Gaelscéal – Northern Round-Up

Timpeall an Tuaiscirt

Anton Mac Cába

Mike ‘mífhortúnach’ Nesbitt

Toghadh Mike ‘mífhortúnach’ Nesbitt mar cheannaire ar Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) mar gur iaririseoir é.

Glacadh leis go mbeadh sé go maith i mbun cumarsáide.  Níl.

Ba é an sampla ba dhéanaí ná an t-aisfhreagra a thug sé ar óráid de chuid John McCallister, iar-Leascheannaire an UUP. Labhair McCallister in éadán aon chomhoibriú leis an DUP: agus in éadán an Fhóraim Aontachtaigh, mar a bhfuil an DUP, UUP agus paraimíleataigh Dílseacha.

Chuir an Newsletter, nuachtán Aontachtach Bhéal Feirste, ceist ar Nesbitt faoin óráid. Freagra ní bhfuair siad.

Díbríodh Tom Elliott, an ceannaire deireannach, as bheith go dona i mbun cumarsáide.

Mírath Mhic Rath

01GL2013-01-23
This weeks Gaelscéal – anti-Irish language nonsense repudiated, restaurant a day closing in the Republic

Tá na fadhbanna i bPáirtí Aontachtach Uladh (UUP) níos casta. Baineadh an aoireacht sa Tionól den Ball den Tionól Reachtach, Basil McCrea.

Mar sin, ní féidir é a smachtú as vótáil in éadán a pháirtí féin sa Tionól. Bhí sé ag vótáil ar son pholasaí a pháirtí féin – in éadan a pháirtí féin.

Vótáil an UUP ar son leasuithe ar rún sa Tionól. Mhol an leasú ón DUP go bhfágfaí mir ar lár, mar ar iarradh ar pháirtithe “tacaíocht a thabhairt do sprid Chomhaontú Bhéal Feirste” (mar a thugann roinnt Aontachtaí ar Chomhaontú Aoine an Chéasta). Ba é an UUP a rinne an idirbheartaíocht fána choinne.

Mac Giolla Rio?

Is féidir go mbeidh réiteach ar an raic faoi Rory McIlroy go luath. Níorbh eol cé dó, Éire nó an Ríocht Aontaithe, a bhí rún aige imirt i gCluichí Oilimpeacha 2016. Agus muid ag plé le cúrsaí féiniúlachta ó Thuaidh, bhí sé teasaí go leor.

An tseachtain seo caite, ní dhearna McIlroy go maith in aon chor i gCraobh HSBC Abu Dhabi. Níor cháiligh sé don babhta ceannais.

Má leanann sé leis mar sin, an mbeidh sé de dhíth ar fhoireann ar bith in 2016?

Teangacha seachas Béarla ag 8.4% de na páistí i mBéal Feirste Theas

Tá Béal Feirste Theas ar an toghcheantar is ilchultúrtha sa Tuaisceart, de réir freagra a thug an tAire Oideachais, John O’Dowd, don Tionól le gairid. Labhraíonn 8.4% d’iomlán na bpáistí scoile teanga eile seachas Béarla sa bhaile agus tá an pobal sin óg mar páistí bunscoile is ea 11.2% de.

Cinnte, ní féidir a rá níos mó go bhfuil an Tuaisceart aonteangach. Seans nach iad lucht na Gaeilge amháin a bheidh ag iarraidh cearta teanga amach anseo.

Comparáid déanta idir an Srath Bán agus an Choire Thuaidh

Tá sé ina raic ar an Srath Bán, mar go bhfuil an Chomhairle ag iarraidh cosc a chur ar iriseoirí freastal ar chruinnithe Coiste.

Dar le Danny McSorley, an Príomhfheidhmeannach, beidh Comhairleoirí ábalta labhairt níos éasca agus gan iriseoirí i láthair.

Ní raibh oiread airde air seo, de bharr conspóide na ‘flegs’.

Is cleachtas é seo atá níos coitianta i measc Comhairlí an Tuaiscirt agus tá Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí ag déanamh gearáin láidir faoi.

“Níor shíl mé riamh go raibh cosúlacht ar bith idir an Srath Bán agus an Chóiré Thuaidh faoi Kim Il Sung – go dtí seo,” arsa Eamonn McCann, ó Choiste Gnó an Cheardchumainn.

 

We are reader supported. Donate to keep Slugger lit!

For over 20 years, Slugger has been an independent place for debate and new ideas. We have published over 40,000 posts and over one and a half million comments on the site. Each month we have over 70,000 readers. All this we have accomplished with only volunteers we have never had any paid staff.

Slugger does not receive any funding, and we respect our readers, so we will never run intrusive ads or sponsored posts. Instead, we are reader-supported. Help us keep Slugger independent by becoming a friend of Slugger. While we run a tight ship and no one gets paid to write, we need money to help us cover our costs.

If you like what we do, we are asking you to consider giving a monthly donation of any amount, or you can give a one-off donation. Any amount is appreciated.