Dar le Anton McCabe (Antón Mac Cába) agus é ag scríobh sa Sunday Business Post tá cúig dhream istigh i comórtas Fhoras na Gaeilge faoi choinne nuachtán nua Gaeilge. Conradh ceithre bliana atá i gceist. Is iad na dreamanna atá sa comórtas ná ‘Iar-fhoireann Fhoinse’ i gConamara, Nuacht 24 atá bunaithe i mBéal Feirste, Bard na nGleann as Muscraí, Independent Free Newspapers Group i nGaillimh agus EoTeilifís / Connacht Tribune, arís bunaithe i gConamara.
Táthar i mbéal na nGael go coitianta go mbeadh ‘Iar-fhoireann Fhoinse’ agus Nuacht 24 chun tosaigh go mór ar na cinn eile, déarfainn féin gur comórtas géar a bheas ann amach is amach agus nach bhfuil a dháth cinnte. Is cinnte liom de seo áfach, creidim go mbeidh nuachtán fíormhaith ar fáil amach anseo.
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts sent to your email.
