Sa chéad dul síos, is cinnte liom go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach do roinnt mhaith daoine agus iad i mbun vótála, thuaidh agus theas ach cá rachaidh vótaí na nGael ó thuaidh anois?
Ar ndóigh, tá Gaeilgeoirí ann atá an-mhíshásta le Sinn Féin mar gheall ar dhúnadh Lá Nua, ar easpa dul chun cinn ar chomharthaíocht bóithre dhátheangach agus eile, cé nach mbeadh daoine ar aonfhocal fán ról Shinn Féin i ndúnadh Lá Nua mar shampla ach tá daoine ann a chreideann mar is eol dúinn gur chuir Sinn Féin deireadh le Lá Nua de bhrí go raibh sé de mhisneach ag Lá Nua an páirtí a cháineadh.
Comh maith leis sin, chuir cúpla duine in iúl dom féin go raibh siad iontach buartha ar fad fá lucht Shinn Féin ag caint i nGaeilge sa teach mór thuas ar an chnoc. Tá mé féin idir dhá chomhairle ar an cheist sin, creidim gur le gach duine an Ghaeilge agus go bhfuil an cheart bunúsach acu í a labhairt ach bfhearr liom féin go mór go rachadh an chuid is mó acu chuig ranganna Gaeilge sula labharfadh siad í go poiblí ach ní ionann sé sin agus an cheart a cheistiú.
Ar ndóigh, tá Gaeilgeoirí ann arbh fhearr leo go mbeadh seasamh diúltach ag Sinn Féin ó thaobh na Gaeilge de, ní dóigh liom gur cosúil sin in am ar bith. Níor mhaith liom é a bheith ann ach an oiread.
Anois an SDLP, leoga ná déanaimis dearmad gurbh é Dominic Ó Brollacháin ón SDLP an fear is mó Gaeilge ann sa tionól agus go mbaineann sé úsáid aisti agus é ag caint sa tionól. Tá a fhios agam go mbíonn daoine dílis dó mar gheall ar cheist na teanga.
Tá Gaeilge ag Patsaí Mac Giolla Eoin fosta ach ní léir go bhfuil spéis ag mórán eile sa pháirtí sin sa Ghaeilge, go bhfios domsa cibé ar bith. Lena chois sin, is minic scéal cloiste agam fá lucht SDLP ar an talamh ag obair i gcoinne bhunú Ghaelscoile agus mar sin.
Cad é an rogha mar sin? Fanacht sa bhaile tá sé sin mícheart go díreach dar liomsa agus ní chuirfidh mise mo vóta amú, is róluachmhar an rud ceánna.
Táthar ann a chreideann gur ceart páirtí gaelach a bhunú ach níl iomrá ar bith ar ghníomh ar an cheist sin agus muise ní bheidh mé féin páirteach ann de bhrí go gcreidim gurbh mheancóg ollmhór é sin, ag an pointe seo cibé ar bith. Cuir amú ama is gníomhairí a bheadh ann.
agus iad i mbun vótála : when they are voting
cá rachaidh vótaí na nGael ó thuaidh anois : where will the votes of the Gael go now?
mar is eol dúinn : as we know
idir dhá chomhairle : unsure
seasamh diúltach : negative stand
an fear is mó Gaeilge : the man with the most Irish
Cad é an rogha mar sin? : what is the choice therefore?
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie