Gaelscéal : “Unionist Forum ends attempts to attract Catholics to the Union cause”

Cuireann an Fóram Aontachtach deireadh le hiarrachtaí Caitlicigh a mhealladh chuig cúis an aontais 

Anailís le hAnton Mac Cába

Bhí an céad cruinniú den bhFóram Aontachtach ar siúl Déardaoin seo caite.

Cuireann sin deireadh, faoi láthair, leis an gcaint a rinne Peter Robinson ag comhdháil an DUP go raibh sé i bhfabhar Caitlicigh a mhealladh isteach san Fhóram.Fracking Company shares bought by Austrialian company - who use chemicals

Is léir go bhfuil an Fóram ann le smacht a fháil ar na hagóidí sráide. Tá an Páirt Aontachtach Forásach (PUP) – eite polaitiúil an UVF – istigh ann agus tá faicsean den UVF ciontach as na círéibeacha.

Ina ainneoin sin, tá na círéibeacha ag leanúint leo i mBéal Feirste agus níl aon smacht ag na polaiteoirí Aontachtacha ar an dream ata na sráideanna.

Níl an Ulster People’s Forum mar chuid den Fóram Aontachtach. Deir seo go ndéanann siad ionadaíocht ar na léirsitheoirí ar na sráideanna – cé nach soiléir cé chomh hionadaíoch agus atá orthu sin fiú.

Is é Willie Frazer an duine is aitheanta san Ulster People’s Forum. Aithnítear Frazer mar fhigiúr imeallach, a fuair vóta suarach nuair a sheas sé ina cheantar dúchas do Westminster agus don Tionól.

Ar an suíomh idirlín atá aige, deir sé: “The Ulster Peoples Forum was created in late 2012 against the back draft of a continued and relentless attack on our community. he (sic) initial aim is to unite all groups within the PUL community.”

Ar ndóigh, is céim eile é an Fóram Aontachtach i dtreo deireadh a chur le Páirtí Aontachtach Uladh (UUP). B’iad an DUP, ag gach céim, a leag amach an clár oibre.

Ní haon rud simplí é seo. Tugann cuid mhór Protastúnach tacaíocht do chomhoibriú, mar a dúirt ball sinsearach den UUP, a thugann tacaíocht don Fóram.

Dar leisean, nár cheart go mbeadh aon páirtí aontachtach amháin ann. “Tá spás ann do pháirtí Aontachtach, nach é an DUP é, a sheasann don rud atá ceart (ó thaobh na moráltachta de, agus ní na polaitíochta amháin) … Bheadh a leithéidí de cur chuige ábalta, ní amháin an tAontas a dhaingniú, ach cuid mhór Caitliceach a mhealladh.”

Is léir uaidh go bhfuil difear sa chur chuige atá ag Aontachtaithe difriúla. Tá súil ag an bhfear  UUP sinsearach go mbeidh an Fóram Aontachtach ábalta deireadh a chur leis na círéibeacha, “ach níor cheart go ndéanfaí é trí pharaimíleatachas / sceimhlitheoireacht a shásamh.”

Níl aon iomrá ar an bhFóram a bheith ábalta dul i dteangmháil leis na círéibeoirí. Dúirt Alex Kane, iarStiúrthóir Cumarsáide an UUP, gur tháinig laghdú 72,789 ar líon na vóta Aontachtach idir 1969 agus 2011: “Cé … a dhéanann ionadaíocht ar an líon súntasach daoine sin – atá ag fás – ón bpobal Aontachtach nach bhfuil baint ar bith acu leis an Aontachas polaitiúil?”

 

Anailís : analysis

Aontachtach : Unionist

comhdháil : conference

Forásach : progressive

 círéibeacha : riots

 ionadaíocht : representation

 imeallach : non mainstream

Uladh : Ulster (genitive case)

ball sinsearach : senior member

 a mhealladh : to entice

 sceimhlitheoireacht : terrorism

súntasach : noteworthy

 

 

 

 

 

We are reader supported. Donate to keep Slugger lit!

For over 20 years, Slugger has been an independent place for debate and new ideas. We have published over 40,000 posts and over one and a half million comments on the site. Each month we have over 70,000 readers. All this we have accomplished with only volunteers we have never had any paid staff.

Slugger does not receive any funding, and we respect our readers, so we will never run intrusive ads or sponsored posts. Instead, we are reader-supported. Help us keep Slugger independent by becoming a friend of Slugger. While we run a tight ship and no one gets paid to write, we need money to help us cover our costs.

If you like what we do, we are asking you to consider giving a monthly donation of any amount, or you can give a one-off donation. Any amount is appreciated.