Gaelscéal : Gaelscoil Nua oscailte i nDún Geimhin

Tuairisc le hAnton Mac Cába

D’OSCAIL Gaelscoil Neachtain i nDún Geimhin, Co Doire, don chéad uair Dé Luain. Tá 63 dalta ar an scoil faoi láthair.

Cuireadh tús leis an scoil naoi mbliain ó shin, mar shruth Gaeilge i mBunscoil Naoimh Chainnigh ar an bhaile.

Gaelscéal na seachtaine seo : Fuil, Foréigean agus Fuarchúiseachas : Fear dúnmharaithe i mBÁC i lár an lae - tuairisc ón láthair; Samhail Nua Mhaoinithe diúltaithe 100% - 3,000 aighneacht i gcoinne na Samhla; Aistriúcháin ó Bhéarla na leabhair is mó díola i nGaeilge

Cuireadh an iarratas chuig an Seirbhís Pleanála ó thuaidh an seachtain seo caite le síneadh a chur leis an scoil.

Is scoil rialaithe é Gaelscoil Neachtain. De ghnáth, luaitear an earnáil sin le scoileanna a dhéanann freastal ar an phobal Protastúnach.

Dúirt Nodlaig Ní Bhrollaigh, Cathaoirleach choiste na scoile, gur mar scoil rialaithe a bhí an tacaíocht ab fhearr le fáil.

“Bhíomar istigh mar aonad, ní raibh an spás againn le forbairt,” ar sise. “Ní raibh ach beirt mhúinteoir againn. Anois tá príomhoide againn.”

Tá Iníon Uí Bhrollaigh iontach sásta leis an tacaíocht a fuair siad ó Bhord Oideachais agus Leabharlainne an Iarthair (WELB).

“Tá siadsan ag foghlaim faoin Ghaeloideachas chomh maith,” ar sise.

Dar léi go bhfuil tábhacht leis an stádas nua. “Tá sé tábhachtach don Ghaeloideachas go bhfuilimid ag oscailt doirse do dhaoine sa phobal,” ar sise.

“Tá fhios againn nach bhfuil sin ag dul a tharlú thar oíche.”

Bhíodh scoil rialaithe i nDún Geimhin. Druideadh sin ceithre bliain ó shin. Tá ath-chóiríú le déanamh ar an bhfoirgneamh agus tá Gaelscoil Neachtain le haistriú isteach ann i gcionn 18 mí.

Idir an dá linn, tá sé lonnaithe i mBunscoil Naoimh Chainnigh ar fad. Thosaigh 25 páiste ar an naíscoil i mbliana.

Dungiven Irish medium stream transforms into stand-alone school

Dungiven’s Irish medium stream in St. Cainneach’s Primary school began 9 years ago, this week the it  flew the nest to form Gaelscoil Neachtain.

There are currently 63 pupils in the school with 25 children going into its the pre-school this year.

Interestingly, Gaelscoil Neachtain is a ‘controlled school’, the school sector normally associated with the Protestant community.

UPDATE (20:45, 06 Sept)

The sign below is surely one that those who founded the Gaelscoil movement in the North never thought they would see,  a school both ‘controlled’ and Irish medium.

"A sign of the times"

Discover more from Slugger O'Toole

Subscribe to get the latest posts to your email.

We are reader supported. Donate to keep Slugger lit!

For over 20 years, Slugger has been an independent place for debate and new ideas. We have published over 40,000 posts and over one and a half million comments on the site. Each month we have over 70,000 readers. All this we have accomplished with only volunteers we have never had any paid staff.

Slugger does not receive any funding, and we respect our readers, so we will never run intrusive ads or sponsored posts. Instead, we are reader-supported. Help us keep Slugger independent by becoming a friend of Slugger. While we run a tight ship and no one gets paid to write, we need money to help us cover our costs.

If you like what we do, we are asking you to consider giving a monthly donation of any amount, or you can give a one-off donation. Any amount is appreciated.