Friday, May 09, 2008
“Lamh marbh SF ag tachtadh na Gaeilge ó thuaidh ”
Níl áthas mór ag Concubhar Ó Liatháin. Tá sé ag argóint gur “Sinn Féin, an páirtí is glórtha ar son na teanga ó thuaidh ar feadh na mblianta, go fóill ag labhairt go poiblí ar son na Gaeilge. Ach ní fios céard atá ionadaithe an pháirtí timpeall bord an Rialtais ag rá.” Cuireann sé ceist, cad ar dhein SF. Agus tagann an freagra go soiléir, “faic éifeachtach”! Nó mar a cuir Máirtin i bhfocail é, “ignored by the powers-that-be”.
Mick Fealty @ 12:30 PM
Ar ndóigh tá pointe ag Concubhar srl. nach bhfuil mórán i ndiaidh tarlú ar son na Gaeilge ó chuaigh SF isteach sa rialtas - agus gur lig siad do Poots Aireacht an Chultúir a thógáil, rud a chuir siar go mór muid - ach ní bhaineann gach forbairt le polaiteoirí.
Tá gá leo in amanna ach déantar an obair is tábhachtaí ar an tallamh, i measc an ghnáthphobail.
Amharc ar Ghaeltacht Dhoire Theas, nós*, na himeachtí sóisialta agus eile atá ag titim amach anois ó thuaidh. Tá airgead de dhíth, mar a bhíonn i gcónaí, ach déantar na fobairtí iontacha seo in aineoinn easpa cuidithe na bpolaiteoirí, idir náisiúntóirí agus aontachtóirí.
Ar aghaidh linn leis an obair, tiocfaidh an toil pholaitiúil de réir a chéile.
Posted by on May 09, 2008 @ 02:00 PMTá gá le tóil pholatúil chun an obair seo a éascú. Tá sé in am go mbeadh na pobail seo i nDoire Theas agus in Iarthar Bhéal Feirste in ann a mhothú nach mbeadh siad ag snámh in aghaidh an easa agus iad ag obair leo. Tréaslaím leo agus le nós* agus le na nithe eile ach is léir domsa go bhfuil an Ghaeilge agus a pobal fágtha ar an dtrá folamh ag lucht na cumhachta. Níl sé maith a dhothain....
Posted by on May 09, 2008 @ 02:08 PMBa chóir duit alt nó litir a scríobh go dtí An Phoblacht faoi.
Posted by on May 09, 2008 @ 04:05 PMNíl baint ar bith ag ‘the folks on the hill’ le rud ar bith a bhfuil spéis agam ann cibé.
Is é na rudaí is fiúntaí agus is gaelaí na rudaí gan deantos nó a dháth.
Ba mhaith liom Acht na Gaeilge ach níl sé againn agus ní bheidh, ní féidir go mbeidh de bhrí go bhfuil níos mó aontachtóirí ann ó thuaibh na náisiúntóirí - tá sé chomh simplí seo.
http://gaelgannaire.blogspot.com/2008/04/acht-na-gaeilge.html
Maidir leis an Chiste. Bhuel, cogadh atá ann, cad eile a bhí daoine ag súil leis, caithfear Gaeil Óga na linne tuigbheáil go gcaithfidh sé dul i mbun streachtailte mar a thuig Séamas agus eile i gcónaí.
Bhíos ag an fronta an lá ar fad, tá daoine ag streachtailt go dian - beag beann ar pháirtí nó polaiteoir ar bith - is reabhlóid é seo, ní féidir reabhlóid a reachtú - ba mhaith liom Acht Gaeilge a bheith ann ach ní miste liom streachailt fiche bliana ar a son ach an oiread.
Posted by on May 09, 2008 @ 04:57 PMScríobh mé fhéin litir i.e. ríomhphost chuig An Phoblacht inniu faoi Acht na Gaeilge don Tuaiseart.
Fiú má thágann an acht áirithe seo i bhfeidhm ní bheidh comhairlí contaetha agus cathair ainmeacha i nGaeilge a thabairt do forbairtí cónaithe inniu. Tá an-chuid dena forbairtí cónaithe nua i formhór den Phoblacht (lastigh de BAC ach go háirithe) ainmithe i nGaeilge. Ba chóir go mbeadh comhairlí agus forboirí in ann é a dhéanamh. Beadh mé fhéin sásta má chuir Pobal/SLDP/SF/Alliance deireadh don seasamh ar son an teanga a úsáid sna cúirteanna agus má raibh siad i bhfabhar timpeallacht Gaelach a fhorbairt.
Posted by on May 09, 2008 @ 05:06 PMIs nasc fhada é tá brón orm ach féach ar an méid forbairtí le ainmeacha i nGaeilge i dTír Chonaill. Tá forbairtí in ann a bheith i nGaeilge i dTír Chonaill, Muineacháin agus Cabhán ach níl siad in ann a bheith i nGaeilge amháin sa 6 contaetha eile i gcúige Uladh?
Posted by on May 09, 2008 @ 05:11 PMDarren,
Tá Alliance in eadán cearta teanga don Ghaeilge.
Cad is fiú Acht Gaeilge gan an ceart chun Gaeilge a labhairt sa chúirt istigh ann?
Posted by on May 09, 2008 @ 05:35 PMChonaic mé duine ó Alliance ag labhairt ar son Acht na Gaeilge i ndíospóireacht i Stormont tamaill bhig ó shin.
Posted by on May 09, 2008 @ 06:25 PMMuise ní fhaca!
Posted by on May 09, 2008 @ 06:31 PMB’fhéidir go mbeadh orainne fannacht go dtí teacht Fianna Fáil ó thuaidh. Cúpla blian ó shin bhí sé in aghaigh an dlí rud ar bith a chraoladh as gaeilge ar an radió nó ar an teilifís. Féach ar cad tá againn anois - staisiún teilifíse is staisiúin radió. Tá an-mheas ar muintir Bhéal Feirste don ghaeilge. Achan oíche atáim amach leis na lads déanann daoine óga iarracht labhairt liom as gaeilge. Is é sin an rud is tabhlachtaí do thodhcaí na gaeilge. Tá an ghaeilge fós beo is ag fás is ní féidir leis na páirtí aontachta é sin a athrú. Bíodh foighne orainne níor éirigh le muintir na breatainne bige ar an gcéad dul síos. B’fhéidir go néireoadh níos fearr linn sna Cúirteanna Eoropacha
Posted by on May 09, 2008 @ 07:07 PMDarren,
Tig leat é a gearradh ag url.ie.
Posted by on May 10, 2008 @ 07:57 AMA chairde,
Bhí alt san Irish Times an tseachtain seo a dúirt go raibh níos mó airgid á chaitheamh ar an leath-theanga Ulster Scots ná mar a bhí ar an Ghaolainn faoi láthair. An fíor sin? Más fíor, is léir nach bhfuil a ndóthain á dhéanamh ag Sinn Féin agus iad i mbun comhrialtais.
Posted by on May 10, 2008 @ 10:18 AM“Never during the period of Direct Rule do I recall Irish cultural activists taking to the streets to protest that they weren’t getting enough cash or support from the government. Not only have the DUP trashed the concept of an Irish Language Act but we have also advanced the interests of our own community”
Seo tuairim Peter Weir (<Mac an Mhaoir).
http://www.dup.org.uk/articles.asp?Article_ID=3360
Biogoideachas lom silim.
Posted by on May 10, 2008 @ 11:05 AMDROCH-BHUACHAILL
Tá sé fíor - dochreidte, nach bhfuil?
Ní mór do na páirtithe raic a thógáil faoi seo ach níor chuala mé faic ó SF, SDLP nó Fianna Fáil.
Posted by on May 10, 2008 @ 12:51 PMBhal, luaigh me an smaoineadh seo roimh agus is minic a pleadh e ach silim go rabh consensus ann i gconai nach smaoineadh maith e.
http://gaelgannaire.blogspot.com/2007/12/bhfuil-gluaiseacht-polaitiil-de-dhth.html
Posted by on May 10, 2008 @ 01:14 PM“Lamh marbh SF ag tachtadh na Gaeilge ó thuaidh…”
Níl áthas mór ag Concubhar Ó Liatháin. Tá sé ag argóint gur “Sinn Féin, an páirtí is glórtha ar son na teanga ó thuaidh ar feadh na mblianta, go fóill ag labhairt go poiblí ar son na Gaeilge. Ach ní fios céard atá ionadaithe an pháirtí timpeall bord an Rialtais ag rá.” Cuireann sé ceist, cad ar dhein SF. Agus tagann an freagra go soiléir, “faic éifeachtach”! Nó mar a cuir Máirtin i bhfocail é, “ignored by the powers-that-be”.................................................................................................Last time I looked, our native tongue was the Queen’s English. Why am I not surprised...as usual sectarian idiots have to shove their bigoted ideals down the throats of those who don’t sign up to their beliefs...morons!
Posted by on May 11, 2008 @ 05:57 AMA Dhilseora iminigh,
Go raibh maith agat as sin, chuir tu leis an diospoireacht seo go mor mor. Is aisteach liom go smaonaionn tu gur cuireadh bru ort blagail anseo, cheapfa go dtainig tu as do stuaim fein.
Concerned Loyalist,
Thank you for your contribution,m you have added alot to the debate. I am intrigued that you feel that this was forced on you, one would think you entered the thread of you own volition?
Posted by on May 11, 2008 @ 10:22 AMLast time I looked, our native tongue was the Queen’s English. Why am I not surprised...as usual sectarian idiots have to shove their bigoted ideals down the throats of those who don’t sign up to their beliefs...morons!
Go raibh maith agat as do ionchur. Anois téir agus faigh saol.
Thanks for your input, CL. Now get yourself a life. March somewhere where you’re invited....
Posted by on May 11, 2008 @ 03:31 PMA Chnochubhair,
Anois agus d’alt leite agam don dara huair, ba mhaith liom an cheist a chur ort ...
Caide a mholfa? Cad e an reiteach dar leat?
An mbeadh se ciallmhar do SF deireadh a chur leis an phroiseas (c) mar gheall ar an Chiste?
An nglacfadh an ghnath-thuaisceart neamhGaelach leis sin?
Seans gur nios casta an sceal na do leamh fein air?
Posted by on May 11, 2008 @ 04:26 PMIs cuma liom faoi Shinn Féin anois. Tá siad, mar a dúirt an bean a dúirt, ‘all gong and no dinner’. Tá freagra na gceisteanna seo i lámha na nGaeil iad féin - lig le SF dul in ainm an diabhail. Beidh orthu ár vótaí a shaothrú as seo amach....
Posted by on May 11, 2008 @ 04:49 PMChoncubhair,
Le gach meas, sheachain tu mo cheisteanna go leir.
D’fhreagair tu le rhetoric amhain.
Posted by on May 11, 2008 @ 05:24 PMIs dócha gurb é an rud atá á rá agam nach bhfuil SF nó pairtí ar bith chun mo chuid vóta a fháil gan an vóta a shaothrú - agus is ar cheist na Gaeilge a bheidh m’aird. Ní fheictear dom go bhfuil morán brí le bheith ag eagrú gluaiseacht pholatúil ar son na Gaeilge cé go gceapaim go mbeadh lobaí aontaithe úsáideach. Mar sin féin, tá an ról sin á chomhlíonadh ag lucht Chonradh na Gaeilge agus an gComhdháíl agus Pobal go réasúnta éifeachtach. Tacú leo, seachas le SF agus cuir faoi chois iarrachtaí phairtí pholatúil seilbh a fháíl ar eagrais.
Posted by on May 11, 2008 @ 08:18 PMCOL,
An bhfuil tu ag maiomh mar sin nar choir do Ghaeil vota a chaitheamh ar chor ar bith?
Muna votalann lucht na Gaeilge do Shinn Fein ca rachaidh an vota - SDLP? - Taobh amuigh de roinnt daoine ar leith, taid chomh frithGhaelach le dream ar bith eile.
Posted by on May 11, 2008 @ 11:08 PMNach bhfuil FF ag teacht o thuaidh? Agus cad faoin gComhaontas Glas?
Tugaim faoi ndeara, mar shampla, go bhfuil SF ag seoladh feachtais maidin inniu chun an Iarthar a Athghiniuint. The West Awake ata siad ag tabhairt air. Nach aisteach sin agus SF bheith ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn gur i mBearla a bhionn a gcuid raitis tabhachtacha. Cen mhaith iad a bheith ‘ar son na Gaeilge’ mas e sin an tor
Posted by on May 12, 2008 @ 09:41 AMmas e sin an toradh?
Posted by on May 12, 2008 @ 09:42 AM








