Dúil mhór insan aimin Patrick

Seo píosa gearrtha on colún Beocheist o Art Ó Maolfabhail insan Irish Times inniu… áitínn sé go raibh ‘s go bhfuil meas mór ar Phádraig le gach uile creideamh agus traidisiún ar an oileán…

Bhí dúil mhór ag na Normannaigh san ainm Patrick, rud nach raibh ag gnáthmhuintir na hÉireann go dtí i bhfad níos déanaí. In aimsir Liam Oráiste, mar shampla, ba é Tadhg (Teague sa Bhéarla) ainm aicmiúil an Éireannaigh easumhail. Ní raibh lá ‘Paddy the Irishman’ tagtha fós.

Sa bhliain 1783 bhunaigh rí Shasana ‘The Most Illustrious Order of Saint Patrick’ chun ‘uaisle’ na hÉireann a eagrú mar uirlis faoin smacht ríoga, agus mar thaca le rialú na tíre.

Ba í Ardeaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath ‘séipéal’ an oird ridireachta sin. Cumadh bratach ar leith don ord, ar ar tugadh ‘Crois Phádraig’ ainneoin nár mháirtíreach é Pádraig, crois sceabhach dhearg ar chúlra bán.

Sa bhliain 1895 bhunaigh an rí “The Royal College of St Patrick for the better education of persons professing the popish or Roman Catholic religion”.

Ba é sin bunú Choláiste Phádraig, Maigh Nuad, agus tugadh ‘Crois Phádraig’ mar shuaitheantas don choláiste sin. Ansin, le hAcht an Aontaithe 1800 fíodh Crois Phádraig isteach sa Union Jack agus tá sí ansin ó shin.

Categories Uncategorised

We are reader supported. Donate to keep Slugger lit!

For over 20 years, Slugger has been an independent place for debate and new ideas. We have published over 40,000 posts and over one and a half million comments on the site. Each month we have over 70,000 readers. All this we have accomplished with only volunteers we have never had any paid staff.

Slugger does not receive any funding, and we respect our readers, so we will never run intrusive ads or sponsored posts. Instead, we are reader-supported. Help us keep Slugger independent by becoming a friend of Slugger. While we run a tight ship and no one gets paid to write, we need money to help us cover our costs.

If you like what we do, we are asking you to consider giving a monthly donation of any amount, or you can give a one-off donation. Any amount is appreciated.