Tá suíomh idirlín úr ag an iris nós* agus silím gurb é an suíomh idirlín is fearr dá bhfuil againn i nGaeilge. Tá suíomh idirlín Raidió Fáilte iontach maith ach silím go bhfeil lámh in uachtar aige nós*.Is fiú go mór dul isteach ann óir is féidir trácht a dhéanamh ar na hailt agus eile, tá sé ceannródach amach. Ar ndóigh, tá ailt de gach cineál le fáil ann agus tá gach ábhar a chludach ann, seachas ceann amháin, an Ghaeilge fhéin!
Bíonn Gaeilge na hAlbain ann fosta, rud a thaitníonn go mór liomsa de bhrí go gcreidim gur chanúintí iad Gaeilge Mhainnín, Gaeilge na hAlbain agus Gaeilge na hÉireann den teanga amháin. Cá bhfios, Gaelg Mhainnín ar nós* amach anseo?
Creidim go mbeidh suíomh úr ag Nuacht 24, atá ag dul ó neart go neart dar liom, roimh i bhfad chomh maith agus tá mé féin ag súil ag mór leis sin. Ar ndóigh, chan fhaigheann ceachtar acu, nós* nó Nuacht 24 pingin rua ón Fhoras.
UPDATE : Rinneas iarracht na nascanna a dheisiú ach ar eagla na heagla…
www.nosmag.com & www.raidiofailte.com
Gluais :
suíomh idirlín = Interweb thingy place
iris = magazine
Gaeilge na hAlbain = Scottish Funny Gaelic with Funny accent accompanied by strange stare.
Nuacht = News
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts sent to your email.