Ós rud é go bhfuair mé cuireadh ó Mhick roinnt seachtainí ó shin cuidiú leis an chuid Gaeilge den tSlugger a choinneáilt ag imeacht, is mithid domh anois an chéad chupla focal a bhreacadh síos, nó tá cúis mhaith ann: buaidh an Stádais.
Chan fhuil mé cinnte dáiríribh an dtig liom ná le lucht Stádas go léir iomlán freagrachta as an chinneadh seo a ghlacadh orainn, nó is é mo ghéarbharúil mar shochtheangeolaí go bhfuil na ceisteanna seo go mór mór faoi thionchar na n-ollchlaontachtaí ins an tsochaí.
Le lagú an náisiúnachais Chaitlicigh, agus sochaí an Deiscirt ag dul chun saoltachta, thoisigh muintir na hÉireann a chrothnú na Gaeilge uathu fá dheoidh, go háithrid nuair a fuair siad amach, i bhfianaise an ilteangachais ins an Ilchríoch, comh neamhghnách agus atá cás na hÉireann mar thír a d’éirigh as a teanga náisiúnta.
Tá an Ghaeilge níos fóirsteanaí, mar shuaitheantas náisíúnta, d’Eoraip úr na dtíortha dúchais ná an Caitliceachas seanaimseartha. Agus maidir leis an Tuaisceart, taispeánann a chás go bhfuil sainmhíniú nua, iniach, fáiltiúil, de dhíth ar choincheap an Éireannachais – sainmhíniú a chuimseochadh na Protastúnaigh féin.
Ós rud é gur féidir leis an Phrotastúnach Gaeilge a fhoghlaim gan éirí as a oidhríocht reiligiúnda féin, is féidir a rádh go bhfuil an Ghaeilge níos fóirsteanaí mar dhúshraith faoin Éireannachas nua sin.
Chan é an Stádas an t-aon phíosa fianaise atá againn ar chasadh sin na taoide i dtaoibh na Gaeilge i sochaí an Deiscirt. Cupla seachtain ó shin, phriontáil mé amach Acht nua na dTeangacha Oifigiúla ón Eadarlíon le cardáil a dhéanamh air in éineacht le duine de mo chomhtheangeolaithe, anseo ins an Fhionlainn, duine atá dall ar an Ghaeilge féin, dála an scéil.
Bhí mo chara inbharúla gur féidir gur toradh don Acht seo a bhí ins an Stádas i ndiaidh an iomláin, seachas rud a bhain muidne – “gráscarshlua na sráide” – amach, i ndiaidh an iomláin. Mar sin, cha mbeadh i ngluaiseacht an Stádais, ins an Stádas féin agus ins an Acht áithrid seo in éineacht ach comhartha an athrú manaidh is dearcaidh a tháinig ar mhuintir na hÉireann i leith na Gaeilge.
This is a guest slot to give a platform for new writers either as a one off, or a prelude to becoming part of the regular Slugger team.
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts sent to your email.

