“Agus tá dearmad déanta aici air…”

ComhairleoirClive McFarland in agallamh le hAnton Mac Cába i BhFoinse cupla seachtain o shin agus é ag déileáil le ceist an teangan…Le hAnton Mac Cába

(first published Foinse 28 February 2009)

Ní bheidh an DUP sásta glacadh le hAcht Gaeilge, dar leis an oifigeach pholásaí a dhréachtaigh aighneacht an DUP maidir leis an Acht don phróiséas comhairliúcháin.

Tá dhá thaobh leis an Ghaeilge, dar le Clive McFarland: “Ag amharc ar an Ghaeilge go teibí, leis féin, níl dochar ar bith ann. Ach dála go leoir rudaí sa tír seo, ní féidir amharc air mar theanga. Tá an pholaitíocht agus an stair fite-fuaite tríd.

“Rinne Sinn Féin oiread le dochar a dhéanamh don Ghaeilge agus a rinne Aondachtóir ar bith. Bhain cuid acu úsáid as mar dhóigh leis an streachailt náisiúnach-poblachtach a chur chun cinn. Níl an SDLP gan locht. Ar a laghad, tig leis an SDLP é a labhairt.”

Tá ceisteanna eile ann. Dar leis gurb ionann Acht Gaeilge agus Gaeilge a thoghadh amach thar teangacha eile: “Go fiú gan Béarla a chur san áireamh, ní hí an Ghaeilge an teanga is mó a labhartar. Tá ceist ann sa phobal Síneach. Tá daoine anseo le tríocha nó daichead bliain, go háirithe mná aosta, agus ní thig leo úsáid a bhaint as seirbhísí mar nach bhfuil Béarla acu. Na hinimircigh nua a tháinig isteach ó Oirthear na hEorpa, tá seirbhísí de dhíth orthu ina dteangacha féin.

“Tá an bharúil ann gur cuireadh le lion na gcainteoirí sa daonáireamh. Má thig leat ‘Aer Lingus’ agus ‘tiocfaidh ár l a r?, fágann sin gur Gaeilgeoir mise.”

Bheadh impleachtaí diúltacha ann maidir le caidreamh idir an dá phobal dá gcaithfí leis an Ghaeilge ar bhonn speisialta. Tá dearcadh diúltach i leith na Gaeilge sa phobal Aondachtach, bíodh is nach bhfuil sin chomh láidir agus a bhí.

Dar le McFarland go bhfuil an DUP sásta glacadh leis an Ghaeilge: “Na samplaí atá ann ná mar a bhaineann le hainmneacha sráide. Sa chuid is mo de na ceantaracha, níl fadhb ann, an dóigh mar a bhfuil an Tuaisceart, nó gur ceantaracha Protastúnacha nó Caitliceacha atá iontu.

“Ceantar mar a bhfuil an meascán níos cothromaí, creideann daoine go mbaintear úsáid as leis an cheantar a mharcáil mar bheith bainte le pobal amháin nó pobal eile.” Dar leis gur baineadh úsáid as bratacha dílseacha ar an dóigh céanna.

Gheall an Clár Rialtais go mbeadh maoiniú ann don Ghaeilge, agus níl rún baint de sin: “Is féidir sin a chur i bhfeidhm gan Acht bheith riachtanach. Níl Acht de dhith leis an teanga a fhorbairt.”

Tá an DUP i bhfabhar Albanís Uladh a fhorbairt, ar an bhonn nach bhfuil an gréasán nó na stráitéisí chomh forbartha agus atá ag an Ghaeilge: “Níl duine ar bith ag caitheamh amhrais ar chomh fírínneach agus atá an Ghaeilge mar theanga. Mhothaigh mé daoine ag rá nach bhfuil san Albanís Ultach ach ‘Béarla le blas an Bhaile Mhéanaigh’.”

Cothaíonn an feachtas ar son Achta na Gaeilge fadhbanna, dar leis: “Is deacair Sinn Féin agus an SDLP a fheiceáil ag cúlú. Agus dá mhéid a bhrúnn Sinn Féin, is mó a bheidh daoine cinnte deimhin go bhfuil siad ina éadán.”

Dar leis go bhfuil an Ghaeilge níos feiceálaí anois, fios ag Aondachtóirí go bhfuil sé ann: “Níl sé de rún ag an DUP é a bhrú ar gcúl. Sa Chlár don Rialtas, tá gealltanas ann. Tá aitheantas de dhíth ar an dá theanga.

“Tagann cuid mhór arais chuig cúrsaí airgid. Nuair a thosnaíonn tú, beidh ort é a dhéanamh do seacht nó ocht dteanga. Tá níos mó cainteoirí Síníse Mandarin ann ná mar a bhfuil de chainteoirí Gaeilge agus Albaníse Uladh lena chéile. Nach bhfuil an maoiniú céanna tuilte acu?”

“Tá cur chuige ag cuid mhór grúpaí Gaeilge atá bunaithe ar chearta, atá iontach costasach, go bhfuil airgead as cuimse i gceist, go háirithe ag amharc ó Feabhra 2009. Tá daoine ag caint ar deireadh a chur le hoidis saor in aisce agus taisteal saor in aisce do phinsinéirí.”

“Tá an bharúil amuigh ansin gur mhaith linn an Ghaeilge a bhascadh díreach ar mhaithe len é a dhéanamh. Ní sin mar atá. Beidh maoiniú, beidh cur chun cinn, mar sa rialtas caithfidh an DUP cloí le dlithe cothromais.

“Bhí Edwin (Poots) agus Gregory (Campbell) mar airí ag rá go raibh luach mhór cultúrtha agus teangeolaíochta ann. Ní bagairt an teanga ann féin. Tá sé iontach deacair ag an duine gur mhaith leis an Ghaeilge mar theanga, iontach deacair a thuiscint an bhagairt a fheiceann daoine ann.”

D’fhoghlaim máthair McFarland féin Gaeilge agus í ar an bhunscoil i mBaile na mBreathnach, ar imeall na Gaeltachta Láir i nDún na nGall. “Thaitin an Ghaeilge go mór léi mar ábhar ar scoil,” ar seisean. “Ach d’aistrigh sí go Tír Eoghan nuair a bhí sí bliain déag, agus tá dearmad déanta aici air.”

Mick is founding editor of Slugger. He has written papers on the impacts of the Internet on politics and the wider media and is a regular guest and speaking events across Ireland, the UK and Europe. Twitter: @MickFealty