sórt sin ina chreathadh talún, agus bheadh a iarmhairtí le mothú ar fud an oileáin ar fad. Bheadh brú ollmhór ann chun rún a thabhairt os comhair an Tionóil maidir le reifreann teorann. D’fhéadfadh roinnt CTAí ón bpáirtí PaC vóta a chaitheamh i bhfabhar vóta ar theorainn i rún den sórt sin. Má bhíonn pleananna Bhaile Átha Cliath don athaontú fós ag céim luath, d’fhéadfadh páirtithe aontachtacha a thuiscint go bhfuil seans ann go mbeadh toradh i bhfabhar fanacht sa RA i vóta den sórt sin. Cad a dhéanfadh an Rúnaí Stáit?
Were the nationalist bloc to secure 44 MLAs, that is extremely close to a majority (46). That would be a seismic result, whose aftershocks would rumble through the entire island. The pressure for a border poll Assembly motion would be immense. Some Alliance MLAs might vote in favour of a border poll in such a motion. Should Dublin’s reunification plans be still at an immature stage, unionist parties might scent the possibility of a pro-Union border poll result. What would the Secretary of State do?
Dá bhfógrófaí an critéar (nó na critéir) le haghaidh reifreann teorann anois, laghdódh sé an círéib searbh iar-thoghcháin. Seachas sin, tá an baol ann go gcuirfeadh an Rúnaí Stáit cuid shuntasach den toghlach ina choinne féin, má bhíonn an chuma ar an scéal go bhfuil sé ag ceapadh critéar ar an toirt gan ullmhúchán cuí. Tá a fhios ag rialtas an Deiscirt faoi seo.
Announcing the border poll criterion/criteria now might just prevent bitter post-election chaos that would serve nobody well. Otherwise, the SoS risks alienating a sizeable section of the electorate if he’s perceived to be making up criteria on-the-hoof. Dublin knows this.
Samhlaigh go ndéanfadh FF-FG gach iarracht sna sé mhí atá romhainn roimh an toghchán: iarracht go leor chun líon suntasach CTAí de chuid PaC a chur ina luí gur fís mhaith a bheadh acu maidir le hathaontú. D’fhéadfaí rún reifreann teorann a fheiceáil á rith sa Tionól. Ní bheadh sé indéanta don Rúnaí Stáit neamhaird a dhéanamh air seo.
Let’s imagine FF-FG pull out all the stops in the next six months, enough to convince a sizeable number of Alliance MLAs that their reunification vision was a decent one. One could see a border-poll resolution being passed in the Assembly. This would be impossible for the Secretary of State to ignore.
Má thiteann bónas suíochán an PAD as a chéile, is dócha nach mbeidh beirt CTA acu in aon toghcheantar. Fágann sin go bhfuil sé deacair na ceithre shuíochán i Mainistir Thiar a choinneáil in 2029. Conas a aontaíonn trí pháirtí aontachtacha – atá ag teacht salach ar a chéile – le iarrthóirí aontachta i gcúinsí den sórt sin?
If the DUP’s seat bonus collapses, they will likely not have two MLAs in any constituency. That makes holding all four Westminster seats difficult in 2029. How do three fractious evenly-sized unionist parties agree unity candidates in such circumstances?
Cén brí atá le PaC más maith le vótálaithe an pháirtí ceannaire páirtí eile seachas a gceannaire féin? D’fhéadfaí a shamhlú go n-éireodh Naomi Long as a post mar cheannaire dá dtiocfadh na torthaí seo i gcrích. Cé a bheadh ina gcéad cheannaire eile dá gcaillfeadh Eoin Tennyson a shuíochán an bhliain seo chugainn? Is dócha go gcaillfeadh Sorcha Eastwood a suíochán dá mbeadh iarrthóir aontachtach aontaithe ina coinne in 2029. Cén fhís spreagúil a d’fhéadfadh PaC a chur i láthair vótálaithe an Tuaiscirt, i bhfianaise an fheidhmithe mhíchothroim a bhí acu san Fheidhmeannas?
What is the point of Alliance if its voters prefer the leader of another party to its own leader? One could imagine Naomi Long stepping down as leader should these results come to pass. Who would be their next leader if Eóin Tennyson loses his seat next year? Sorcha Eastwood is likely to lose her seat if a unionist unity candidate stands against her in 2029. What inspiring vision can Alliance offer to Northern voters, given their halting Executive performance?
Más fada an tréimhse seachtain sa pholaitíocht, d’fhéadfadh sé mhí a bheith cosúil le ré gheolaíoch. Ach tá bliain spéisiúil pholaitiúil i ndán dúinn gan dabht. Sceitimíní ar na séifeolaithe! Ach ná bí ró-dhian orm i mí na Bealtaine má théann cuid mhór de na tuartha seo ina luaithreach.
If a week is a long time in politics, six months could be akin to a geological era. Yet an interesting year of politics surely awaits. Just don’t be too hard on me in May if many of these predictions turn to dust.
(Google Translate was used for some passages, but was not imported without being checked.)
Philip McGuinness taught at Dundalk Institute of Technology, plays mandolin with the Oriel Traditional Orchestra and loves to walk around and over the wee perfect hills of the Ring Of Gullion.
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts sent to your email.
