Bás Michael Davitt

Fuair Michael Davitt, file ‘Beat Gaelach’, nó ‘the Bob Dylan of the Irish language’, bás Dé Domhnaigh i Sligeach. Ní raibh sé ach 55 bliain d’aois. Túgann muid ómós do, leis an cead cuid de dán ‘saigse, Ragham Amú. Tá sé an bainteach:Ragham Amú (blúire do)

Is bás, dar liom fein, fragairt,
Is beatha fiafraí –
Ragham amú tamall eile
Is chífidh an tír

– Seán Ó Ríordáin

ragham amú
siar ó dheas
aniar aduaidh
beam ag tnúth
le teas an ghutha
ragham ag triall
ag Rí na bhFeart
is i ndeasghnáth
coinnle is craicinn
i gCaiseal Mumhan
dófam ár seascdhámh
i dtíne chnámh
is scaipfeam an luath
ar choincleach an traidisiúin
ragham amú
déanfam dearmhad
ar mhórdearmhad
i seachrán sléibhe
nó ar maos
sa riasc
idir Altan Mór
is Altan Beag
ag stáisiún traenach
Chaiseal na gCorr
fágfam slán
leis an traein stairiúil
a théan amú