Daonáireamh Gaeilge Shluigéir 2009

In amanna, nuair a bhíonn líne cainte i nGaeilge anseo ar Slugger, ní bhíonn mórán teachtaireachtaí ann. Tugann roinnt daoine suntas ar sin, agus tuigeann roinnt daoine gur fianaise é sin nach bhfuil mórán Gaeilge ag daoine i gcoitinne.

Ó mo thaobh féin de áfach, cuireann sé mo shaith iontais orm i gcónaí go bhfuil an méad sin daoine le Gaeilge ag blagáil anseo, go hannamh nó go rialta.

Ar ndóigh, tá Béarla ag beagnach gach duine, mar sin ní ábhar iontais é in aon chór go mbíonn níos mó ag blagáil i mBéarla. Níos tábhachtaí ná sin áfach caithfear cuimhneach go bhfuil go leor ábhair ann a bhíonn lucht na Gaeilge ar aon fhocal de chuid is mó – níl ábhar argóna ann mar sin.

Lena chois sin, ní féidir go mbíonn díospóireachtaí eadar náisiúntóirí agus aontachtóirí trí mheán na Gaeilge. Sin an difear is mó dar liom.

Ar na hábhair ceánna, ní féidir a bheith ag súil go mbíonn an trácht ceánna ag freastal ar na blaganna Gaeilge ach an oiread.

Mar sin, bhí fonn orm Daonáireamh Gaeilge Shluigéir 2009 a bheith ann.

Tá dhá cheist simplí ann.

1. An dtuigeann tú cad atá scríofa anseo?
2. An féidir leat díospóireacht a bheith agat i nGaeilge

Go raibh maith agaibh a dhaoine uaisle.

  • A GhGN,

    1. An dtuigeann tú cad atá scríofa anseo?

    Tuigim.

    2. An féidir leat díospóireacht a bheith agat i nGaeilge

    Is féidir.

  • eamann

    tuigim

  • Seimi

    Tuigimse chomh maith. Anois, fánfaidh muid ar an chéad post gearán 🙂

  • Danny

    Tuigim and is féidir liom ach mar a deirtear, “is minic a bhris béal fear a smig”. Sin an fáth nár thaitin an díospóireacht liom. Tá go leor le léamh anseo ar slugger gan mise ag chur leis!

  • foreign correspondent

    Tuigim agus is féidir. Tá neart daoine ann a bhfuil Gaeilge acu, bheadh iontas ort…
    Ar ndóigh tá an ceart agat nuair a deir tú
    ´´ní féidir go mbíonn díospóireachtaí eadar náisiúntóirí agus aontachtóirí trí mheán na Gaeilge.´´
    ach nach mbeadh sé suimiúil dá mbeadh a leithéid ann lá éigin?

  • sms

    a haon,a dó,a trí agus tá mé imo shaoí (sic) an focal is ansa le lucht na beadaíochta le tamall anuas. DAS bhrúigh mé “submit” ata i aice le do cheistneoir sul ar mhothaigh mé nach chuige sin a bhí sé.

  • Nicheapaim

    (1) Tuigim

    (2) Is féidir

  • An fhirinne gharbh

    Tuigim, tuigim as agus tuigim do. Ta an suiomh le moladh go mor as a oiread abhair Ghaeilge a fhoilsiu. Is e an trua gurb i an teanga fein is mo a bhionn faoi chaibidil, ach b’in galar na nGael riamh anall.

  • sms

    dóibh siúd a thuigeann agus a thuigeann agus gur féidir leo. na déanadh siad dearmad go dtig leo “PAYPAL” a úsáid le síntiús a thabhairt ar “suíomh AN DRUMA MÓR” agus an páipéar “NUACHT 24” a fháil sa phost gach seachtain. margadh maith ar £2.50 sa seachtain

  • Gael gan Náire

    A fhírnne Ghairbhe,

    Ouch.

    Iomlán an chirt agat ACH is é an príomhfáth atá mise anseo (dar liomsa) ná chun léargas de chineál éigin a thabhairt ar an tsaol Gaelach.

    Is é an bunchúis le fríthGhaelachas ná aineolachas (dar liomsa).

    Mar sin, bainim úsáid as an Bhéarla chun rudaí a chur in iúl do lucht an Bhéarla, ag súil go mbeidh tuigbheál níos fearr ann da bharr.

    Anois rinne mé rudaí a phostáil anseo as Gaeilge nár bhain leis an Ghaeilge agus déanfaidh mé arís é ach bíodh a fhios agat, pioc suime iontu nár léirigh na Gaeil!

  • sms

    a GGN a chara
    de réir na háisfhreagraí atá ar do cheistneóir go dtí seo an amhlaidh go gcaithfidh tú athamharc a bheith agat ar do dhaonáireamh agus ar á chonchlúidí ?

  • Gael gan Náire

    sms,

    Silím go bhfánfaidh mé tamall sula mbainfidh mé toradh as an ceann seo.

  • Dublin voter

    (1) Tuigim

    (2) Is féidir

    Agus chun an pota chasadh… is fuath liom Sealadaigh ag baint úsáid as an nGaeilge ar bhonn polaiticiúil.

  • ersehole

    tuigim, is féidir.

  • Déaglán

    Tuigim 🙂

    B’fhearr díospóireacht i nGaeilig ná i mBéarla 😀

  • foreign correspondent

    Ok, ní bhaineann sé díreach le hábhar ach tá alt suimiúil ann sa Guardian inniu faoi bhunachar sonraí nua atá á chur ar fáil ag UNESCO i dtaca le mionteangacha atá i mbaol.
    Seo an nasc:
    http://www.guardian.co.uk/world/2009/feb/20/endangered-languages-unesco

  • picador

    – Tuigim
    – Is feidir

  • ArchiePurple

    I see the Chukkies are having a private chat !!

  • picador

    Ná beathaigh an troll!

  • D’Oracle

    Tuigim agus, cinnte, is feidir

  • Wilde Rover

    Ta broin oraim. Nil me i ndon an fada a dheanamh air on roimhaire.

    Tuigim, agus is leir gur feidir liom seafoid a leabhairt o am go h-aim.

    Is droch rud e go bhfuil an chuid is mo de mo theange cailte agam.

    ArchiePurple,

    “I see the Chukkies are having a private chat !!”

    And this is why I say fuck Sinn Fein and what they have done to the perception of the language.

    Is trua an sceal e, ach sin mar ata.

  • Wilde Rover

    mo theanga

  • Metacom

    Tuigim reasunta maith ach, mo bhron faoi, nil mo cuid Gaelige maith go leor díospóireacht a dheanamh i nGaeilge.

  • Gael gan Náire

    Bhál, tá cuid mhór daoine théis teacht chun tosaigh mar Ghaeilgeoirí, ach tá mé ag déanamh go bhfuil níos mó postaeirí amuigh ansin.

    Ba mhaith liom a bheith ábalta cur in iúl do dhaoine go bhfuil ‘margadh’ ann do na línte cainte i nGaeilge, ar rudaí nach Gaeilge iad chomh maith.

    Mas féidir a rá, éist, tá caoga duine anseo arbh fhéidir leo an díospóireacht a thuigbheáil, beidh muid in inmhe sin a dhéanamh.

    Tá gá le meán Gaeilge, as Gaeilge amháin, ach is tábhachtach go mbeidh an Ghaeilge le léamh i bhfoinsí atá i mBéarla den chuid is mó – Irish Times, Irish News, BBC, Slugger O’Toole.

    Go raibh maith agaibh go dtí seo.

  • PaddyReilly

    Wilde Rover

    Ni hé ArchiePurple an fear is réasúnta ar dhroim an domhain. Muna mbeadh na Sealadaigh bheadh seisean mar an gcéadna.

  • Peadar O’Donnell

    – Tuigim
    – Is féidir

    Agus aontaím leis an méid atá ráite ag Wilde Rover faoi na sealadaigh!

  • Me

    Tuigim

    B’fhearr díospóireacht briste ná díospóireacht cliste!

  • Caint cóir

    Tuigim

    Is féidir

  • Mac an tSionnaigh

    Tuigim

    Is féidir

  • Is cacamas amach is amach é an ‘daonáireamh’ seo. Má tá rud éigean spéisiúl le rá agat, a Ghaeil, abair é agus seans go mbeidh diospóireacht ann. Nílim sásta cur suas leis an ráiméis seo go gcaithfidh líon áirithe Gaeilgeoirí bheith ann chun diospóireacht a chur ar bun, cé acu an 50 nó 500 an líon sin.

    Creidim freisin, dála an scéil, nach ar leas na Gaeilge do anailís ar líon na gcainteoirí, dar leat, atá ag baint úsáid as an dteanga ó thuaidh, an anailís atá foilsithe agat ar do sheana bhlag i nGaeilge amháín ar eagla go dtabharfadh namhaid na Gaeilge faoi ndeara é agus go mbainfidís leasa as.

    Maíonn SF gurb iad cáirde na Gaeilge agus féach an dochar atá déanta acu!

    Dála an scéil, ní raibh 20% d’oráid an Uachtaráin Mhic Adaim i nGaeilge – nios giorra do 5%!

  • RG Cuan

    Ceisteanna:
    1. An dtuigeann tú cad atá scríofa anseo?
    2. An féidir leat díospóireacht a bheith agat i nGaeilge

    Freagraí:
    1. Tuigim
    2. Is féidir

    Tá tábhacht leis an eolas seo. Ar ndóigh ní gá go mbeadh líon áirithe ann chun díospóireacht a dhéanamh ach is deas an t-eolas bheith againn.

  • Gael gan Náire

    A Chairde,

    Go raibh maith agaibh as cuidiú liom ar an ábhar seo.

    Tá sé ar intinn agam tuilleadh línte cainte Gaeilge a dhéanamh amach anseo ar ndóigh.

    Anois cé gur duine gan creideamh mise, tá mé chun éirí as an bhlagáil don Charghas.

    Cha bhainím úsáid as an ríomhaire ach amháin chun obair a dhéanamh agus chun na rphostanna a sheiceáil.

    Ádh mór oraibh go léir.