“Is rud tábhachtach dom bheith Éireannach i mo chultúr”

Anton Mac Cába i gcomhrá le Eric Culbertson, fear a bhfuil ina Ard-Mháistir Oird Bhuí Phort an Dúnáin, agus ghrá mor leis don Ghaeilge. Mar a deireann sé insan iris Comhar, eagran Eanair sa bhlain, “tá an pobal Protastúnach ag lorg féiniúlachta difriúla. B’fhéidir go mbeidh an Ghaeilge mar chuid den féiniúlacht sin”.le hAnton Mac Cába

An céad uair gur casadh an tUrramach Eric Culbertson orm, bhí mise ag teacht amach as carabhán Harold Gracey ag Droim Cria. Bhí an tUrramach Culbertson ag dul isteach chun Ard-Mháistir Oird Bhuí Phort an Dúnáin a fheiceáil, le linn coimhlinte páraídí na mall-nochaidí. Níorbh áit é mar a mbeifeá ag súil go mbuailfeá le Gaeilgeoir eile.

Is iomaí duine de bhunadh Protastúnach ó Thuaidh a chuireann suim sa Ghaeilge. Don chuid is mó, is daoine iad go mbeadh bá acu leis an náisiúnachas nó an sóisialachas. Ní hamhlaidh don Urramach Culbertson, sagart in Eaglais na hÉireann ar an Mhuileann Nua in oirthear Thír Eoghan. Is sráidbhaile beag Protastúnach é an Mhuileann Nua, bailtí Caitliceacha thart timpeall air.

Tháinig an tUrramach Culbertson ann ó Shasana, roimh sosanna cogaidh na nochaidí, i ndiaidh dó guí chuig Dé. Ba faoi shláinte Harold Gracey a bhí an céad comhrá idir mé féin agus an tUrramach Culbertson. Bheiféa ag dúil lena leitheidí de chomhrá le Leas-Ard Stiplíneach ag Ard-Lóiste Buí na hÉireann; atá ina bhall den Ord Dubh agus de Phrintísigh Dhoire; ina rúnaí ar Pháirtí Aondachtach Uladh i dtoghcheantar Lár Uladh; fear a labhraíonn go minic ar an ardán don Ord Buí agus fear a labhair leis na Fir Buí ag Droim Cria.

Ní bheifeá ag dúil len a leitheidí de chomhrá bheith as Gaeilge. Mar gurb as Gaeilge a labhraíomar. Tá sé dílís don Ríocht Aontaithe, mar a mbeifeá ag dúil leis, ach don Ghaeilge chomh maith. Tá sé ar a dhícheall chun beocht nua a chur i sean-sruth a bhíodh riamh sa chhultúr Gaelach, an sruth Protastúnach-Aondachtach-Buí.

Rugadh agus tógadh i nDún Éideann é. Bhí dúchas Gaelach ar dhá thaobh an teaghlaigh. Ba de bhunadh na nGarbhcríocha a mháthair. B’as an tOiléan Dubh, ó thuaidh ó Inbhear Nís dá shin-sean athair ar an taobh sin.

“Ba Ghaeilgeoir é, níor labhair sé Béarla ar bith sula ndeachaigh sé ar an scoil agus é cúig bhliain d’aois,” arsa an tUrramach Cuthbertson. Mhair an dúchas sin sa chlann. Bhí rud beag Gàidhlige ag a sheanmháthair agus ag a mháthair. Ba de chlann bródúil Mhic Gill-Eain iad. “Bhí an sloinne sin an-tábhachtach do mo mháthair agus domsa,” ar seisean. “Thug mé cuairt ar an chaisleán a bhí ag an chlann sin in Oileán na Muileach.”

Ba de bhunadh na gCríocha, lámh le teorainn Shasana, dá athair. Ba cheantar sin mar a raibh dúchas Gaelach na hAlban sciobtha chun siúil leis na céadta bliain. Ba chainteoir Gaeilge as ceantar Bhaile na Finne i nDún na nGall dá shin-seanmháthair ar an taobh sin, Sorcha Nic Giollabhuí. Bhí an bheirt sin-sean-tuismitheoir seo marbh sular tháinig an tUrramach Cuthbertson ar an saol.

Is cuid dá Bhriotaineachas é Gaeilge a labhairt. “Is Gael ó thaobh an chultúir mé, agus is Briotaineach ó thaobh na polaitíochta mé,” arsa an tUrramach Culbertson. “Is rud tábhachtach dom bheith Éireannach i mo chultúr. Is rud tábhachtach é an taobh Gaelach. Is cuid de mo theaghlach é an Ghaeilge. Mothaím go bhfuil mé Albanach-Éireannach.”

De bharr cúrsaí polaitiúla bheith mar atá ó Thuaidh, tá sé intuigthe go bhfuil leisc ar go leoir Protastúnach a bheadh bainte le cúrsaí Gaelacha sin a fhógairt. Ní hamhlaidh don Urramach Cuthbertson. Le trí bhliain anuas, eisean a reachtaíonn an Seirbhís Gaeilge Lá Fhéile Pádraig in Ardeaglais Naoimh Phádraig, Ardmhacha.

“Rinneadh roinnt gearán, bíodh is gur Tuaisceart Éireann Tuaisceart Éireann,” ar seisean. “Is fear buí mé. Nuair a chuala daoine sin, ní raibh freagra acu air.”

Léann sé Gaeilge, agus is fearr leis ach go háirithe leabhair faoina shruth féin den traidisiún Gaelach. “Tá cuid mhór leabhair suimiúla le Risteard Ó Glaisne, ‘De Bhunadh Protastúnach’ mar shampa, faoi bhunú Chonradh na Gaeilge agus na Protastúnaigh a rinne obair mhór, mar shampla Richard Rutledge Kane,” ar seisean. “Léigh mé sin le déanaí. Leigh mé leabhar Richard Giltrap, a scríobh ‘An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann.”

Leabhar a bhíonn go minic lena lámh ná Leabhar na nUrnaí Coitinne ag Eaglais na hÉireann. “Úsáidim an leabhar sin sa tseirbhís Lá Fhéile Phádraig san Ardeaglais,” ar seisean. “Rinne an Canónach Gary Hastings obair an-mhaith (leis an leabhar).”

Dar leis go bhfuil sé ag leanúint traidisiúin fir amháin: Richard Rutledge Kane. “Is é Kane mo laoch, toisc gur fear buí é,” ar seisean. Ba shagart eile in Eaglais na hÉireann é Kane, a bhí ina reachtaire ar Theampall Chríost i gCearnóg an Choláiste i mBéal Feirste. Bhí sé ar bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste, agus ina fhear buí chomh díograiseach céanna i rith an ama.

Tá sé de cháil ar an Cathánach gur shínígh sé Cúnant Uladh as Gaeilge, lena chuid fola féin. Nuair a tháinig Winston Churchill go Béal Feirste roimh an Céad Cogadh Mór, agus é ar son Rialtas Dúchais d’Éire, bhí Kane (thug sé Ó Cathain air féin i measc na nGael) orthu siúd a dhíbír ó Halla Uladh i mBéal Feirste é.

“Bhí daoine eile ann,” arsa an tUrramach Culbertson. “Bhí Samuel Neilson, a scríobh graiméar Gaeilge. B’eaglaiseach Preispitéirach é, tá suim agam sa bhfear sin. Is fear an-tábhachtach é Dúbhglas de hide. Daoine mar an Easpaig Bhedell sa 17ú Aois, gur Sasanach é a tháinig go hÉireann mar easpag ar an Chill Mhór, d’aistrigh sé an Bíobla ó Eabhrais agus Gréigís go Gaeilge. Toisc é an obair sin a dhéanamh, bhí Bíobla as Gaeilge a lán blianta sular raibh as Gàidhlig. Ní raibh roimh 1780 sa Gàidhlig, ach bhí Bíobla Gaeilge ann.

Bhí saibhreas Gaeilge i measc na bProtastúnach. Bhí na Protastúnaigh ag obair i gcónaí ar stair na Éireann, ar an teanga, ar an fhilíocht, daoine cosúil le Samuel Ferguson agus na Protastúnaigh eile.”
Bean a chuaigh i bhfeidhm go mór air ná Róis Ní Ógáin, gur Rose Young an leagan Béarla a bhí ar a hainm.

Bhí sí muinteartha leis an Tiarna Brookeborough, príom-aire clúite Aondachtach Thuaiscirt Éireann. Rinne sí duanaire sean-fhocal agus sean-amhrán as Gaeilge. Céad éigean bliain ó shoin agus an tAondachtachas ag teacht chun tosaigh, ní raibh leisc air úsáid a bhaint as abairtí Gaeilge.

Bhíodh ‘Uladh Abú’ ann, agus fógraí as Gaeilge nuair a tháinig an Rí agus an Bhanríon ar chuairt go Béal Feirste. Ba chuid dá mBriotaineachas a nGaelachas. Ba thraidisiún é a chuaigh faoi thalamh, ach níor briseadh é,” arsa an tUrramach Culbertson.

“Bhí fadhbanna leis an Ghaeilge sna Trioblóidí. Tiocfaidh sé arais. Tá mé cinnte go nglacfaidh an pobal Protastúnach páirt sa chultúr Gaelach. Tá suim láidir ag an phobal Protastúnach sa Deisceart sa Ghaeilge. In Eaglais na hÉireann tá Cumann Gaelach na hEaglaise, déanann sé obair an-tábhachtach.”

Ba mhaith leis éagsúlacht na sruthanna sa chultúr Gaelach a thabhairt lena chéile. Dar leis, tá a chuid oibre le déanamh ag achan duine, más é seirbhísí Gaeilge a reachtáil, nó leabhair a scríobh, nó páipéar nuachta a scríobh. Téann an tUrramach Culbertson go Dún Geanainn achan lá leis an nuachtán laethúil Lá a cheannach.

“Tá daoine Protastúnacha trína chéile faoina bhféiniúlacht,” ar seisean. “Níl mé cinnte go bhfuil féiniúlacht Albaníse Uladh láidir do Phrotastúnaigh. Tá litríocht san Albanís Ultach. Níl scríobhneoirí mór ann. Tá an pobal Protastúnach ag lorg féiniúlachta difriúla. B’fhéidir go mbeidh an Ghaeilge mar chuid den féiniúlacht sin. Tá suim ag Protastúnaigh anseo sna rudaí Éireannacha. Tá dinnéar achan bhliain ag mo chór anseo, chan mé amhrán Gaeilge do na daoine ansin, Cearc is Coileach, bhain siad sult as.

Sílim go bhfuil níos mó suime ag Protastúnaigh sa Ghaeilge ná mar a shíleann tú.”

Mick is founding editor of Slugger. He has written papers on the impacts of the Internet on politics and the wider media and is a regular guest and speaking events across Ireland, the UK and Europe. Twitter: @MickFealty