Tá todhchaí na Gaeilge slán – McWilliams

Deireann David McWilliams in agallamh le Lá go bhfuil an Ghaeilge beo slan inniu, de bhrí go bhfuil aghaidh na chleasanna siabhir aici. GRMA do Máirtín fa choinne an ‘heads up’!

…bhí mé ag rá go raibh an plúr ag teacht ar an dtuiscint gur rud tábhachtach acu an Ghaeilge agus gurb é sin an fáth go bhfuil níos mó acu ag baint úsáide as Gaelscoileanna. Moladh a bhí ann ag tabhairt léargais ar an meas atá ar Ghaelscoileanna seachas iarracht a dhéanamh a chur in iúl go raibh Gaelscoileanna ag iarraidh díriú ar an chleas saibhir seachas aoinne eile.

  • Baluba

    Tá an ceart aige maidir le cás na 26 condae (ach ab é go bhfuil an pictiúr sin ag athrú go gasta agus an teanga níos soghlactha ag gach ‘cleas’). Ní amhlaidh atá sna 6 chondae. Páistí an lucht oibre is mó ar fad atá ag freastal ar na gaelscoilteacha.

  • Cathal O Foirreidh

    An rud is mó a thaithníonn liom faoi McWilliams agus a leabhar ná go bhfuil sé i ndiaidh díospóireachtaí a thosnú agus daoine a chur ag smaoineamh, is cuma faoin stíl scríobhnóireachta atá aige nó na lipéid atá cruthaithe aige (HiCos, Dulchies etc).
    Tá sé spéisiúl gur thóg lucht tacaíochta na Gaelscoileanna raic faoin ‘elitism’ go ndearna sé tagairt dó i The Pope’s Children. Seans nach bhfuil an gluaiseacht Gaelscoileanna ag iarraidh díriú ar an aicme saibhir, ach tá an aicme saibhir ag díriú ar na Gaelscoileanna, i mBaile Átha Cliath ar aon nós.
    Baluba, beidh sé suimiúl chomh maith féachaint ar fás na gaelscoileanna sa tuaisceart. Má éiríonn siad níos comónta, an mbeidh páistí ó gach aicme ag freastal orthú amach anseo?

  • Baluba

    Tá meascán ann cheana féin, ach déarfainn go mbeadh siad ag athrú de réir a chéile gan a bheith chomh trom sin ó thaobh aicme amháin. Tábuanna ar léith ag na scoilteacha atá ann faoi láthair, ach is fíor fosta go mbíonn cuid acu ag streachailt gan mhaoiniú ó sheachtain go seachtain.

    Tá daoine le creidimh éagsúla ag freastal orthu fosta, rud a chuireann iontas orm, ach is cinnte gur rud dearfach é sin.

    An bua is mó atá acu dar le daoine a labhraim féin leo ná go bhfuil na ranganna beag agus go mbaineann páistí tairbhe as sin.

    Tá an suíomh difriúil anseo gan aon amhras, ach tá muid ag gluaiseacht sa treo ceart dar liomsa.

    P.S. Is cuma sa tsioc liomsa cén aicme arbh as tú, má tá tú tiomanta don Ghaeilge, is cara liom thú.

  • smcgiff

    Is P.S. Irish?

    *Mutters* bloody gaelgoers!

  • Baluba

    An Laidin atá inti, a amadáin de shaoistín. Aon rud ciallmhar le rá agat?