Friday, May 09, 2008
“Lamh marbh SF ag tachtadh na Gaeilge ó thuaidh ”
Níl áthas mór ag Concubhar Ó Liatháin. Tá sé ag argóint gur “Sinn Féin, an páirtí is glórtha ar son na teanga ó thuaidh ar feadh na mblianta, go fóill ag labhairt go poiblí ar son na Gaeilge. Ach ní fios céard atá ionadaithe an pháirtí timpeall bord an Rialtais ag rá.” Cuireann sé ceist, cad ar dhein SF. Agus tagann an freagra go soiléir, “faic éifeachtach”! Nó mar a cuir Máirtin i bhfocail é, “ignored by the powers-that-be”.
Mick Fealty @ 11:30 AM
COL,
Silim go raibh streachailt ro-fhada ó thuaidh fá choinne cearta siabhalta le h-éirí as an vótáil go fóill.
Muna bhfuil páirtí atá foirsteanach ann caithfear páirtí a bhunadh.
“Nach bhfuil FF ag teacht o thuaidh? Agus cad faoin gComhaontas Glas?”
Níor chuala mé an Comhaontas Glas ag rá a dháth ar son na Gaeilge ó thuaidh riamh.
Fianna Fáil, bhál tífidh muid ach tá gach cuma ar an scéal nach mbeidh i gceist acu ach an SDLP a shlogadh, mar sin ní dóigh liom go mbeidh siad láidir ar cheist na Gaeilge ó thuaidh.
Comh maith leis sin, bheinn buartha go ndéanfadh siad dochar don Ghaeloideas mar atá a dhéanamh acu ó dheas.
Níl mé ag moladh Sinn Féin ar chór ar bith, ach cuireann sé isteach orm go mór go bhfuil tú ag maíomh gur chóir dúinn éirí as an vótáil nó vótáil do pháirtí atá níos laige ó thaobh na Gaeilge de.
Posted by on May 12, 2008 @ 08:53 AMNíl mé ag moladh Sinn Féin ar chór ar bith, ach cuireann sé isteach orm go mór go bhfuil tú ag maíomh gur chóir dúinn éirí as an vótáil nó vótáil do pháirtí atá níos laige ó thaobh na Gaeilge de.
Is olc liom go gcuireann mo thuairim isteach ort. Níl mé ag iarraidh go staonfaí den votáil. Níl ann ach go gcuirfí brú ar na polaiteoirí beart a dhéanamh. Tá polasaí laidir ar son na Gaeilge ag an gComhaontas Glas agus is pairtí uile Eireann iad, ar nós SF, mar sin nior cheart beag a dhéanamh diobh. Agus má shlogann FF an SDLP, cinnteoidh sin go mbeidh pairtí eile le seasamh ar son na Gaeilge ó thuaidh.
Tá’n ceart agat go bhfuil dochar déanta don tumoideachas ó dheas de bharr neamairt airí FF - ach ní sin le rá go leanfaidh sin, go h-áirithe nuair atá Taoiseach i réim a sheolann a phaistí féin ar Ghaelscoil!
Níl mise chun a bheith chomh dána agus a mholadh do dhaoine cé doibh ar cheart votáil, ar cheist na Gaeilge agus eile. Is é an rud a bhí á rá agam go neamhbhalbh go raibh mo vóta caillte ag SF agus go gcaithfidís é a shaothrú amach anseo. Níl sé as an cheist go bhfaigheadh an pairtí mo vóta ach beidh dianshaothar orthu sin a dhéanamh - beidh orthu beart a dhéanamh de reir briathar idir seo agus an gcéad toghchán eile is cinnte.
Nuair a thagann lucht canbhasála go dtí an doras, is í ceist na Gaeilge, céard a dhein tú le déanaí ar son na teanga, an ceist a thógfaidh mé leo. Cuirfidh mé faoi bhrú iad - agus is é an blag seo - mo bhlag féin ar iGaeilge - fóram eile a bhainfidh mé feidhm aistí. Gheall SF morán agus nior dhein siad beart dá réir - is amadán amháin a chaithfeadh vóta ar son an phairtí ag an bpointe seo, agus na tosaíochtaí céanna acu liom, gan athrú poirt agus birt ó SF ar an pointe boise. Táim ag amharc ar seo mar phroiseas margántaíochta. Seo é an tairiscint uaimse - gheobhaidh cibé pairtí a chomhlionann na h-éilimh thíos, ROIMH an toghchán, mo vóta agus mo thacaíocht.
An tairiscint:
Bheadh ar an bpairtí, mar shampla, todhchaí an Chiste Craoltóireachta a chinntiú - agus is éard an todhchaí atá i gceist agam ná todhchaí ina mbeidh rath agus fás ar an gCiste seachas é bheith siocaithe san áit ina bhfuil sé.
Tá gá le tacaíocht breise do na Gaelscoileanna, d’ionaid Chultúrtha Ghaeilge ar nós an Chultúrlann, Raidio Fáilte, Lá Nua.
Aitheantas/tacaiocht stait ar aon chéim leis an dtacaíocht don Cheathrú Titanic don Cheathrú Gaeltachta i mBéal Feirste.
Geallúint i scribhinn go nglacfaidh an phairtí leis an Aireacht Cultúr, Ealaíon is Foilliochta.
Ní doigh liom go bhfuil na h-éilimh seo mí réasúnta uaimse - ach b’fheidir go bhfuil éilimh difriúla ag daoine eile. Bíodh acu. Sin mo thairiscint....
Posted by on May 12, 2008 @ 03:02 PMA Chonchubhair, níl tú ach, mar a deir an Béarla, “throwing the dummy out of the cot” anseo. Tuigeann tú go maith a oiread atá déanta ag SF don Ghaeilge, agus cé go n-aontaím gur cóir an brú a choinneáil orthu, tá tú ag dul ró-fhada agus tú ag moladh gan tacaíocht ar bith a thabhairt dá n-iarrachtaí uilig chun an saol a leasú sna sé chondae. Le fírinne, tá tú ag moladh do ghaeilgeoirí gan vóta a chaitheamh ar chor ar bith fá láthair? Bíodh ciall agat. Rud eile, níor gheall SF a dhath duitse, ná do dhuine ar bith eile.
Posted by on May 13, 2008 @ 01:44 PMA leitheid de ráiméis uait a Ghaeil! Dúirt mé an méid a dúirt - tá dúshlán tugtha agam do SF nó do phairtí ar bith eile ar mhian leo mo vóta agus mo thacaíocht - tá sé simplí agus soiléir.
Deir tú liom meabhrú ar an méid atá déanta ag SF ar son na Gaeilge. Céard go díreach atá déanta ag an phairtí ar son na Gaeilge? On am ar chuir siad tús lena seal i gcomhrialtas leis an DUP?
An uair go raibh deis ag poblachtóirí rud eigean a dhéanamh ar son na Gaeilge, an forogra ‘dumpáíl airm’ a rinne an IRA a bheith dhá theangach, roghnaigh siad Gaeilgeoir chun an ráiteas a eisiúint os comhair meáin an domhain....i mBÉARLA. Ligeadar an deis sin tharstu agus ba shin an léiriú ba shoiléire ná raibh acu ach meas madra ar an dteanga.
An t-é a léigh an ráiteas Béarla sin, tá sé anois ina shuí ar bhórd Fhoras na Gaeilge. Céard a rinne FnaG ar son na Gaeilge agus diograiseoirí SF ar bórd - faic na fride chomh fada agus go bhfeictear domsa é seachas deontas caiptil - nach bhfuil ceadaithe de reir reachtaíocht (ach ná bac sin) a thabhairt do Ghaelaras Dhoire!
Ní h-é nach bhfuil SF glórach ar son na Gaeilge, níl siad glic nó eifeachtach ar a son. Tá siad balbh nuair is gá doibh bheith glórach agus ar chúl téarmaí nuair is gá doibh bheith oscailte.
Nuair a bhí POBAL ag déanamh tréan oibre ar son na Gaeilge agus an Acht Ghaeilge, céard a rinne SF, na paistí gan an dódaí, bhunaigh siad ACHT, eagras gan gusta nó eifeacht, mar theastaigh uatha an cheist a shealbhú. Cá bhfuil Acht anois? Imithe mar sneachta den díog…
Posted by on May 13, 2008 @ 02:05 PMCOL,
Bímis beacht anseo, níl mórán de bhaint ag mórán daoine atá / a bhí páirteach le Acht le Sinn Féin.
Silim gurb é an bunchúis le do fhrustrachas ar an cheist seo ná nár ghlac SF Aireacht um Chultúir.
Dá nglacfadh siad é bheadh an Ciste againn ar feadh tamall eile is dócha.
Ach feadaim a rá go bhfuil mé níos sástaí gur ghlac siad leis an aireacht oideachais. Samhlaigh da mba rud é go raibh Somhairle Mac Liam i mbun an Ghaelscolaíocht.
Lena chois sin, roghaidh siad roinn na mbóithre agus deirtear liom go bhfuil Conor Murphy i mbun oibre chun dhátheangachas a thabhairt isteach ar chomharthaíocht bóithre.
Anois, ná déanaimis dearmad go bhfuil an tAcht um Oideachais 1998 againn, mar gheall ar sin, tá sé níos fusa Gaelscoil a bhunú is an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn sna Contaetha Gafa ná mar atá sé sa Saorstáit - scannallach.
Mar sin de, is cogadh é seo mar a deir MacNéill Mac Auslainn, cailtear cathanna agus caithfear a bheith ag smaoineamh ar an chogadh i gcónaí.
Caithfidh mise mo vota i gcónaí, fuair barraíocht daoine bás chun an cheart sin a bhaint dom.
Posted by on May 13, 2008 @ 03:37 PMA Ghaeil,
Is léir nach dtuigeann tú an bealach ar oibrigh phroiseas D’Hondt nó bhí rogha ag SF an Roinn Oideachas a ghlacadh agus, ceart agat, is mór an grá Dé gur ghlac siad leis. Ach bhí an rogha ag an pairtí freisin Cultúr a ghlacadh agus níor ghlac siad leis.
Maidir le Conchúr O Murchú agus an Roinn Forbartha Reigiúnaí, tá súil agam go n-eiríonn leis an comharthaiocht dhá theangach a chur in áirde, uair eigean.
Sílim, áfach, go bhfuil do dhearcadh i leith cailliunt an chiste gan chiall agus, i bhfírinne, náireach. Throid go leor daoine ar son an chiste gan é bheith caillte gan chath fiocmhar a throid ar a shon agus, neosfaidh mé rud amháin duit, is mó an tionchar a bheadh ar chláracha teilifíse Gaeilge ar an bpobal ó thuaidh a mhealladh i dtreo na teanga ná mar a bheidh ag na comharthaí dhá theangacha.
Ní ghlacaim le d’eirí in airde mhorálta faoi bheith ag votáil de bharr gur cailleadh an iomad daoine ar shon an cheart sin a bhaint ar ár son. Ni bhaineann sin le h-ábhar. Níor dúirt mé nach gcaithfinn vóta - is féidir liom mar shampla mo vóta a chaitheamh agus é a mhilleadh. Is ceart daonláthach é freisin vóta a chaitheamh mar sin, go h-áirithe le teachtaireacht a chur in iul do phairtithe ‘faux Gaelach’ nach bhfuil siad maith a dhothain chun mo vóta a shaothrú.
Maidir le hAcht, is é SF a bhunaigh é mar mhalairt ar Phobal chun daoine óga a mhealladh ar na sraideanna ar son Acht Ghaeilge agus a fhios go maith ag lucht SF nach reachtófaí an reachtaíocht riamh de bharr iad a bheith timpeall bórd an Rialtais leis an DUP.... tá tú ró shaonta a Ghaeil má cheapann tú nach raibh a fhios ag SF ón gcéad lá ná raibh Acht Ghaeilge chun a bheith ann. Is é an feidhm a bhí ag an ‘Acht’ Ghaeilge dar leo sceon a chur ar na hAondachtaithe votáíl ar son an DUP - agus an UUP a chur le scian - mar bhí an DUP ag maíomh gurb é an t-aon bhealach chun an Acht a stopadh votáil ar son an phairtí sin. Fuair siad an sainordú ón bpobal agus chuir siad an Acht le scian - anois tá siad snadhmtha isteach sa phroiseas, ceapann SF, agus ní féidir leo éalo as. Ar an droch uair is iad na maistrí ar an bproiseas agus níl i SF ach giollaí leibideacha an DUP.
Go fóíll tá seans ag SF mo vóta a shaothrú. Léirigh cnamh droma agus troid ar son a bpobal féin agus comhlíon na h-éilimh atá luaite agamsa ó chianaibh…
Posted by on May 13, 2008 @ 04:01 PMCOL,
GRMA. Tá do vota féin agat mar atá agam féin. Ba mhaith liom rud éigin a chur leis an méid atá a rá ag daoine i gcoitinne fán Chiste.
Tá mé ag maíomh le fiche bhliain gur meáncóg é a bheith gafa leis na deontais seo agus go gcaithfear a bheith réidh i gcónaí chun maireachtail gan deontas ar bith. - Sileann daoine, go háirithe i mBéal Feirste gur gealt iomlán mé mar gheall air sin.
Is é mo thuairim gurb ghaistí iad na deontais agus is ábhar grinn domhsa é go bhfuil daoine ag smaoineamh go bhfuil rialtas na Sasana chun íoc as athbheochan na Gaeilge.
Tá an rialtas anois ábalta ‘gluaiseacht’ na Gaeilge a mharbhadh thar oíche - rud a dhéanfaidh siad. Tá súil agam go mbeidh go leor obair déanta againne atá ag obair chun an gluaiseacht deonach a neartú fán am sin.
Mar sin, is é mo thuairim gur cheart dúinn fhoghlaim as cailliúint an chiste - ná bí gafa le deontas!
Posted by on May 13, 2008 @ 04:13 PM“ tá tú ró shaonta a Ghaeil má cheapann tú nach raibh a fhios ag SF ón gcéad lá ná raibh Acht Ghaeilge chun a bheith ann.”
Tá sé aithinte agam tamall maith ó shin nach féidir Acht Gaeilge sna Sé Chontae.
http://gaelgannaire.blogspot.com/2008/04/acht-na-gaeilge.html
Posted by on May 13, 2008 @ 04:16 PMIs léir domsa gur Geill is feiliúnaí mar ainm chleite agat seachas Gael. Nó tá tú ag geilleadh theana féin an Chiste agus an tAcht. Cá stopfaidh tú?
Ní sceim deontais atá i gceist leis an gCiste Craoltóireachta ach scéim cúitimh/infheistiochta. Cúiteamh ar an dochar a rinne Rialtas na Breataine don Ghaeilge agus scéim infheistiochta mar ar gach púnt a infheistítear sa teanga, faightear furmhór mhór ar ais trí cáin is eile. Níl ann ach scéim faoi mar atá acu sa Bhreatain Bheag don Bhreatnais agus in Alba do Ghaeilge na tíre sin. Tá sé i bhfad Eireann níos lú.....gan amhras. Séard a bhí mise ag súil leis ó Shinn Féin go bhfaigheadh an pairtí bealach eigean chun an ciste a mhéadú - mo léan lom nior thuig mé riamh go suifeadh Gaeil socair ag bórd Rialtais agus scian á chur ann. Ach sin an tréas a rinne SF.
B’fheidir go bhfuil plean rúnda SF nochtaithe agat. Nach mbeadh aon dream Gaelach ag brath ar dheontaisí… Cá mbeadh Cultúrlann McAdam O Fiaich nó Scéim na Logainmneacha gan deontais...áit ar bith.
Tá obair fiúntach ar siúl sa dhá áit seo - níl i gceist le deontais ach lucht na Gaeilge ag fáil ar ais sciar den airgead a ghoidtear uatha i bhfoirm cánach gach bliain.
Posted by on May 13, 2008 @ 05:02 PM



