Aiste Liospóin (24): Níl, mar tá neamhspleachas mar oidhreacht duinne…

Vótáil Concubhar i gcoinne an Chonartha an uair dheireanach, agus ní bheith sé ag athrú a vóta an uair seo.. Tá dhá cheist difriúil ann dar leis: fearg leis an Rialtas, agus na rudaí a mbaineann go díreach leis an Chonradh féin. Níl an cheist faoi rogha idir an fhoireann seo nó an ceann eile; ach is rogha polaitiúil (agus, níos tábhachtaí, bunreachtúil) é. Faoi dheireadh, tarraingíonn an dara reifreann seo ar Chonradh Liospn, tar ?is breith chomh cinnte an uair dheireannach, míchlú ar an ndaonláthas.

Le Concubhar O’Liathain

Táim go fll ag su? ar an gclaí maidir le Conradh Liospn. V?táil mé i gcoinne an Chonartha an uair dheireannach agus is dócha go bhfuil mé claonta sa treo sin an uair seo – ní fheictear dom go bhfuil aon údar agam m’aigne a athrú.

De réir dealraimh bhí an Taoiseach i gCill Airne le déanaí ag lorg votaí ar son an chonartha – ach ba bheag fograíocht a deineadh faoin chuairt ar eagla go meallfadh sé níos mó ná tacadóirí Fhianna Fáil.

Ar ndóigh is dhá cheist difriúil iad an fhearg atá ar an bpobal leis an Rialtas agus an suim atá againn i gConradh Liospóin.

Níl an difríocht chomh soiléir nuair a fheiceann tú ar phostaer FF (a chonaic mé ar an bpriomh bhóthar go Corcaigh) a fhograíonn: “We are stronger with Europe”. An fadhb atá agamsa leis an bpostaer seo nach bhfuil a fhios agam an bhfuil an ‘We’ sin ag tagairt do Fhianna Fáil nó don tír ina iomláine? Is minic é curtha in iúl ag ionadaithe an pháirti sin gurb ionann leas Fhianna Fáil agus leas na hÉireann agus leas na hÉireann agus leas Fhianna Fáil.

An oiread is nach dtéann na mannaí folmha sin ó na mór phairtithe i bhfeidhm orm, ní théann an maíomh ó lucht ‘Níl’ I bhfeidhm orm ach an oiread. Maíonn siad gur ionann tacú le Conradh Liospn anois agus streachailt na ngl?inte ag leithéidí Wolfe Tone, Robert Emmet agus Pádraig Mac Piarais ar son ‘the right of the people of Ireland to the ownership of Ireland and to the unfettered control of Irish destinies’ a chur ar ceal.

Nuair a chuimhníonn tú gur sin an seasamh ag Sinn Féin agus an UK Independence Party, uber náisiúnaithe na Breataine, araon, ní chuirfí locht ort as ucht bheith faoi mearbhall.

Tá an soiniceas i réim anois in Éirinn agus tá amhras ann faoi gach rud a deir gach duine. Nior gheill mé go dtí seo ach anois táim ag geilleadh.

Creidim gurb é an t-aon chúis go bhfuil polaiteoirí agus feidhmeannaigh araon ar son an chonartha seo mar go dtugann sé níos mó cumhachta dóibh. Maith go leor dá mbeadh bannaí ann go mbeadh an cumhacht sin á úsáid ar leas an Aontais agus an ghnath phobal san Aontas, sinne a íocann as ticéad na maorláthach is na bpolaiteoirí ar an ‘gravy train’. An t-aon dream a bhfaighidh buntáiste as seo ná na maorláthaigh is na polaiteoirí céanna. I bhfocail Bertie Ahern (geall leis), the gravy train just got gravier.

Ach ní h-é sin mar a thiteann amach ar chorr ar bith – is amhlaidh gurb é leas na bpolaiteoirí agus na bhfeidhmeannach an chéad chloch ar an bpaidrín ag na polaiteoirí agus ag na feidhmeannaigh agus má tharlaíonn sé go mbionn leas eigean ann don ghnath phobal, ó am go chéile, nach leor sin chun ár ngearáin a chur ina dtost.

Níl lucht ‘Níl’ aon phioc níos fearr. Tá amhras orm go bhfuil leithéidí SF in éadan Chonradh Liospóin de bharr go gcreideann siad go gcothóidh sin íomhá i measc an phobail gurb iad an ‘fíor freasúra’. Ach mar a fuarthas amach ó thuaidh, nuair a fuair siad suiocháin timpeall bhord an Fheidhmeannais dá dtónacha, shuigh siad ar na suíocháin sin agus ba bheag a d’athraigh siad chun leas an phobail.

Níl mo sheasamh in éadan Chonradh Liospóin bunaithe ar fhiricí nó staitisticí nó argnt loighici?íil. Is aisfhreagra é seo a thagann ó mo phutóga. Tá mé in amhras faoi. Sin é.

Is léir go bhfuil amhras ar na bpolaiteoirí faoi nó níl siad ag iarrraidh casadh liom agus mo vóta a lorg mar a dheineann siad nuair a bhionn votaí á lorg acu ar a son féin trath toghcháin.

Níor nocht polaiteoir ó phairtí ar bith i mo cheantar ag lorg vóta ‘T n? ‘Nil’. Labhrann siad liom le postaeirí agus suíomhanna idirlín.

Níl sé sin maith go leor.

Níl sé maith go leor ach an oiread go bhfuil ar votairí na hÉireann an ualach seo a iompar inár n-aonar de bhrí gur fúinne atá sé ‘T n? ‘Níl’ a bheartú. Fiú is gur votáil an Isiltír agus an Fhrainnc in éadan an Chonartha, chuir rialtais sa dhá thír cluain ar an bpobal agus sheiftigh siad ionas nach mbeadh guth an phobail le cur san áireamh. Tá an dhá rialtas sa dhá thír sin tar éis Conradh Liospóin a dhearbhú in ainneoin guth an phobail.

Tá rud éigean bunusach micheart le sin. Cuireann sé drochchlú ar an ndaonláthas.

Mar sin táim buioch don eacnamaí cantalach, Raymond Crotty, laoch i bhfirinne, a chur iachaill ar an Rialtas le dúshlán dlithiúil ceisteanna mar seo a chur os comhair an phobail. Tá Ray Crotty anois ar shlí na fírinne ach tá an t-adh linn go bhfagann sé neamhspleachas linn mar oidhreacht.

Mar chomhartha omóis do, mar chomhartha agóide in éadan paisinéirí is tiománaithe an ‘Gravy Train’ agus mar fainic do na glúinte atá le teacht, táim ag teacht anuas den gclaí chun votáil ‘Níl’.

, , , , , ,