An Glór Poblachtach : Iris Ghaeilge Shinn Féin

Tuigtear dom go mbeidh iris nua Ghaeilge Shinn Féin : An Glór Poblachtach ar díol sa Chultúrlann inniu. Tá sé beartaithe ag an pháirtí an iris, atá lán dáite is i nGaeilge amháin, a chur amach dhá uair in aghaidh na bliana ‘mar thús’.

Mar a dúirt mé inné beidh roinnt Gaeilgeoirí thíos leis an fhorbairt seo agus beidh lúchair ar Ghaeil Poblachtacha leis. Beidh sé suimiúil áfach an mbeidh tionchar ar bith aige ar pháirtí eile chun foilseacháin Gaeilge a dhéanamh amach anseo, le Patsaí Mac Giolla Eoin mar leascheannaire ar an SDLP an mbeidh glór acu féin.

Silím go mbeadh an ghnáth-léitheoir Gaeilge sásta go bhfuil á cur leis an mheán Ghaeilge i rith an ama, cá bhfios amach anseo, ‘An Glór Aontachtach’?!

  • Ní cúiteamh ar bith é iris (dhá uair sa bhliain) bolscaireachta ar an dochar a rinne Sinn Féin agus dhá nuachtán Ghaeilge a chur chun báis in aon bhliain amháín. Dhá nuachtán le téigear abea Lá Nua agus sean Foinse. Anois seo chughainn SF – an pháirtí a raibh deis acu an dhá nuachtán seo a thabhairt slán – le h-iris pháirtí lán d’fhéin mholadh agus bolscaireacht. Ní fiú cac muice é mar chúiteamh.

    Ní ‘cur leis’ na meán Gaeilge é seo ach baint de.

    Ba dheas liom a cheapadh gur cuid den straitéis é seo a d’fhogair an pháirtí go mbeadh siad á Ghaelú – ach is amhlaidh go bhfuil an pháirtí seo nimhneach don teanga.

  • RG Cuan

    Tá an iris feicthe agam agus ní bolscaireacht é in aon chor. Tá altanna spéisiúla ann, chomh maith le díospóireacht mhacánta ar chúrsaí Gaeilge.

    Ní nuachtán é ach níl sé ag iarraidh bheith ina nuachtán! Tá iarracht á déanamh ag páirtí polaitiúil iris Ghaeilge a chur amach agus dar liom go bhfuil siad le moladh. Dá mbeadh a leithéid ag gach páirtí sa tír bheadh muid i bhfad ní b’fhearr as!

  • Ní chreidim gur féidir na téarmaí ‘Sinn Féin’, ‘mhacánta’ agus ‘cúrsaí Ghaeilge’ a úsáid in aon mhír amháín.

  • Gael gan Náire

    Bheadh sé suimiúil fáil amach cad a shileann daoine eile a bhfuil sé feicthe acu, go háirithe iad siúd nach dtacaionn le Sinn Féin.

    Cad a mheasann lucht Shinn Féin ar a bheagan Gaeilge?

    Bheadh sé suimiúil fosta fáil amach an mbeadh pleananna ar bith aige pairithe eile ar nós an SDLP.

    “Tá an iris feicthe agam agus ní bolscaireacht é in aon chor.”

    Seconded.