Is é an lár an áit is tábhachtaí i dtólamh

Théis gach toghchán ina raibh Sinn Féin ann riamh is féidir a bheith cinnte do chupla rud. Beidh daoine ag rá go raibh toghchán tubaisteach ag an pháirtí, d’ainneoin na torthaí. Bhí gach Sinn Féineach a bhfuil aithne agamsa air iontach sásta leis na torthaí.

Is é an darna rud ná go mbeidh daoine ag rá go gcaithfeadh an páirtí dul níos faide ar chlé chun tuilleamh tacaíocht a fháil, ní aontaím.Ní fheicim cén fáth a bhfuil sé riachtanach ‘achas’ ar bith seachas neamhspléachas a cheangal le Sinn Féin, nach féidir le daoine nach gcreideann san soisialachas a bheith ag obair ar son neamhspleachas fosta? Ar ndóigh, is féidir leo.

Ní fhaigheann Sinn Féin mórán vótaí ó dheas dar liomsa mar gheall ar an soisialachas, faigheann Sinn Féin cibé vótaí a fhaigheann siad de thoradh ar sheasamh an pháirtí ar an chríochdheiligt agus ar sin amháin.

Dá mbeadh ciall ag an pháirtí, rachadh siad chuig an taobh chlé den lár, chan fhuil mórán fada amuigh ar an eite chlé, vótaí ach go háirithe.

  • Conas a réitíonn an tuairim atá ag gach Sinn Féineach atá aithne agat air go raibh údar sásaimh sna torthaí toghcháin ó dheas le cliseadh SF i mBaile Atha Cliath, cró na cumhachta ó dheas?

    Ní h-amháín gur chaill SF an suíochán i bPairlimint na hEorpa a bhí ag Mary Lou McDonald ach b’é Joe Higgins a bhuaigh é – léiriú go raibh an toghlach míshásta le SF agus an bogadh atá acu i dtreo an láir, bogadh a dhearbhaíodh ag an olltoghchán in 07 nuair a bhí SF ar bís dul isteach i gcomhrialtas le FF.

    Bhí sé aisteach freisin gur fhan SF ina dtost le déanaí nuair a bhí an clampar ann faoin raiteas a bhí ag Frank Flannery ó FG nach mbeadh leisc air dul i bpáirt le SF i gcomhrialtas – póg an bháis, cheapfá, do pháirtí a bhí go dtí cúpla bliain ó shin ag cur cuma an radacachais orthu féin.

    Is é an deacracht atá ag SF go bhfuil siad ar chúl an toghlaigh atá siad ag iarraidh ionadaíócht a dhéanamh air. Níl siad ag léiriú an cheannaireacht atá gá leis ag an am seo. Tá an toghlach ag imeacht go dtí Higgins mar go bhfuil sé tar éis seasamh go tréan ar na ceisteanna céanna ar feadh na mblianta. Creideann siad go bhfuil sé ionraic agus creideann siad go seasfaidh sé an fhód ar a son – ní ionann agus Sinn Féin a léimfidh, is cosúil, in aon leaba le páírtí ar bith, an DUP ó thuaidh, FF nó FG nó an Lucht Oibre ó dheas. Nuair a dheineann tú striapach pholatúil díot féin, ní mór duit bheith ullamh don diultú ó dhaoine ionraic a bhí ag súil le caighdeáin níos fearr uait.

    Deir tú go bhfuil gach vóta a fhaigheann SF á fháil ag an pháirtí mar gheall ar an seasamh atá ag an pháirtí ar chriochdheighilt. Ní fheictear dom go bhfuil aon rud ar chúl an cheannlíne a bhionn ag SF go bhfuil siad in éadan an chriochdheighilt. Is beag a deir siad faoi chostas na criochdheighilte sa chóras sláinte nó oideachais, an chostas ar chustaiméirí na mbanc airgead a aistriú ó dheas nó ó thuaidh idir bhrainsí den bhanc céanna, an chostas a bhaineann le fón póca a thabhairt sall is anonn thar teorainn. Dhéarfainnse féin go bhfuil níos mó déanta ag Edwin Poots deireadh a chur le criochdheighilt ná mar atá déanta ag SF nó chuidigh Poots le h-oscailt Canál na hÉirne!

    Ar an láímh eile, is créatúr de chuid SF Foras na Gaeilge agus níl fógra níos measa d’Éire Aontaithe ná é. Tá sé mí eifeachtach agus lofa, tá muinín an phobail ar a bhfuil sé ag déanamh riar – nó in ainm is – caillte aige agus níl aon tre dhearcacht nó cúntasacht ag baint lena ghníomhaíochtaí. Ní fhoilsíonn sé cúntais go dtí go mbionn sé i bhfad ró mhall agus ní féidir tabhairt eolas a thabhairt de bharr nach bhfuil sé ceangailte ag reachtaíocht um shaoráil faisnéise. Más léiriú é Foras na Gaeilge ar an cineal Éire Aontaithe a bheas ann, b’fhearr liom déanamh gan é cé go bhfuilim ar shon Éire Aontaithe an oiread is atá Gerry Adams.

    An léamh is fearr ar an scéal ó thaobh SF de, gurb é an páirtí is lú éifeacht agus an páirtí is mó calainn. An leamh is measa go bhfuil siad ag baint feidhme as an chaint seo anois faoi Éire Aontaithe – a la Gerry Adams i Nua-Eabhrac ag an deireadh seachtaine – chun áird a bpobal féin a bhaint ar shiúl ó chúlú an pháirtí ó dheas ach go h-áirithe.

  • Re

    Christy Burke!!!

  • séamus mac seáin

    tá rudaí níos measa ná a shíl mé iad a bheith sa pháirtí, a GGN má tá baill SHINN FÉIN ag rá go raibh toghchán íontach acu ó dheas. is saghas galair atá ann a bheith ag cur cluain ort féin go bhfuil rudaí go hiontach nuair atá a mhalairt fíor(galair atá leitheadach i measc Gaeilgeoirí chomh maith) Chuaigh SF isteach sa toghachán le beirt bhall i bPairlimint na hEuropa agus tháinig siad amach as agus duine amháin acu.Chuaigh siad isteach sa toghchán le 51 Comhairleoir agus tháinig amach as le 54 Comhairleoir.Tá tú ag rá liom go bhfuil baill SF sásta le triúr Chomhairleoir breise mar thoradh ar an obair chrua a chuir siad isteach?.Sin dhá thóghchán i ndhiaidh a chéile nár éirigh leis an pháirtí dul chun tosaigh a dhéanamh ach tá cinnireacht an pháirtí slán sabháilte de réir cosúlachta.An deachtóireacht atá ann nach bhfuil daoine sásta dúshlán na cinnireachta a thabhairt? I ndhiaidh an toghchain dheireanaigh ó dheas D’éirigh Pat Rabbite as Cinnireacht pháirtí an lucht oibre nuair nar éirigh leis dul chun tosaigh a dhéanamh.D’éirigh bertie Ahern as nuair a ba léir narbh aon bhuntáiste don pháirtí é.Theip ar an SDLP ó thuaidh nuair a d’fhán Cinnirí an phairtí i gcumhacht ró fhada cé go raibh comharthaí seoirt ann go raibh athrú de dhíth le fada. Ansin d’imigh John Hume,Séamus Mallon agus Brighid Rodgers ag an am amhain agus níor éirigh leis an phairtí theacht chuige féin ó shin.Mura bhfuil daoine óga taobh istigh de SF atá sásta seasamh suas do Chinnireacht atá sathach iná ndóigh agus ró thugtha don “Celebrity Status” is beag atá i ndan dóigh dar liom.

  • RG Cuan

    Cibé rud faoin toghchán, is cinnte gur cheart do gach duine bheith in ann bheith ag obair ar son athaontú na tíre. Más sin an gnó is mó atá ag Sinn Féin, is dócha gur chóir dóibh an pholaitíocht eile s’acu a oscailt amach píosa beag.

  • An rud atá déanta ag Sinn Féin, chomh fada is a bhaineann sé liomsa, go bhfuil an pháirtí tar éis an chreidiúint a bhí acu de bharr an phroisis siochána a chur amú. Samhlaim go bhfuil an mothú atá agam i leith an pháirtí ar nós an mothú a bhí ag saighdiúirí Éireannacha in Arm na Breataine sna trínsí sa chéad chogadh domhanda i leith na nginearál. Ní chreidim iad. Níl mé chun mé féin a chur sa bhearna baoil ar a son. Tá an iomarca mé féineachas ag baint le Sinn Féin anois. Déanfaidh mé mo chuid oibre féin ar shon Éire Aontaithe – cuirfidh mé brú ar mo bhanc is ar aisínteachtaí eile a chothaíonn deacrachtaí le gnó nó plé tras teorainn agus gníomhóidh mé go pholatúil ar shon na cúise – ach ní ar shon Shinn Féin.

  • GGN

    Concubhar & Séamus,

    Sin é mo phoint dáirire, beidh léamh difriúil ar an scéal ag daoine a thacaíonn le Sinn Féin agus nach dtacaíonn leis an pháirtí, gnáthrud polaitiúil é sin.

  • séamus mac seáin

    ach a GGN cad chuige a gcaitheadh duine bhota do pháirtí eile ” lár an bhealaigh” seachas na páirtíthe atá ansin cheana féin ? Cad atá difriúl idir SINN FÉIN agus na páirtíthe eile sin? Is páirtí bunaíochta anois é thuaidh agus theas cosúil leis na páirtíthe móra eile gona gcultacha “moncaí” agus “dickie bows”.Is sean diúlach mé a chaith a bhóta ar shon páirtí frith bhunaíochta ariamh ach ar an droch uair ní raibh páirtí radachach ar bith ag seasamh sa toghchán Eorpach ó Thuaidh cúpla seachtain ó shin agus b’éigeán domh an dara rogha a thoghadh agus mo bhóta a chaitheamh ar shon an aon Ghaeilgeoir a bhí san iomaíocht nó ar a laghad bhí ruainín beag den radachas agus den réabhlóideachas ag baint le sin.Ba thrua gan mé a bheith inimhe é a chaitheamh do Joe Higgins nó thig linn a bheith cinnte go seasfaidh i gcoinne na bunaíochta.

  • Nordie Northsider

    Tá an ceart ag Séamus, mar is gnách leis, agus rachainn níos faide fós.
    (1) Is cuid de chultúr an mheánaicme sna 26 Contae dímheas a bheith acu ar Shinn Féin. Is cuma cá mhéad daoine deasa deisbhéalacha a chuireann SF chun tosaigh (is cuma fiú má tháinig na daoine sin ar an tsaol i ndiaidh don chogadh a bheith thart) – tá meánaicme an stáit ó dheas namhadach do ghluaiseacht na Poblachta mar gheall ar fhoréigean an ama atá thart. Beag an tábhacht cén chúis atá leis ná iad a bheith ceart nó mícheart: sin mar atá.
    (2) Ní léir cén fheidhm atá le SF ó ghéill siad do ‘phrionsabal na tola’ i.e. nach ndéanfaí stádas bunreachtúil na Sé Chontae a athrú gan toil mhórchuid an phobail ó thuaidh. Sin go díreach an port atá ag Fianna Fáil agus ag formhór na bpáirtithe ó dheas de réir mar a thug siad féin le fios ag an Fhóram um Shíocháin agus Athmhuintearas: go mba dheas an rud an tír a athaontú ach nár cheart (agus nach féidir) sin a bhrú ar dhream ar bith. Tá bunús na ndaoine sásta leis sin agus ní léir dóibh cad é an mhaith dúinn a bheith ‘ag éileamh’ an tír a aontú ná bheith i mbun feachtais fá dtaobh de. Bhuail Anthony McIntyre an sprioc nuair a dúirt sé gurb é prionsabal na tola a chloígh gluaiseacht na Poblachta. Gaoth agus gliogar atá sa chaint seo faoin tír a bheith aontaithe faoi 2016 nó faoi dháta siombalach eile.
    (3) Tuigeann daoine anois nach bhfuil rath i ndán do Shinn Féin agus nach fiú a bheith leo. Más mian le daoine an Rialtas a chloí vótálfaidh siad do pháirtithe níos éifeachtaí ná SF. Cuireann vótálaithe an stáit ó dheas rud a scríobh Seosamh Mac Grianna i gcuimhne dom: ‘Tá rud inteacht sna mná a bheir beathaigh allta in mo cheann. Má tchí siad lagar ar bith ort tá siad réidh leat.’ Cuir ‘vótálaithe’ in áit ‘mná’ ansin agus tá cur síos iontach beacht agat ar dhearcadh daoine sa stát seo maidir le páirtithe beaga freasúra. Bhí an t-olltoghchán deireanach tubaisteach. B’in teip amháin. Theip ar SF dul chun cinn a dhéanamh sna toghcháin áitiúla is Eorpacha. Sin teip eile. Seasfaidh Piaras Ó Dochartaigh san fhothoghchán seo i nDún na nGall. Bheadh seans maith aige suíochán a bhaint amach in olltoghchán ach níl a dhath i ndán dó nuair nach bhfuil ach suíochán amháin le baint. Teip eile. Tchí daoine lagar ar SF gan amhras agus is gearr go mbeidh siad réidh leo.

  • An deacracht atá ag SF agus iad ag iarraidh lár an bhealaigh a bhaint amach, nach bhfuil na polasaithe atá acu inchreidte a dhothain chun votairí lár an bhealaigh a mhealladh agus, anuas ar sin, níl an chumas léirithe acu – ie Foras na Gaeilge – a thugadh le fios gurb fhiú duit vóta a chaitheamh leo seachas le páirtí eile i lár an bhealaigh, ceantar pholatúil atá, mar a deir Séamus, plódaithe go leor gan bacadh le spás a bheith ann d’éan corr cosúil le SF.

    Is CV maith atá ag teastáil le h-aghaidh lár an bhealaigh – agus níl an CV go dáta ag SF thar moladh beirte, seachas an dream a bhionn de shíor ag gabhail leithscéil ar son an pháírtí. Nior mhiste liom tacú le SF – agus tugaim corr vóta don pháirtí – ach nílim chun mo vóta a thabhairt don pháírtí ‘ar son na cúise’. Caithfidh an pháirtí sin a thuilleamh….

  • Nordie Northsider

    Is seoid ghrinn (ach ni d’aon turas) an t-alt seo le Jim Gibney: ‘Spectacular Euro result is a cause of elation for Republicans’: http://www.irishnews.com/articles/540/606/2009/6/11/619861_384227658322Spectacula.html

  • Re

    Agus anois deirigh John Dwyer freisin?

  • GGN

    Re,

    Sin é go díreach, ceart agat.

    Tá sé de nós ag daoine fada ar an eite a chlé scoilteadh go furast.

  • Nach cirte a rá go bhfuil sé de nós ag páirtithe ar an eite clé scoiltead go furaist – ní h-é seo an chéad scoilt in SF agus is daoine le dealramh iad na daoine atá ag imeacht. Ní luafainn an bás le SF go fóill – ach is cinnte nach bhfuil an páirtí ar fónamh???

  • ggn

    Cnocubhar,

    Tá daoine ag súil le bás Shinn Féin le 80 bhliain, níor thárla sé go fóill.

    Tarlaíodh sé am éigin go cinnte ach chan go luath dar liom.

    Ní dóigh liom féin go raibh sé scoilt ann le déanaí i Sinn Féin, cé gur fhág cuid mhaith daoine go cinnte.

    Gach duine acu amuigh fada ar an eite chlé.

  • Mar a dúirt níl an pháirtí ag fáíl bháis – ach níl sé ar fónamh. Tá na laethannta is fearr fagtha ar chúl aige, chomh fada is a fheicim. Bhí scoilt sa ghluaiseacht i 1998 agus ansan ina dhiaidh sin d’fhag John Kelly.
    Ach ná bac le sin, tacaím le Seamus. Ní féidir leis bheith sláintiúil go bhfuil Gerry Adams agus McGuinness fós ina gceannairí ar an pháirtí breis is 23 bliain ón scoilt mhór dheireannach. Fiú bhí Lee Reynolds ag an UUP chun dúshlán a thabhairt do Mholyneux. Cá bhfuil Lee Reynolds SF?

  • Gael gan Náire

    Cnocubhar,

    Níor tháinig aonduine chun tosaigh, dar liomsa, a bheadh ábalta áit Adams nó McGuinness a ghlacadh.

    Caithfidh tú do mhúin a dhéanamh leis an bhod ata agat.