“Ag bhaint Amárach amach as inn?.

Dar leis an La Nua, de Sathairn, ag Ard-Fheis speisialta, d’athraigh Conradh na Gaeilge a chuid bunreacht. “Ba é príomhaidhm an Chonartha de réir an tseanbhunreachta ná “pobal náisiúnta saor Gaelach a choth ach t? sin athraithe anois go dtí “an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann”, sa leagan úr”. Dúirt Daithí Mac Carthaigh gur:

“Theastaigh uainn go mbeadh aidhm an Chonartha soiléir, sé sin, cur chun cinn na Gaeilge. Ní amháin go bhfuil áit na Gaeilge ag croílár na heagraíochta á hathdheimhniú faoin mbunreacht nua seo, ach fáiltíonn an fhoclaíocht nua roimh Ghaeilgeoirí ó gach cúlra agus ó gach traidisiún le páirt a ghlacadh sa Chonradh, baill aonair agus baill chraoibhe araon, cuma cén dearcadh polaitíochta atá acu, agus is cúis mhór áthais dom an méid sin. Tá seans ann gur bhraith daoine nach mbeidís ar a suaimhneas mar bhaill leis na cuspóirí polaitiúla a bhí sa bhunreacht. Ach má tá tú ar son na Gaeilge, is cuma linn cén tuairimí eile atá ag agat. Más náisiúntóirí, aontachtóirí nó dílseoirí atá i gceist, ní bhaineann sé linn ar chor ar bith [béim forlíontach curtha isteach ann].”

Céim stairiúil ata ann gan aon dabht ar bith! níos mo le fail ar bhlag Concubhar!

  • Cuirim fáilte roimh an athrú seo. Ghlac sé ró-fhada an pholaitíocht a bhaint as cúrsaí teanga agus ar ndóigh, cúrsaí spóirt.

    Ó thaobh an chaidrimh idir na pobail éagsúla, beidh seo ina chuidiú bheag.

    Maidir le cur chun cinn na Gaeilge ní dóigh liom go ndéanfaidh sé aon difríocht, beag ná mór.

  • gaelgannaire

    Aontaím leis an chéim seo. Bhí sé deacair do dhaoine ach riachtanach.

    Ach rinneadh rudaí níos suntasaí ann fosta, mar shampla, ní bheidh ar mhuintir Uladh is Lú dul fríd Chomhaltas Uladh anois le bheith páirteach sa Conradh, sin tábhachtach.

    Le 30 bhliain anuas ní raibh mórán de bhaint ag CU le cúrsaí Gaeilge ó thuaidh mar gheall ar choimeadachas s’acu féin.

    Ach is iad na hathraithe a rinneadh do alt a trí na cinn is suntasaí, tá plean agus módh oibre i gceist anois.

    Tá an Conradh i bhfad níos radacaí an tseachtain seo ná mar a bhí an tseachtain seo caite.

    Ráth Dé ar obair s’againn (tá mé i mo bhall x2) a deirim.

  • gaelgannaire

    A Thomaltaigh,

    Tá Mick ag díriú ar an ‘headline grabber’, nach ndéanfaidh pioc difir dar liom ach amharc ar chéad leathanach Lá inniu.

    Tá na hathraithe eile níos suntasaí.

  • sms

    nach é an rud amháin é an Ghaeilge a athréimiú mar gnáththeanga na hÉireann agus pobal náisiúnta saor gaelach a chothú? Tá mé cinnte gur bhain lucht na hárdfhéise spraoi as an díospóireacht gan chiall mar is nós leo.An bhliain seo chugainn beidh díospóireacht ar líon na nAingeal is féidir a chur ar bharr bioráin

  • Is cinnte go bhfuil an cheart ag Séamus Mac Seáin maidir leis seo – ach tá brí agus tabhacht freisin leis an sprioc a shoiléiriú ionas nach féidir a chur ina leith Conradh na Gaeilge, mar a chuirtear i leith CLG, gur eagras iad atá dírithe ar thaobh amháín den phobal. Ní doigh liom go bhfuil slua mór aondachtaithe chun teacht agus clarú le CnaG maidin amarach mar gheall ar an scéal seo – ach is cinnte go mbainfidh sé cuid den armlón ó leitheidí Edwin Poots agus Emer O’Kelly bheith ag íonsaí na Gaeilge. Níl an am ag gluaiseacht na teanga bheith ag cosaint na teanga óna leitheid sin d’ionsaithe, ba cheart bheith ag diriú ar chur chun cinn na Gaeilge, á cur os comhair an tsaoil in ionad bheith báite sa throid chúl gharda i rith an ama.

    Ní athraíonn seo tada, i bhfirinne, ach an íomhá ar feidir leis an Conradh a chur chun tosaigh. Ach, sa lá atá inniu ann, tá sin tabhachtach. Tuigfidh Séamus é sin, ar ndoigh, nó eisean agus comhleacaithe leis a thug Cultúrlann McAdam O Fiaich ar an saol agus is suíomh neamh pholatúil é sin go h-iomlán. An t-aon bhrat a chonaic mé ar foluain ann riamh abea brát Aontroma!

    Táim féin ar shon ath-aontú na tíre, saoradh na tíre mas maith leat cé nach mbím cinnte gur saoirse i ndáiríre a bhionn i gceist nuair a fheicim na geaitsí a bhionn ag polaiteoirí ar dhá thaobh na teorainne. Ach is é cur chun cinn na Gaeilge mo chéad sprioc…..

  • ersehole

    Seo sraith ba cheart a bheith i mBéarla, i mo thuarimse.

    1915 eh? Mall, mithid, is mar sin de.

    An raibh tada le rá ag Christmas Dog faoi seo?

    Anois, Fine Gael ????

  • gaelgannaire

    Ersehole,

    Cé hé / hí Christmas Dog?

  • Darren Mac an Phríora

    Is céim maith é seo ach tá ré an Chonradh mar eagraíocht gníomhaíocht críochnaithe- sa Deisceart in aon chor.

    D’oibrigh mé san eagraíocht don bhfeachtas ar son stádas oifigiúil don Ghaeilge san AE agus gan amhras tá daoine deas san eagraíocht.

    Ach rinne an tuachtarán reatha Dáithí Mac Cárthaigh AN-dámaiste don eagraíocht. Ní raibh troid pearasanta agam leis agus in fhírinne níor bhuail mé leis nuair a raibh mé ag obair ann ach rinne sé dámaiste fad-téirmeach don eagraíocht lena cath ó urlabhraí ó Fhine Gael ar Today FM. Tháinig sé trasna mar fanatic céad faoin gcéad.

    In fhírinne níor bhuail mé ach le beirt daoine ón Chonradh lastigh dena oibrithe lánaimeartha nuair a bhíos ag obair ann. Ní oibríonn an Ard-Runaí ar an dtalamh lastigh den post san oifig fiú. Tá siad marbh sa Deisceart.

    Is rud maith iad An tOireachtas agus Seachtain na Gaeilge ach ba chóir dóibh deireadh oifigiúil a chur don obair ‘oifigiúil’ eile.

  • Darren bocht go foill ag seinm an sean phort ceanna faoi Chonradh na Gaeilge. Ta an chuid oibre ar bun ag an gConradh faoi lathair – is iad ata ar chul an staisiun nua raidio Ghaeilge, Raidio X, mar shampla. Ta an Chonradh ag deanamh na h-oibre a bhionn polaiteoiri ag caint ar a dheanamh ach nach ndeineann siad.

    Silim, i gcead do Darren, nach miste gur dhein Uachtaran an Chonartha ionsai ar Fhine Gael maidir lena h-easpa polasai Gaeilge. Ni h-amhain nach bhfuil polasai fonta acu ar son na Gaeilge ach nil an urlabhrai sinsearach le freagracht as an nGaeilge agus as an nGaeltacht i ndan an teanga a labhairt. Mar sin ni feidir leis agallaimh a dheanamh ar RnaG chun an polasai a mhiniu….. Shil me ar aon nos go raibh Darren imithe o Fhine Gael – cen fath go bhfuil se go foill a cosaint…..

  • ersehole

    athair Rónán, nemesis Hump

  • ersehole

    Darren,

    do dhearcadh ar an t-ainm agus brí le Fine Gael?

  • gaelgannaire

    Ersehole,

    Cé hé Hump?

  • sms

    a choncubhair
    thug mé iarraidh teachtaireacht a chur ar do bhlag féin, 1gaeilge.wordpress.com ( a bhfuil cuma an mhaith air, dala an scéil) ach ní thiocfadh liom . An bhfuil barúil agat cád ‘tá cearr?

  • Darren Mac an Phríora

    Tá Ráidió X neamhspléach ón CnaG.

    Sé Dinny McGinley an leas-urlabhraí Fine Gael ar an Ghaeilge. Labhraíonn sé le RnaG.

    Tháinig uachtarán reatha CnaG trasna mar fanatic ag argóint le urlabhraí d’Fhine Gael. Ní raibh mé i bhfabar a polasaí i leith Gaeilge éigeantach ag an am ach shíl mé go raibh rud mícheart leis an uachtarán reatha ón díospóireacht sin.

  • Ait go leor, ma ta Raidio X neamhspleach o Chonradh na Gaeilge, ta Ard Runai an Chonartha Julian de Spainn a reachtail….

    Mar a duirt me, thug FG masla tomhaiste don Ghaeilge nuair nar cheap siad duine le Gaeilge mar phriomh urlabhrai Gaeltachta agus Gaeilge. Ta ard mheas agam ar Dinny McGinley – ach nil ann ach an leas urlabhrai.

    Silim fosta gur cheart duit bheith curamach agus tu ag usaid focail ar nos ‘fanatic’ i leith Daithi Mac Carthaigh, abhcoide dli. Nior mhaith leat bheith id chosaint fein sa chuirt ar mhaith?

    Chomh maith le sin, ni chreidim go bhfeadfadh aon duine ra ach go bhfuil ceannaireacht stuama neamh fhanaiciul tugtha ag Mac Carthaigh don Chonradh le blianta beaga anuas. Mor an trua nar toghadh e ina sheanadoir.

  • Darren Mac an Phríora

    “Ait go leor, ma ta Raidio X neamhspleach o Chonradh na Gaeilge, ta Ard Runai an Chonartha Julian de Spainn a reachtail….”

    Tá sé ar an gcoiste ach deireann an cathaoirleach go bhfuil siad neamhspléach.

    Dúirt mé gur tháinig Dáithí Mac Carthaigh trasna mar fanatic.

  • Dúirt mé gur tháinig Dáithí Mac Carthaigh trasna mar fanatic

    Sin a chreideann tusa – agus is comhthaistealai FG thusa. Nil a fhios agam cad a cheapann an ghnath dhuine faoi theacht i lathair DMC ach taim cinnte nach mbeidis ro bhuartha faoi agallamh amhain ar an raidio. Is leir go ceapann tusa gur pairti neamh earraideach e FG – rud ata ait nuair a chreideann furmhor na ndaoine a bhim ag caint leo go bhfuil an pairti gan tuairim da laghad mar gheall ar an nGaeilge. Rinne FG an moladh craiceailte mar gheall ar deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge ag an Ard Teist gan dul i gcomhairle le duine ar bith – ba thuairim e chun roinnt phoibliocht a mhealladh sna meain Bhearla, sin an meid. Ach silim go mbeidh port Enda seinnte i bhfad roimh do an dara deis a fhail ar an gcleas sin a dheanamh – agus ni na Gaeil a chuirfidh deireadh leis…..

  • An Lochlannach

    A Ghaeil Gan Náire.

    Glacaim leis gurb ionann Christmas Dog agus Nollaig Ó Gadhra, ach níl ann ach buille faoi thuairim.

  • RG Cuan

    Is cosúil go dtugtar Christmas Dog ar Nollaig in amanna.

    Darren, bíodh ciall agat, tá beocht as an úr sa Chonradh agus is léir sin ó líon na ndaoine óga atá anois ina mbaill den eagras, go háirithe i mBÁC.

    Is é CnaG a thosaigh an feachtas do Raidió X, tá a fhios sin ag an saol mór.

  • gaelgannaire

    Ba chóir a lua gur cumann de chuid an Chonartha é CCÁ agus níl dabht ar bith ann go bhfuil beocht san áit fá láthair leis na céadta daoine óga ag freastal ar imeachtaí ar nós An G-Spota agus ar na himeachtaí a d’eagraigh na Gaeil Óga atá neamspleach ach ina gcumann de chuid an Chonartha ag an am ceanna. Ar ndóigh tá an eitilt óg féin ag an Conradh.

    Fair play dóibh agus fair play do Dhaithí, abhcóide den scoith atá ag déanamh abhcóidíocht den scoith ar sin lucht lábhartha na Gaeilge.

  • RG Cuan

    Agus is cumann de chuid an Chonartha é Club Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair, BÁC, áit ina mbíonn Gaeil óga na cathrach ag bualadh lena chéile go minic faoi choinne oícheanta móra maithe.

  • Billy Wright

    What the hell is this crap….can you idiots not write in an appropriate language that we all understand

  • RG Cuan

    How cultured and understanding you are Sir Billy!

  • ersehole

    Hé, RG a mhac,

    tá Liam ag déanamh réasúnta maith agus é caillte le blianta.

  • Myles Long

    What the hell is this crap….can you idiots not write in an appropriate language that we all understand

    Posted by Billy Wright on Apr 16, 2008 @ 04:30 PM

    Ha ha! Billy (Liam!), couldn’t have put it better myself: now you know exactly how the majority of Irish people felt under British rule down through the centuries.

  • gaelgannaire

    A Mhick,

    Títear dom go bhfuil fonn Gaeilge ort fá láthair, nó an iarracht é an líne cainte seo chun círéib cultúrtha a mhaolú?

    Ach cad fá líne cainte ar nós* (www.nosmag.com)?

    Bhí droch scéaltaí againn fá Lá, caidé fá scéal maith?

    Silim féin má tá rud ar bith chun a bheith ina bhua as Gaeilge, caithfidh sé a bheith níos fearr ná an rud ceanna i mBéarla, silim go bhfuil sin fíor le nós*, níl rud ar bith díreach cosúil leis i mBéarla ach shíl mé féin go raibh sé ar dóigh amach.

    Ar ndóigh, silfidh roinnt daoine nach bhfuil sé maith de bhrí go bhfuil sé i nGaeilge – dickheads!

  • William

    The majority of Oirish people think as I do….as they don´t understand the Irish Language….Irish is the first language of Ireland in name only….English is really the first….ever watch the Dail on tv ….. majority of it in English. Agreed….good, truth hurts I know

  • Then maybe a chara you should go and live in Oireland…..

    I bhfírinne an bhfuil tú ag magadh? Sílimse gur cheart carta buí a thabhairt do dhaoine a thagann ar shnath cainte Ghaeilge le labhairt i mBearla ag iarraidh ar gach einne labhairt i mBearla.

    Are you kidding William? I think people who come on to Irish language threads to try with comments to the effect that everyone should change their language to suit the newcoming monoglot should be yellow carded? It’s the equivalent of playing the man not the ball….

  • gaelgannaire

    Choncubhair,

    B’fheadar gur fearr neamhaird a thabhairt ar an dtroll seachas a bheathú, bhí sé ag fanacht le duine éigin chun ‘bíteáil’.

    Do rogha féin.