Nuacht24

(Post refers to developments in Irish language media, I have written it in an Ulster Gaelic dialect to see if anyone can tell)

Bhál a chairde, tá muinn anois beagnach mí ar aghaigh bho chaill muinn an nuachtáin laethamhail Gaedhilge, Lá Nua ach cheanna fhéin tá páipéar úr i gcló i mBéal Fearsaide cois cuain. Tá leagan na seachtaine seo den pháipéar nua, Nuacht24 anois ar fáil bho shuíomh An Druma Mór AGUS tá sé ar fáil i gcló sa Cheathrú Póilí, siopa leabhair na Cultúrlainne i dTuath na bhFál ar chostas 30p.

Lena chois sin, tá nuaíocht maith eile againn mar a tífidh sibh ar Nuacht 24, de bhrí go mbeidh forlíonadh ealaíona Lá Nua, a bhí iontach maith i rith an ama dar liom ag leanmhaint leis – beidh sé ar fáil ar líne bho shean-shuíomh Lá Nua AGUS i bpáipéir de chuid Ghrúpa Mheán Bhéal Feirste. Tá iar-eagarthóir Lá, an tUasal Ciarán Ó Pronntaigh ceapthaí acu mar eagarthóir.

Is deorach domh an nuaíocht seo gan amhras. Tugadh buille do Ghaeil Bhéal Fearsaide ach go háirithe le bású Lá Nua ach thánaic siad ar ais go tréan. Tá guth láidir óg le mothú aríst i mBreac-Ghaeltacht Bhéal Fearsaide.

nós* amuigh chomh maith. Iontach.

Deontas ar bith chan fhuair Nuacht24 nó nós* agus chan ionann deontas is saibhreas mar atá cruthaiste acu dís. Bheirim moladh ó chroí don dís atá taobh thiar den dá thionscnamh seo.

  • Paddy Matthews

    A GhGN, rinne tú dearmad leis an seoladh sa nasc don Druma Mór – caithfear an chuid a bhaineann le sluggerotoole a fhágáil ar lár…

  • Níorbh buille do mhuintir Bhéal Feirste amháin basú Lá Nua – ba bhuille é don náisiún Gaelach – agus is dearcadh paróistiúil amach is amach é féachaint air mar atá tú. An oiread céanna is seirbhís náisiúnta é a tharlaíonn do bheith lonnaithe i mBéal Feirste An Druma Mór. Is é bua an ídirlíon an uair a fhoilsítear é i mBéal Feirste is féidir é a léamh áit ar bith ar domhan, fiú amháin Cúige Múmhan.

    (B’fheidir nár cheart dom íontas bheith orm go bhfuil dearcadh paróistiúil ag duine a bhionn ag plé le bailte fearainn Bhéal Feirste ó lá go lá!)

    Ar ndóigh níl aon cur i choinne chanúint Uladh a chothú agam – ach ní chuidíonn sé le caidreamh uile Éireannda má tá canúint amháin á bhrú mar seo. D’fhéadfadh duine féachaint ar an méid a scrígh tú, a Ghaeil, agus a rá gur droch Ghaeilge a bhí ann an oiread is go deir roinnt daoine gur droch Bhéarla é Albainis Uladh.

    Ach tá an ró bhéim ar Ultachas atá á bhrú chun tosaigh agat, a Ghaeil, agus ag Sinn Féin, tugaim faoi ndeara, agus iad ag caint níos minicí faoin deisceart amhail is go bhfuil siad ag aithint an crioch dheighilt, ag cothú deighilt nuair nach gá deighilt a bheith ann.

    An oiread céanna, tá an Aire O Cuív ag cothú an criochdheighilteachis agus é ag maíomh gur cheart eagraíocht amháin Ghaeilge a bhunú chun an teanga a mhaoirsiú sa stat ó dheas. Is le Gaeil thuaidh, theas, thoir agus thiar an teanga. Má tá slanú na teanga le réiteach bíodh sé le déanamh ar bhonn uile Éireann.

    Maidir leis an mbealach a bhaineann tú feidhm as an dtéarma ‘Breac Ghaeltacht’ le cur síos ar Ghaeltacht Bhéal Feirste, b’fheidir nár mhiste athmhachnamh a dhéanamh air sin. Is téarma cruinn é maith go leor chun cur síos a dhéanamh ar cheantar ina bhfuil Gaeilge agus Béarla á labhairt ann. Ach de ghnath usáidtear é chun cur síos a dhéanamh ar an cheantar óna bhfuil an Ghaeilge ag imeacht. Tá blas diultach ar an bhfocal. I mBéal Feirste, is a mhalairt de scéal atá ag titim amach. Tá gá le téarma nua dearfach le cur síos a dhéanamh ar an stadas sin.

    Gabhaim comhghairdeas le Ciarán Ó Pronntaigh, mo shean chara, as a cheapachán i bhfeidhil ar fhorlíonadh ealaíne nuachtáin Ghrúpa Mheáin Bhéal Feirste. Faoi Chaibidil an ainm ar bhaist mise ar fhorlíonadh litríochta Lá/Lá Nua. Ní fheadar an leanfaidh an ainm sin anois agus é á fhoilsiú mar iatán i nuachtáin i GMBF.

    Anuas ar sin, tá súil agam go mbeidh todhchaí fada ag an iatán seo agus go bhfuil níos mó i gceist ná Grúpa Mheáin Bhéal Feirste bheith ag crú Chomhairle Ealaíne Thuaisceart Éireann le h-aghaidh an deontas a ceadaíodh do Lá Nua go dtí go mbeidh an deontas sin ídithe ag deireadh na bliana.

  • Gael gan Náire

    “agus is dearcadh paróistiúil amach is amach é féachaint air mar atá tú.”

    Tá mé ag glacadh nár mhothaigh tú na focail ‘ach go háirithe’.

    “ní chuidíonn sé le caidreamh uile Éireannda má tá canúint amháin á bhrú mar seo.”

    Ní náisiúntóir Éireannach mé. Is náisiúntóir Gaelach mé.

    Labhairfidh agus scríobhfaidh mé cibé dóigh a bhfuil fonn orm. Sin é mo cheart. Mar Ultach, char ghlac mé riamh gur dhrochGhaeilge í is ní ghlacfaidh.

    Go raibh maith agat as d’ionchur.

  • Nach tú atá goilliúnach….

    Más náisiúntóir Gaelach thú mar a mhaíonn tú, ba cheart go mbeifeá ag iarraidh canúint atá caighdeánach a chur inár láthair chun na snathaidí éagsúla ó gach chuid den náisiún domhanda seo a fhí le cheile in aon taipéis amháin. Is í an Ghaeilge chaighdeánach an bealach chun daoine a thabhairt le cheile ó na cúigí éagsúla. Ní aontaím leis an dheighilteachas seo a bhíonn á bhrú ag Sinn Féin agus ‘Ultaigh Bheaga’ eile.

    Nach tusa an fear céanna a bhionn ag scríobh trachtaireachtaí anseo in Albainis Uladh agus go bhfuil sé le tuiscint uait nach bhfuil ann ach droch Bhéarla. Is féidir liom féachaint ar an nGaeilge Ultach, mar a thugann tú uirthí, agus a rá nach cosúil domsa ach gur droch Ghaeilge í.

    Nílim ag iarraidh buiochas as ‘ionchur’. Seo pointe le plé. Is léir domsa go bhfuil d’aigne siocaithe i ré na cloch aoise agus nach dtuigeann nach féidir le rudaí athrú chun feabhais.

  • GGN

    “Is féidir liom féachaint ar an nGaeilge Ultach, mar a thugann tú uirthí, agus a rá nach cosúil domsa ach gur droch Ghaeilge í.”

    B’fhéidir leat. Ach níl mé ag déanamh go mbeadh mórán daoine ag aontú leat. Tá an chuid is mó de na daoine in Éirinn sásta nach bhfuil canúintí amháin níos fearr ná an ceann eile.

    Creidim sin sa dóigh ceánna is nach gcreidim go bhfuil teanga amháin níos fearr ná teanga eile.

    “Nach tusa an fear céanna a bhionn ag scríobh trachtaireachtaí anseo in Albainis Uladh agus go bhfuil sé le tuiscint uait nach bhfuil ann ach droch Bhéarla.”

    Char dhúirt mé gur droch-Bhéarla a bhí ann riamh agus ní chreidim a leithead. Déanta na fírinne, má léitear an post a rinne mé ar Albainis Uladh, tífear go bhfuil mé baúil di.

  • picador

    As I am learning Irish I find any deviation from the standard unhelpful.

  • Metacom

    Taim leatsa, a Picador, ta an Gaelige caighdean deacair go leor.

  • Gael gan Náire

    Pic,

    Tuigim do chás, more than happying to clarify anything you wish.

    Go n-éirí leat le do chuid staidéar.

  • Nuacht Mhaith

    Scéaltaí iontacha ar fad ar fad go bhfuil nuacht24 agus an iris nós* anois ar fáil. Ní raibh a fhios agam mar gheall orthu, agus tá cuma dochreidte ar nós* ach go háirithe.

    I dtaca leis an Gaeilge atá in úsáid thuas, ní fheicim an fáth leis an litriú sin a úsáid sa lá atá inniu ann, go háirithe ar foram atá ag iarraidh a mhealladh an méid is mó daoine agus is féidir. Baintear úsáid as Béarla caighdeánach anseo, ba cheart go mbeadh an Ghaeilge mar an gcéanna.

  • Gael gan Náire

    Caithfidh mé a rá, scríobh mé i nGaeilg Uladh de bhrí go raibh mé ag iarraidh fáil amach an ndéanfadh aontachtóirí a n-agóid mar gheall ar an Ghaeilg. Rud nach dearna siad.

    Caithfidh mé a rá fosta, nár chloigh scribhneoir ar bith a chuaigh i gcoinne úsáid canúna le rialacha an chaighdeáin ach an oiread!

    Tag : Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil, An Gúm, 1958.

  • RG Cuan

    Tá na targairtí anseo i ndiaidh imeacht ó bhunábhar an tsnaithe. Dar liomsa gur fearr cloí leis an chaighdeán scríofa fosta ach is maith an rud é nach ndearna na haontachtóirí gearán anseo go fóill.

    Gach rath ar nuacht24, nós*, srl.

  • Uncle SAM

    Direach logailte isteach, sceal math faoi na suiomhanna sin ach really cen fath an litriu sin thuas ar an main posting? Is fear gaeltachta me fein ce go bhfuil me fada on mbaile ach is easca i bhfad scriobh sa gcaighdean na aon rud eile.

    Ar aon cuma, ni bhim ag tracht mar seo ar na blogannai seo ach math sib fein as seo a dheanamh.

    Mairtin SAM

  • Gael gan Náire

    Ghlac mé ‘ar bord’ na pointí déanta anseo, seachas aon tagairt do Ghaeilg Uladh a bheith ina drochGhaeilg.

    Má bheas an Ghaeilg in úsáid aríst agam déanfaidh mé mo sheacht ndícheall a chinntiú go bhfuil sí intuigthe, ach is cinnte go bhfuil tuigbheál difriúil agam ar caidé is Gaeilg ann agus caidé nach Gaeilg ann.

    Mar sin, cé nach bhfuil fadhb agam leis an chaighdeán, má tá rud le rá agam deirfidh mé é gan srian ar bith curtha ar mo theanga ag leabhar scríofa ag stáitseirbhísigh an Stáit thíos caoga bhliain ó shin agus mar a dúirt mé níor scríobh ach duine amháin inti go hiomlán ar an líne cainte seo. (Glass houses, stones?)

    Uime sin, má ta fadhb ar bith aige duine ar bith, 1. Ná leigh é, 2. Scríobh chuig Mick is deán gearán.

    An rud is tábhachtaí áfach – cha dearn aontachtóir ar bith gearán go fóill!

  • An rud is tábhachtaí áfach – cha dearn aontachtóir ar bith gearán go fóill!

    Níl aon tabhacht le cé acu an ndeineann nó nach ndeineann aondachtóir gearán thar mar a bheadh tabhacht le gearán a dhéanfadh duine ar bith againn.

    Mar a tharlaíonn sé, is tabhachtaí i bhfad go mbeadh móramh phobal uile na hÉireann ar son na Gaeilge agus í á labhairt acu seachas bheith ag brath ar cé acu an bhfuil an pobal amháin nó eile sásta cur suas lei ar shuíomh idirlíon.

    Dála an scéil, níor dúirt mé gur droch Ghaeilge abea Gaeilge Uladh ach go raibh an chosúlacht sin air don dream nach mbeadh taithi acu uirthí

  • GGN

    col,

    “Níl aon tabhacht le cé acu an ndeineann nó nach ndeineann aondachtóir gearán thar mar a bheadh tabhacht le gearán a dhéanfadh duine ar bith againn”

    Experiment a bhí ann, d’éirigh leis. Gaolainn bhreá uait!

    “Mar a tharlaíonn sé, is tabhachtaí i bhfad go mbeadh móramh phobal uile na hÉireann ar son na Gaeilge agus í á labhairt acu seachas bheith ag brath ar cé acu an bhfuil an pobal amháin nó eile sásta cur suas lei ar shuíomh idirlíon.”

    Aontaím den chuid is mó ach bheinn dilis don Ghaeilg fiú dá mba rud é nach raibh tacaíocht ón mórphobal, bheifeá mar a gceanna silim.

    “Dála an scéil, níor dúirt mé gur droch Ghaeilge abea Gaeilge Uladh ach go raibh an chosúlacht sin air don dream nach mbeadh taithi acu uirthí”

    OK.