Rinne an sárchraoltóir Gaeilge, Rónán Mac Aodha Bhuí ráiteas láidre ar son na Gaeilge as oscailt Fhéile Chnoc Fola cupla seachtaine ó shin, bhí an scéal ag Nuacht 24.
Is fada ó chuala mé óráid mar is ceart óir ní ardfheiseanna amháin atá leamh i saol na linne seo dar liom ach spreag an ráiteas seo mé go mór, cé gur chuir sé díoma orm ag an am ceanna gur mhothaigh sé go raibh air a dhéanamh. Ní leor an chaint ar ndóigh, na habair é – déan é mar a deir an gníomhaire Gaeilge is eifeachtaí sa tír, ach is maith mar chaint é mar sin fhéin.
Is é gníomh áfach atá de dhíth i nGaoth Dobhair anois macasamhail gach uile áit eile ach tabhair spleachadh ar an óráid …
… ach sé an rud is mó a chaithfeas muid greim a choineáilt air, ná an tseoid is luachmhaire atá againn mar chine, mar phobal, sé sin ár dteangaidh féin, teangaidh a mhair sa cheantar seo, gan stad gan staonadh leis na mílte bliain. Pobal daoine nár umhlaigh ariamh roimh Ghall, nár lig do na Sasanaigh lámh an uachtar a fháil orthu ariamh, nuair a bhí ár dteangaidh agus ár nGaelachas buailte amach as cuid mhaith den tir.
Dream bródúil, Gaeil Mhaithe, Éireannaigh maithe.
Dfhan muintir Chnoc Fola, Bhun a Leaca, Bhun an Inbhir, Mhín a Chladaigh, An Ghlaisigh, An Charraic, muintir an cheantair seo uilig dílis dá dteanga adúirt sé agus tá an chuid is mó de na daoine dílis go fóill.
Lean Mac Aodha Bhuí ar aghaidh :Ach ts againn uilig go bhfuil an Ghaeilge buailte go holc le deich mbliana anuas sna ceantracha Gaeltachta is l?idre sna trí paróistí anseo.
Tá níos mó agus níos mó daoine ag tógáil a gcuid páistí le Béarla, rud a fhágann nach mbeidh an Ghaeilge beo sa cheantar seo i bhfad eile, muna ndéanann muid rud inteacht fá dtaobh dó. Beatha teanga í á labhairt.
Throid daoine as an cheantar seo, agus as achan áit sa tír, in éadan na Sasanaigh a bhí ag iarraidh Sasanaigh beaga a dhéanamh as na hÉireannaigh. Fuair cuid mhór Éireannaigh maithe, Gaeil mhaithe, bás ar son ár dtíre agus á dteangaidh leis na céadta bliain.
Thug siad drochbhail orainn, ar ár sinsear.
Níor eirigh leis na Sasanaigh muid a chloí, muid a bhualadh, níor éirigh leo ár dteangaidh agus ár gcultur a bhaint dínn, ach anois, ar an drochuair, tá muintir sagainn féin ag tréigint na Gaeilge le tamall de bhlianta anuas.
Labhair mé aroimhe fán dóigh ar mhair na hoícheantaí airneála, agus an seansaol anseo, ó ghlúin go glúin, leis na cianta, agus mhair an teangaidh ar an dóigh chéanna. Ó Ghlúin go glúin, agus ó bhéal go béal.
Muna dtugann muid an teangaidh ar aghaidh chuig an chéad glúin eile, beimid buailte, beidh deireadh linn mar phobal Gaeltachta, mar phobal atá bródúil mar Éireannaigh agus mar Ghaeil.
Tír gan teangaidh, tír gan anam….Fad is a mhaireann pobal a labhrann teangaidh na tíre, maireann anam na tíre.
Má ligeann muid don Ghaeilge bás a fháil, táimid ag ligint danam na tíre bás a fháil.
Bheireann achan uile shuirbhé, agus achan phíosa taighde a rinneadh le blianta, le fios, go bhfuil cumas acadúil, agus cumas foghlamtha na bpáistí a thógtar agus a fhaigheann a gcuid scolaíochta i nGaeilge, níos airde ná cumas na bpáisti a thógtar le teangaidh amháin, sé sin Béarla.
An páiste atá tógtha le Gaeilge, beidh Gaeilge ar dóigh, agus Béarla ar dóigh ag an pháiste sin, agus beidh sé i bhfad nios fusa ag an pháiste sin teangacha eile a fhoghlaim, agus ábhair scoile eile a fhoghlaim.
Nuair atá duine breá socúlach lena fhéiniúlacht féin, tá an duine sin níos foscailte dachan chultúr eile ar Domhan.
Nuair atá aithne mar is ceart agat ort féin, cuirfidh tú aithne níos fearr ar achan duine eile.
Beidh an páiste atá tógtha le Gaeilge, bródúil, cliste, cumasach, agus misniúil.
Sé mo ghuí go bhfanfaidh pobal na háite seo, agus pobal na Gaeltachta uilig, dílis dá nGaelachas, dá nÉireannachas, go dtógfaimid ár gclann, agus go dtógfar clann ár gclainne lena dteangaidh fein, agus go mairfidh na Gaeil go deo.
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts sent to your email.