An tseachtain seo in Gaelscéal léiríonn muid an Costas ‘fíorbheag’ a bhaineann le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil sa Phoblacht – aistriúchán san áireamh.
Tháinig na figiúirí chun solais i bhfreagraí tugtha do John Deasy TD, Fine Gael, fear atá ag labhairt amach i gcoinne Acht na dTeangacha Oifigiúla le blianta.
Tá go leor cainte ann faoin cháithnín ‘Bósón Higgs’ – ach an dtuigeann tusa é? Seans go mbeadh sé níos soiléire i nGaeilge shimplí na ndaoine?
Tá go leor cainte ann chomh maith faoin Bhille Nua Gaeltachta – atá fabhtach dar le Gaelscéal – agus atá anois brúite fríd an tseanad gan oiread is leasú ar bith ceadaithe, ach tá gach cáineadh diúltaithe ag an Aire Gaeltachta, Dinny McGinley.
Maidir leis an Ghaeilge de, tá muid ag amharc ar an Chluainín, baile beag i gContae Liatroma atá ar a bhealach chuig an dátheangachas agus tá na torthaí ar fad againn ó Oireachtas Cheanada.
Mar is gnáth, tá go leor polaitíocht againn as Éirinn agus as an Eoraip le tuairisc speisialta ó pheann Choncubhair Uí Liatháin in Frankurt.
Agus i gcúrsaí spóirt, cuireann John Allen fáilte roimh bhua na Gaillimhe ar Chait Chill Chainnigh agus tá agallamh ag Cillian Ó Conchúir le réalta rothaíochta na hÉireann, Nicolas Roche.
Is páipéar nuachtán lánGhaeilge é Gaelscéal, bunaithe i nGaillimh. Foilsítear é gach Céadaoin.
Tá muid fíorbhuíoch do Mick Fealty, fear de bhunadh chlann Uí Fhichealltaigh as Fanad, as an chuireadh a thabhairt dúinn chun an post seo a dhéanamh.
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts to your email.