Aiste Liospóin (15): Ag líonadh na bearnaí daonlathais…

Creideann Aonghus Ó hAlmhain go mbeidh torthaí fónta ar Chonradh Liospóin, torthaí a chuireann le gné daonláthach an Aontais agus, anuas ar sin, cuireann siad lena éifeacht. Maíonn sé nach mbeidh ról nua an Uachtaráin ar an gComhairle Eorpach nios mó ná ról chathaoirligh nó ról mholtóra. Dar leis go dtugann staitistic amháin léargas ar an ghné sin – agus is mór idir é agus na postaeiri atá crochta ar chuaillí Bhaile Átha Cliath. Is é sin go mbeidh suíochán amháin [i bPairlimint na hEorpa} ar son gach 358,000 in Éirinn. Sa Ghearmáin, deineann feisire sa Phairlimint Eorpach ionadacht ar gach 854,000. An cúis go mbeidh mé ag caitheamh vóta i bhfabhar Conradh Liospóin – arís!

Is as luaithreach na hEorpa tar éis an Dara Cogadh Domhanda a d’éirigh an tAontas Eorpach. Tháinig daoine misniúla le chéile ó na tíortha a bhíodh go minic in adharca a chéile leis na céadta bliain roimhe sin, agus bhunaigh comhaontas. An Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach ar dtúis, mar gurbh iad Gual agus Cruach féitheoga an chogaidh. D’fhás agus d’fhorbair an Aontas, ag bronnadh tréimhse gan réamhshampla síochána agus rathúnais ar a baill.

Ó shin i leith tá ceisteanna eile tagtha chun cinn atá lán chomh tábhachtach le cogadh idir Stáit a sheachaint, agus lán chomh dúshlánach. Tá oll comhlachtaí ann a bhfuil buiséid agus cumhacht acu thar mar atá ag móráin stáit. Tá gá ann le údaráis poiblí teacht le chéile chun dul i ngleic leis an dúshlán sin. Tá coirpigh ag baint feidhm éifeachtach as an domhandú chomh maith – arís, ní mór do rialtais oibriú le chéile chomh héifeachtach céanna.

Tá dúshláin ann san réimse fuinnimh agus comhshaoil nach dtig linn dul i ngleic leo linn féin mar mhion stát. Tá an tAontas níos tábhachtaí ná riamh.

Ach anois, tá 27 Stáit sa Chumann comh-chabhrach seo. Tá an rialacha an cluiche casta, agus b’éigean leabhar nua rialacha dréachtú, chun go mbeadh obair an Aontais níos éifeachtaí. Agus is é sin, go bunúsach, atá i gConradh Liospóin – cé go bhfuil sé rud beag níos casta ná sin. Is éard atá i Conradh Liospóin ná liosta leasaithe atá le déanamh ar na Conarthaí. Tá leagan Comhdhlúite le fáil ar shuíomh an Aontas Eorpaigh – anseo.

Tá an obair seo ag dul ar aghaidh ó 2000, agus is obair chasta í. Ní bheidh aoinne i gcónaí go hiomlán sásta nuair is comhghéilleadh agus margadh idir 27 comhpháirtí atá i gceist. Agus sa chás seo is 27 stát le stair fada i ngach aon Stát, le riachtanais ar léith ag gach aon Stáit, le cúinsí áitiúla le cur san áireamh ag gach aon Stáit…

Feictear domsa, áfach, go bhfuil torthaí fónta san Conradh seo, torthaí a chuireann le gné daonlathach an Aontais, ach a chuireann freisin lena éifeacht. Don gcéad uair, beidh ról cinnte do Parlaimintí Náisiúnta i gcinntí dlí an aontais. Beidh deis ag Parlaimintí beartas dlí a scrúdú, leasaithe a iarraidh, nó diúltú dóibh. Beidh sé ar chumas Parlaimint á éileamh go mbeadh vóta d’aon ghuth ar son moladh a bheadh inghlactha le vótáil tromlach cáilithe seachas sin.

Leathnófar cumhacht an Pharlaimint Eorpach – Parlaimint ina bhfuil ionadaíocht thar mar atá ag dul dúinn ó thaobh daonra againn ann, toisc go bhfuil sé ceaptha cumhacht breise a thabhairt do thíortha beaga. De thoradh a daonra 4.3 milliún duine, beidh 12 chomhalta ag Éirinn i bParlaimint na hEorpa agus beidh an Ghearmáin ina bhfuil daonra 82 mhilliún i dteideal 96 chomhalta sa Pharlaimint (fágann sé sin go bhfuil suíochán amháin ann i gcomhair tuairim is 358,000 duine in Éirinn agus suíochán amháin i gcomhair timpeall 854,000 duine sa Ghearmáin).

Beidh Uachtarán ar an gComhairle Eorpach – ról ar chirte cathaoirleach a thabhairt air. Faoi láthair, bíonn ceannaire Rialtais gach ball stáit san ról seo ar feadh sé mhí. Ach sách minic, cuirtear moill ar obair an Aontais de bharr an té sin a bheith gafa le ceisteanna polaitíochta sa bhaile – toghcháin nó géarchéim rialtais san áireamh. As seo amach, toghfaidh an PE Uachtarán (mar a thoghann siad an Choimisiún faoi láthair) a fhéachfaidh chuige go mbeidh dlús agus leanúnachas le obair an Chomhairle Eorpach – Rialtas an AE comhdhéanta de ceannairí Rialtais na mBallstát.

Céim chun cinn atá san gConradh seo, céim i dtreo an sprioc uasail atá leagtha síos:

Airteagal 2
Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit naluachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.
Airteagal 3
1. Is é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn.

Mar sin, Tá a chloisfear uaimse – arís!


Discover more from Slugger O'Toole

Subscribe to get the latest posts to your email.

We are reader supported. Donate to keep Slugger lit!

For over 20 years, Slugger has been an independent place for debate and new ideas. We have published over 40,000 posts and over one and a half million comments on the site. Each month we have over 70,000 readers. All this we have accomplished with only volunteers we have never had any paid staff.

Slugger does not receive any funding, and we respect our readers, so we will never run intrusive ads or sponsored posts. Instead, we are reader-supported. Help us keep Slugger independent by becoming a friend of Slugger. While we run a tight ship and no one gets paid to write, we need money to help us cover our costs.

If you like what we do, we are asking you to consider giving a monthly donation of any amount, or you can give a one-off donation. Any amount is appreciated.