Gaelscéal : UUP’s terminal decline nears its conclusion

Meath marfach an UUP ag teacht chun críche

Anton Mac Cába

Tá Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) á bhrú i dtreo aontais leis an DUP.

Is féidearthacht níos láidre é sin ó d’éirigh John McCallister agus Basil McCrea as an pháirtí an tseachtain seo caite. Bhí an bheirt acu sin ar eite liobrálach an pháirtí UUP.Click on the image to read the paper for FREE!

Toghadh Mike Nesbitt mar cheannaire ar an bpáirtí seo anuraidh. Dar leis gur Aontachtach Liobrálach a bhí ann agus go raibh scileanna cumarsáide aige. Ó thaobh cumarsáide de, tá sé tubaisteach, áfach. Chuaigh sé isteach i bhFóram Aontachtach leis an DUP agus le páirtithe beaga Aontachtacha agus lena chois sin rinne sé socrú leis an DUP le hiarrthóir aontaithe Aontachtach a chur chun cinn i Lár Uladh.

D’éirigh idir é féin agus eite traidisiúnta, Oráisteach, an pháirtí chomh maith agus anuraidh, d’imigh David McNarry ón eite sin.

Dúirt McCallister agus McCrea gur imigh siad féin den bharr an tsocraithe i Lár-Uladh agus tá an bheirt acu le grúpa a chur ar bun sa Tionól anois. Ní fios cén todhchaí fadtéarmach a bheidh aige sin mar níl mórán de dhifear idir iad agus Páirtí an Chomhaontais.

Tá an DUP anois ag moladh aontais i measc na nAontachtach. “Níl difear ar bith anois idir an dá pháirtí, ó thaobh polasaí de,” arsa straitéisí de chuid an DUP.

Ach níl achan duine sa UUP sásta leis sin. Dúirt ionadaí tofa seanbhunaithe, atá in eite Oráisteach an pháirtí, gur cheart don dá pháirtí a theacht le chéile do toghcháin Westminster – ní sna toghcháin eile, mar a bhfuil ionadaíocht cionmhar i bhfeidhm.

Dar leis go raibh stair mhaith comhoibrithe sna ceantracha mar gur Náisiúnaithe an tromlach. Bhí comhoibriú maith idir ionadaithe tofa. “Tá faltanas ann idir lucht tacaíochta an dá pháirtí, agus idir na baill,” ar seisean.

Dúirt ball sinsearach ó eite liobrálach an pháirtí gur bhfacthas do go leor ann go raibh féiniúlacht Aontachtach Ultach ann. B’shin a bheith dlithe do shochaí iolraíoch: a bheith ar son an Aontais, ní an Náisiúnachais Ultaigh, agus tacú le Tuaisceart Éireann comhtháite.

Is é mo bharúil go bhfuil rogha de dhith ar an Aontachtachas, agus nach spreagfadh cumasc idir an DUP agus an UUP níos mó daoine chun a theacht amach le vóta a chaitheamh,” ar seisean.

“Ach an rud atá soiléir ar fud Thuaisceart Éireann ná go gcreideann tromlach an phobail Aontachtaigh go gcaithfidh polaiteoirí Aontachtacha comhoibriú ar cheisteanna atá ar a leas.”

Tá amhras air faoi thodhchaí an pháirtí. “Mura ndéanann an UUP beart dearfach sna trí mhí atá romhainn le díospóireacht inmheánach polasaí bheith ann, ansin a theacht ar chomhdhearcadh maidir leis an todhchaí, is é a tharlódh nach mbeidh rogha níos mó ag an UUP, nó beidh imphléascadh níos measa ar thacaíocht an pháirtí,” ar seisean.

Aontachtach : Unionist

liobrálach : liberal 

anuraidh : last year

traidisiúnta : traditional

fadtéarmach : longterm

 “Níl difear ar bith anois idir an dá pháirtí, ó thaobh polasaí de,” : There are no policy differences between the two parties

níl achan duine sa UUP sásta leis sin : not everyone in the UUP is happy with that

Náisiúnaithe : nationalists 

Is é mo bharúil go bhfuil rogha de dhith ar an Aontachtachas : It is my opinion that Unionists need a choice

Náisiúnachais Ultaigh  : Ulster Nationalism

comhoibriú : cooperation

díospóireacht : debate

DOWNLOAD THIS WEEK’S PAPER!

We are reader supported. Donate to keep Slugger lit!

For over 20 years, Slugger has been an independent place for debate and new ideas. We have published over 40,000 posts and over one and a half million comments on the site. Each month we have over 70,000 readers. All this we have accomplished with only volunteers we have never had any paid staff.

Slugger does not receive any funding, and we respect our readers, so we will never run intrusive ads or sponsored posts. Instead, we are reader-supported. Help us keep Slugger independent by becoming a friend of Slugger. While we run a tight ship and no one gets paid to write, we need money to help us cover our costs.

If you like what we do, we are asking you to consider giving a monthly donation of any amount, or you can give a one-off donation. Any amount is appreciated.