“Bha e air an ròp an uair a bhrìs e…”

Anton MacCaba le sceal tragóideach on na hInse Gall…Le hAnton Mac Cába

(first printed Tyrone Herald 19 January 2009)

Ba bhuille trom d?r gcomh-Gaeil in Alban an Céad Cogadh Mór (First World War). Bhí sé 90 bliain agus Lá Cinn Bliana ó tharla an tubaiste (disaster) aonair (single) ba mhó dar bhuail Gaeil na hAlban ó bhriseadh (defeat) Blàr Chùil Lodair (Culloden) i 1745. Báthadh 205 an 1 Eanair 1919, gurb as Oileáin Leòdhas agus na Hearadh sna hInse Gall (Hebrides) do 181. Bhí siad ar an Iolaire, a chuaigh go tóin (sank) go luath maidin an 1 Eanáir 1919.

Rinneadh comóradh (commemoration) orthu 90 bliain agus lá an tubaiste, ag Steòrnabhaigh ar Leòdhas sna hInse Gall (Hebrides). Ina measc a bhí ann bhí Marion Mhic Leòid, 94 bliain d’aois, gur cailleadh a hathair.

Bhí na mairbh a mbealach arais ón gCéad Cogadh Mór. B’ionann a líon (number) agus 20% d’iomlán marbh Leòdhais sa Chéad Cogadh Mór – ach an cogadh bheith thart ag an am.

Ba luamh (yacht) de chuid an Chabhlaigh Ríoga (Royal Navy) é an Iolaire. Bhí ar a laghad (least) 280 ar bord nuair a sheoil sé ó Caol Loch Aillse (the Kyle of Lochalsh) ar tír mhór go mall an 31 Nollag. Ní raibh báid tarrthála (lifeboats) ach fá choinne 100, agus criosanna tarrthála (lifebelts) fá choinne 80. Ba de bharr an gnáth-bád farantóireachta (ferryboat) bheith plódaithe (crowded) a baineadh úsáid as an Iolaire.

Bhí an oíche ciúin ag an tús, ansin d?irigh an ghaoth. Sheoil an Iolaire díreach isteach i mBiastan Thuilm, carraigeacha ag béal chalafoirt Steòrnabhaigh. Chuaigh sé faoi i bhfarraige gharbh agus é 20 troigh (feet) ón gcladach.

Cheangal fear de mhuintir Mhic Leòid ón Nìs ropa thart air féin gur shroich talamh tirim. D?irigh leis dhá scór fear a tharraingt slán go talamh. D?irigh le fear amháin dul suas ar chrann (mast) an Iolaire, gur fhan ann go maidin. Shroich deartháir an fhir seo Caol Loch Aillse an lá roimhe, gur fhan ansin le go mbeadh siad beirt ábalta teacht abhaile lena chéile. Báthadh an fear a d’fhan.

Bhí fiosrúchán (inquiry) ag an Chabhlach Ríoga, mar nár foilsíodh na sonraithe (details) go 1970. Dhearbhaigh (proved) fiosrúchán poiblí go ndearna oifigigh an Iolaire fáillí (neglect) ina ndualgaisí (duties) maidir le stiúradh an bháid, agus go ndearna an Cabhlach Ríoga fáillí chomh maith.

Tuigimid anseo go gcuireann eachtra mar sin tráma ar phobal ar fad. Réab an tragóid an croí as an oileán. Sna 20idí, bhí an-imirce (emigration) ó na hInse Gall. Mí Aibreáin 1923 d’imigh 600 go Ceanada ar dhá long san aon seachtain amháin. Bhí sé 41 bliain go dtí gur tógadh leacht cuimhneacháin (memorial) do mairbh an Iolaire. Níor labhair daoine faoi go cionn (for) beagnach 50 bliain.

Tá aithne ar Ana Frater mar fhile Gàidhlige. Labhair mé léi faoin eachtra (event), nó b? a scríobh an dán mór ‘Màiri Iain Mhurch’ Chaluim’ faoi. Is rud iontach pearsanta aici an tragóid, cé gur beagnach 50 bliain ina dhiaidh a rugadh í. Báthadh a sin-seanathair (great-grandfather). Tháinig a sean-athair ar thaobh a máthair abhaile ón gCogadh an oíche céanna, é ar an bhád eile a sheoil ó Caol Loch Aillse.

Agus mé ag caint léi, ba léir go gcuireann ar tharla fearg uirthi. “Taobh amuigh de Leòdhas agus na Hearadh, níor aithníodh (recognized) an rud a tharla,” ar sise. “Bhí sé ar an tubaiste mara ba mhó ag an Ríocht Aontaithe (United Kingdom), seachas an Titanic. Ag an comóradh 90 bliain, bhí an radio agus teilifís Gáidhlige ar dóigh (excellent). Agus muid ag caint ar na mór-mheáin (main-stream media), bhí sé feiceálach (visible) nach raibh siad ann.”

Tharla an tost faoin úafás ina teaghlach féin: “Chaill mó sheanmháthair féin a h-athair. Bhí fhios againn sin, ach níor labhair sí faoi riamh go dtí gur tháinig stráinséar ón radió áitiúil.”

Tig leat teacht ar dhán Anna. Bain triail as é a léamh.

, ,

  • picador

    OK, here goes..

    Tá scéal an-bron ach an-suimiúl freisin.