Tá an ceoltóir Gaeilge mór le rá Tadhg Mac Dhonnagáin anois i measc lucht na blagáile sa bhlagtacht le blag úr s’aige Garraí Johnny Morgan – cuma mhaith air. Silím go mbeidh rudaí spéisiúla éagsúla le léamh ann amach anseo.
Ar scór ar bith, shíl mise féin go raibh an ceann seo suimiúil, cé nach aontaím leis go huile is go hiomlán.
Lá Fhéile Pádraig a bheas ann amárach a chairde, cibé rud a dhéanfas muid tá súil agam nach rachaidh muid thar fóir leis – mar a rinne mé féin agus mé chomh ólta le cat oíche Dé Sathairn ansin, tá mé buartha fá sin! ach i ndeireadh na dála, níor scrios mé a dháth seachas m’oíche airneála féin. Bímis ciallmhar?
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts to your email.