Gaelscéal – It is a poor wind that blows well for no one

Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin

Tá an PUP ag baint úsáide as conspóid an bhrataigh chun tús nua a chur le gníomhaíocht an pháirtí agus chun dul  i dtreo nua, a scríobhann Anton Mac Cába

Tá na círéibeacha faoi cheist bhrat na Breataine ó Thuaidh ag tabhairt seans don Pháirtí Aontachtach Forásach (PUP) fás arís.

Beidh sé seo ar bhonn difriúil ná mar a bhí ag tús an PUP ag deireadh na 90í. D’fhógair an PUP gur páirtí den eite chlé a bhí ann ag an am sin.

Iarchimí ón UVF a bhunaigh  an páirtí agus sheas siad do chomhoibriú trasphobail.

Bhí siad ar an chéad páirtí ó Thuaidh a dúirt gur cheart go mbeadh ginmhilleadh dleathach.

Mheall siad dornán de ghníomhaithe polaitiúla, fiú dornán Caitliceach.

Rinne siad dul chun cinn áirithe, ansin thit siad siar go mór agus chaill an PUP a dhá suíochán sa Tionól.

Anois níl mar ionadaithe tofa acu ach beirt comhairleoir ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Níor thug ach mionlach san UVF tacaíocht don pháirtí agus bhí go leoir den tacaíocht sin doicheallach. Tá na daoine sin in éadán an pháirtí anois.

Ag an tús, ghríosaigh an UVF go leor den trioblóid faoi na bratacha. Cúis súntasach leis sin ná go bhfuil Foireann Fiosrúcháin Stairiúil na bpóilíní ag fiosrú an UVF. Bhí an UVF ag tabhairt le fios do na póilíní go dtiocfadh leo raic a thógáil.

Gné eile atá tábhachtach don PUP gur léirigh an chonspóid go bhfuil pobal Protastúnach ansin atá scoite amach ón bpróiséas polaitiúil, an Guth Traidisiúnta Aontachtach, Jim Allister ina measc.

Ní dhéanann an DUP nó Páirtí Aontachtach Uladh freastal orthu sin. Ní chaitheann cuid mhór den phobal sin vóta.

Tá siad in éadán cuid mhór rudaí. D’ionsaigh dream acu carr Peter Robinson in oirthear Bhéal Feirste ar an Satharn. Seachas bratach na Breataine, ní fios cad dó a thugann siad tacaíocht.

Beart eile a thug deis don PUP ná gur dhúirt Jackie McDonald, ceannaire an UDA, gur cheart stop a churCeannaire an PUP, Billy Hutchinson le hagóidí.

Thug sin deis don PUP seasamh níos daingne a ghlacadh, agus lucht na n-agóidí a earcú. Tá siadsan ag brú an PUP i dtreo níos seictí.

Ar ndóigh, nuair a bhí Billy Hutchinson, ceannaire an PUP, ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, vótáil sé don moladh céanna a chothaigh an chonspóid nuair a ritheadh é.

Ar shuíomh idirlín an PUP, deir Hutchinson gur athraigh sé a sheasamh mar go bhfuil athrú ar Shinn Féin.

“Tá siad ag iarraidh an Breatanachas se’againne a ídiú,” ar seisean.

Chaith sé an vóta sin sular thug Sinn Féin tacaíocht do na póilíní, agus gur chroith Martin McGuinness lámh leis an Bhanríon Eilís.

 

We are reader supported. Donate to keep Slugger lit!

For over 20 years, Slugger has been an independent place for debate and new ideas. We have published over 40,000 posts and over one and a half million comments on the site. Each month we have over 70,000 readers. All this we have accomplished with only volunteers we have never had any paid staff.

Slugger does not receive any funding, and we respect our readers, so we will never run intrusive ads or sponsored posts. Instead, we are reader-supported. Help us keep Slugger independent by becoming a friend of Slugger. While we run a tight ship and no one gets paid to write, we need money to help us cover our costs.

If you like what we do, we are asking you to consider giving a monthly donation of any amount, or you can give a one-off donation. Any amount is appreciated.