Daonáireamh an Tuaiscirt – Níl aon bhuaiteoirí ann
Eagarfhocal
Tá gach dream ina mhionlach anois, níl aon bhuaiteoirí ann. Sin an t-aon rud is fhéidir a bhaint ón daonáireamh sa Tuaisceart.
Níor roghnaigh ach 28% den phobal ‘Irish’ mar chuid dá bhféiniúlacht ar dhóigh ar bith agus níor dhúirt ach 25% gur ‘Irish Only’ iad.
Níl aon bhaol ann go mbeadh aon vóta do ‘Éire Aontaithe’ ar na figiúirí seo agus beidh an-díoma ar na páirtithe náisiúnacha, agus ar Shinn Féin, ach go háirithe.
Tá Caitlicigh á gcomhshamhlú isteach sa Stáit, go díreach mar a thuar an Captaen O’Neill i bhfad ó shin.
“If you treat Roman Catholics with due consideration and kindness they will live like Protestants…”
Mar sin féin, ní bheidh na páirtithe Aontachtacha ar bís ach an oiread – níor dhúirt ach 48% den phobal go raibh siad ‘British’ ar dhóigh ar bith, agus tá ‘Protastúnaigh’ anois ina mionlach ar 48% – is suimiúil gur ionann an dá fhigiúr.
Mar sin, is mionlaigh iad Breathnaigh agus Protastúnaigh araon sa Tuaisceart, ‘stáitín’ a bunaíodh chun tromlach a thabhairt don ‘dá’ ghrúpa seo.
Tá ré “Ulster is British” thart. Caithfidh Aontachtóirí déileáil leis sin agus cothrom na Féinne a thabhairt do chultúr ‘Náisiúnaithe’ an Tuaiscirt – an Ghaeilge san áireamh.
Thug 29% ‘Northern Irish’ [Níl aon Ghaeilge againn ar an fhéiniúlacht nua sin go fóill, dar le focal.ie] orthu féin agus dúirt 21% gur ‘Northern Irish’ amháin iad.
Beidh dóchas na nAontachtóirí á chur sa ghrúpa nua seo.
Is féidir go bhfuil tromlach na féiniúlachta nua seo ina gCaitlicigh agus gur de bhunadh na nGael an mhórchuid acu ach go bhfuil a gcuid ‘Éireannachais’ scartha ón Uile-Éireannachas.
Is cinnte gur orthu sin a bheas todhchaí Thuaisceart Éireann ag brath.
Ach an bhfuil an pobal ‘Náisiúnach’ scoilte ina dhá náisiún anois?
Tá sé doiligh go leor sin a chreidbheáil.
Cúrsaí Gaeilge
Dúirt 4,164 duine go raibh an Ghaeilge acu mar ‘main language’ sa Tuaisceart.
Ní féidir neamhaird a dhéanamh den líon sin ach ábhar díomá atá ann nár éirigh le breis agus 100 bliain d’obair athbheochana níos mó daoine a chur ag labhairt Ghaeilge mar phríomhtheanga.
Tá an-obair déanta sa Tuaisceart le dhá ghlúin anuas, go háirithe ó thaobh na Gaeilge de, ach tá teip ann go fóill maidir leis an nGaeilge a athrú ó bheith ina caitheamh aimsire go dtí príomhtheanga pobail a dhéanamh aisti.
Tá an Ghaeilge taobh thiar den Bhéarla, den Pholainnis agus den Liotuáinis mar ‘phríomhtheanga’. Bainfidh namhaid na Gaeilge fortacht as sin cé nach bhfuil sé ábhartha.
Ar an taobh eile den scéal, deir 10.65% den phobal, nó 184,898 duine, go bhfuil eolas éigin acu ar an nGaeilge agus sin dul chun cinn ó 2001 – suas ó 10.4% agus 167,487.
Mar sin féin, maidir leis na daoine a dúirt go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt / scríobh / léamh agus a thuigbheáil, tá an uimhir sin ar 3.74% – nó 64,847 duine, titim shuntasach le 10 mbliana anuas ó 4.66% – 75,125 daoine.
Cuirfear ‘spin’ mhaith ar na figiúirí sin, ach déanta na fírinne léiríonn siad go gcaithfear bogadh ar aghaidh ó ghimicí agus bogadh i dtreo gnímh leis an nGaeilge a normalú agus a bhunú mar theanga pobail sa Tuaisceart.
Gluais
Tá gach dream ina mhionlach anois = every group is in a minority
níl aon bhuaiteoirí ann = there are no winners
Tá Caitlicigh á gcomhshamhlú = Catholics are being assimilated
Caithfidh Aontachtóirí déileáil leis sin = Unionists have to deal with that
Níl aon Ghaeilge againn ar an fhéiniúlacht nua sin go fóill = No Irish exists for the new identity
Is cinnte gur orthu sin a bheas todhchaí Thuaisceart Éireann ag brath = it is sure that on them the future of Northern Ireland lies
Ach an bhfuil an pobal ‘Náisiúnach’ scoilte ina dhá náisiún anois? = Is the ‘Nationalist’ community now spilt into two nations?
Bainfidh namhaid na Gaeilge fortacht as sin = the enemies of the Irish language will take much comfort from this
sin dul chun cinn ó 2001 = progress since 2001
titim shuntasach = significant drop
caithfear bogadh ar aghaidh ó ghimicí = it is neccessary to move on from gimics
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts to your email.