Coláiste Feirste ag feitheamh ar bhus go fóill
Anton Mac Cába
Despite an order from the High Court a year ago stating that Belfast Irish medium college, Coláiste Feirste, should have particular transport arrangements, the pupils are still waiting on their buses.
Níl fiú iomrá ar dháta lena leithéidí a chur i bhfeidhm.
An tseachtain seo caite, agus iad ag tabhairt freagra ar cheist ó Ghaelscéal, dúirt an Roinn Oideachais nár socraíodh cúrsaí maidir le córas taistil don scoil go fóill.
Dar leis an urlabhraí go raibh an breithiúnas suntasach agus tábhachtach “which requires careful and detailed consideration.”
Bhí athscrúdú déanta ag státsheirbhísigh ar an gceist. Tá torthaí an athscrúdaithe anois faoi bhráid an Aire, John O’Dowd ó Shinn Féin.
Ní raibh an t-urlabhraí in ann a rá má bhí amscála ann. An 27ú Eanáir anuraidh, chuir an Comhalta den Tionól Reachtach Dáithí McKay ceist ar O’Dowd maidir le ceist an taistil.
D’fhreagair O’Dowd go raibh dianscrúdú cúramach de dhíth sula mbeadh sé ábalta freagra a thabhairt. Bhí a chuid stáitseirbhíseach le moltaí a thabhairt dó “in the near future.”
Tá an breithiúnas a thug an Bhreithimh Treacy soiléar: “In my view the provision of transport facilities to schools in any sector is critical to the development of that sector and the provision of genuine parental choice…the respondent must now to the extent required by this judgement reconsider the matter.”
Baineann an cás ach go háirithe le dhá grúpa dálta. Is iad an chéad dream ná daltaí i dtuaisceart Bhéil Feirste, i gceantracha Lag an Aoil, Ard Eoin agus an Seanpháirc.
De réir rialacha na Roinne, ní tugtar cuidiú le taisteal do dhaltaí meánscoile má tá siad fá trí mhíle den scoil.
Tá na ceantracha seo faoin raon sin – ach go mbeadh ar na daltaí siúil trí ceantar dílseach na Seanchille.
De réir na rialacha, tá cead ag an Bhord Oideachais agus Leabharlainne a fhiosrú “whether there are circumstances sufficiently exceptional to set aside normal circumstances…”
Is iad an dara dream ná daltaí as Dún Pádraig, 23 míle ón scoil.
Bhí an Cllr. Cadogan Enright ón mbaile ar dhuine den mhuintir a chuir tús leis an athbhreithniú breithiúnach.
Bhí iníon s’aige ar an scoil nuair a cuireadh tús leis, sa tríú bliain ar an ollscoil nuair a éistíodh é. Dúirt sé go raibh idir fearg agus díomá air.
“Thug an breithiúnas cead don Aire polasaí Shinn Féin san earnáil seo a chuir i bhfeidhm,” ar seisean.
Ná déanaigí dearmad gur féidir na físeán ó Oireachtas na Gaeilge a fheiceáil i gcónaí ar otv.gaelsceal.ie
Don’t forget that you can still watch all the highlights from Oireachtas na Samhna 2012 ón otv.gaelsceal.ie
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts to your email.