Mar is eol do roinnt daoine agaibh fán am seo is dócha, scríobh An Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó dheas, Eamon Ó Cuív (Eamó), alt mór fada ar an Irish Times cupla seachtaine ó shin anois dar teideal Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine. Chuireas fáilte roimh a chuid focail. Duine ar bith dar léigh mo bhlag féin riamh, bheadh fios acu go mbeinn féin ag tacú go mór leis an mhana sin agus gurbh bheag ról an rialtais i dtodhchaí na teanga dar liomsa, bráthann sé sin ar na daoine agus agus lucht lábhartha na Gaeilge ach go háirithe.
Ceapaím féin gurb é ról an rialtais cothromas a chothú is a chosaint eadar an Bhéarla agus an Ghaeilge chun fíordheis a thabhairt do dhaoine chun a rogha theanga a úsáid mar is ceart.
Lena chois sin, tá meas mór agamsa ar Eamó agus is é mo thuairim gurb é an Aire is eifeachtaí dá raibh aige riamh ó thaobh na Gaeilge de agus gurb é an gníomhaire Gaeilge is airde sa rialtas le fada an lá.
Is féidir libh féin a léamh thall ar Gaelport ach seo cupla sleachta a chuir mé féin spéis ar leith ann.
Tá Taoiseach nua againn atá ag cur an-spéis sa Ghaeilge agus atá anois mar Chathaoirleach ar an gCoiste Comhaireachta.
Go maith.
Mar atá ráite agam go minic cheana, creidimse go mbeadh an taoille casta dá mbeadh 250,000 duine sa tír ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Sin an sprioc atá agam agus ag an Rialtas. “
Cinnte.
Caithfidh an Ghaeilge athrú ó theanga pobal tuaithe go teanga atá inghlactha sa saol cathrach agus mar sin creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfear go mór leis an ngréasán pobail atá á thógáil timpeall thart ar naíonraí, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí sna cathracha.
Tá an cheart ar fad agat ansin Eamó ach cuirfinn leis go bhfuil lonnaíochtaí de dhíth orainn caithfear sin a theachta óna daoine féin dar ndóigh.
Níl aon amhras ach go bhfuil an-obair déanta ag pobal Bhéal Feirste leis an gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál agus is rud mar sin atá i gceist agam, áit a bhféadfadh daoine bualadh isteach agus casadh le daoine agus réimse seirbhísí leathan pobal Gaeilge a fháil.
Níl dabht fá sin ach ní An Chultúrlann bun agus barr scéal na Gaeilge I mBéal Feirste ach an oiread.
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie
Discover more from Slugger O'Toole
Subscribe to get the latest posts sent to your email.