An Conradh is an Toghchán

toghchán ag teacht agus tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh orainn smaoineamh ar an Ghaeilge agus sinn ag caitheamh ár vótaí.

Is féidir na freagraí a thug na hiarrthóirí sa toghchán Eorpach a léamh anseo.

Tugaim an tacaíocht don chineál obair seo agus d’obair an Chonartha i gcoitinne. An tráth seo, mothaím go bhfuil cuid mhór Gaeil a bhfuil aithne agam orthu ag maíomh go bródúil go bhfuil siad chun vótaí s’acu a scriosadh.
Bíodh acu, tá an cheart sin acu ach níor athraigh vóta scríosta faic riamh i mo thuairim. Ar a laghad tá súil agam go luaifidh lucht scríosta vótaí leis n a polaiteoirí agus iad ag dul thart cad chuige a bhfuil seo ar bun acu.

B’fhearr liom dul bealach an Chonartha is an pholaitíocht a úsáid seachas neamhaird soineanta a dhéanamh air.

Freelance journalist, working mostly in Irish.

Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.

I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie