Gaelscéal : On the bank debt deal

EAGARFHOCAL 

Ní féidir le haon rud atá mícheart ó thaobh na moráltachta de a bheith ceart ó thaobh na polaitíochta de.

Tá sé go huile agus go hiomlán mícheart go bhfuil muintir na hÉireann freagrach as fiacha lofa na mbanc agus fiacha lofa an Bhainc Angla-Éireannaigh ach go háirithe.

This week's GaelscéalLéiríonn na cúinsí seo go léir, agus an prácás ina bhfuil muid mar aonad polaitíochta eacnamaíochta gur cur i gcéill atá sa chaipitleachas mar atá rudaí.

Tá sé léirithe go soiléir go bhfuil caillteanais an chórais le n-íoc ag an ghnáthdhuine, bíodh baint acu leis an chóras sin nó ná bíodh.

Ar an lámh eile, is beag a fheiceann an gnáthdhuine de na brabúis ollmhóra atá á saothrú ag an earnáil bhaincéireachta, cuid acu samhnasach ar fad.

Uime sin, cé go bhfuil brabúis an chórais airgeadais ‘príobháideach’, is léir go bhfuil na caillteanais ‘poiblí’.

Tá sé sin mícheart, mímhorálta agus maslach.

Mar a sheasann rudaí san am i láthair, tá Poblacht na hÉireann, a bhfuil 0.9% de dhaonra an AE aici agus a gcruthaíonn a heacnamaíocht 1.2% d’olltáirgeacht an AE , freagrach as 42% d’fhiacha baincéireachta an AE.

Níl sé sin ceart in aon chor.

Go dtí seo, bhí an Stát ag glacadh freagrachta as na fiacha príobháideacha seo. Anois, áfach, tá na fiacha príobháideacha seo glactha ar bord mar chuid d’fhiacha náisiúnta an Stáit.

Tá go leor daoine ag rá – “ní liomsa na fiacha seo,”! Ar an drochuair, is leatsa iad, is linne iad agus is lenár bpáistí iad.

Níl sé seo ceart ná cóir.

Mar sin féin, is ionann an pholaitíocht agus an rud is féidir a dhéanamh. In amanna, bíonn ar rialtais socruithe a dhéanamh nach bhfuil ceart ná cóir ach fós atá riachtanach ag an am sin.

Chomh maith leis sin, mar a dúirt an scríbhneoir Gearmánach, Günter Grass, tá an pholaitíocht “tar éis a cuid cumhachtaí cinnteoireachta a tharmligean chuig an eacnamaíocht.”

Is é sin le rá nach bhfuil sa pholaitíocht inniu ach cur i gcéill atá faoi smacht ag an eacnamaíocht agus níos measa arís  ag an chuntasóireacht.

Sa chomhthéacs sin, cé nach féidir a rá go bhfuil an socrú atá déanta ag rialtas na hÉireann le Banc Ceannais na hEorpa ceart, caithfidh muid a admháil go raibh sé riachtanach.

Caithfidh muid a admháil gur dócha gurb é an socrú is fearr agus is féidir é sna cúinsí seo ina bhfuil muid san am i láthair.

Is fearrde as sinn an tseachtain seo ná mar a bhí an tseachtain seo caite agus tá an comhrialtas le moladh as sin ar a laghad.

You can download Gaelscéal for free HERE

We are reader supported. Donate to keep Slugger lit!

For over 20 years, Slugger has been an independent place for debate and new ideas. We have published over 40,000 posts and over one and a half million comments on the site. Each month we have over 70,000 readers. All this we have accomplished with only volunteers we have never had any paid staff.

Slugger does not receive any funding, and we respect our readers, so we will never run intrusive ads or sponsored posts. Instead, we are reader-supported. Help us keep Slugger independent by becoming a friend of Slugger. While we run a tight ship and no one gets paid to write, we need money to help us cover our costs.

If you like what we do, we are asking you to consider giving a monthly donation of any amount, or you can give a one-off donation. Any amount is appreciated.