An Gnáthrud: Scéal i rap ó sean Bhéal Feirste..
Na héifeachtaí uafásach daonna dúnmharú seicteach a rinneadh i rap láidre ag Gaelgory, na focail spreagadh le scéal ag Deirdre Ní Ghrianna… (Analysis of the original here in English) H/T Ciaran!!
Na héifeachtaí uafásach daonna dúnmharú seicteach a rinneadh i rap láidre ag Gaelgory, na focail spreagadh le scéal ag Deirdre Ní Ghrianna… (Analysis of the original here in English) H/T Ciaran!!
Is mise Michéal. Ta me i d honai Ellan Vannin. Is maith liom mo fleg, is far liom do fleg. Ulaidh ta no eirean. Tiocfaidh ar la.
Is my first attempt at Irish since GCSE any better than the fleg protesters English?
Go deas. GRMA as é a chur ar ár súile.
GRMA fosta Des,
Tá sé doshéanta go leor..
Spéisiuil, feictear dom go bhfuil go leor rap as gaeilge á chumadh faoi láthair…
Dean do phioc, agus scair roinnt ar an snáithe linne?
Bhuel, tosnaigh le Seamas Barra Ó Súilleabháin (http://youtu.be/a410a6At5Ks), file nó ‘slam poet’ a bhuaigh an ‘All-Ireland Poetry Slam’ i 2011 (i gcoinne filí Béarla). Ní rap ceart é, ach tús maith. Ansan tá Na Rubberbandits ag scríobh roinnt as Gaeilge (http://youtu.be/BNFfDirBE6w). Ansan tá GMC (http://youtu.be/4Vaellrd1P4) agus Bubba Shakespeare (http://youtu.be/kN-KRnI0ggk).
Anois, tá fhios agam go bhfuil cuid de na raps gaeilge lag go leor (tá ana-rap Béarla in Éirinn faoi láthair, mar atá (RíRá, Collie, Sons Phonetic srl), ach is de réir a chéile a thógtar na caisleáin.
Tá mórán grúpaí ag gníomhú i nGaeilge i séanraí ceoil éagsúla, mar atá an grúpa reggae/ska ó Bhéal Feirste Bréag (cé gur dóigh liom go bhfuil siad briste suas anois). B’fhiú éisteacht le RonánBeo@3 ar RnaG. Ní diddely didil dee an ceoil Gaeilge ar fad…
An-mhaith ar fad. Is breá liom T-Rex!!!!! Is feidir é a chloisteáil gach Sathairn freisin ar Raidio na Life – 106.4 i mBÁC – nó ar líne ag 15.00.
Gml, is ag 14.00 gach Sathairn a bhfuil clár T-Rex – “Gaeilge Nocht” – ag dul amach. Molaim é.
Conas is feidar liom Fada a chuir ar litreacha agus me ag bhaint usaid as Apple iPad?
An clár faoin “Gnáthrud”:
http://www.mixcloud.com/raidionalife/nocht-ar-an-raidio-clar-10/
Grmma Riocard. Áthas orm gur thaitin an seó leat. Maith thú !!