Gaelscéal : In defense of (Ulster) dialect
In this weeks GaelscĂ©al we have an opinion piece by Frenchman âLughaidhâ Cheveau arguing passionately for the increased use of dialect in Irish language media and literature. Lughaidh, a strong supporter of the Ulster Dialect, in which the piece is written, argues that the use of Standard Irish in schools is responsible for the decline of Irish in the Gaeltacht. (Google Translate will be of limited utility on this on unfortunately).
I dtĂșs bĂĄire, ba mhaith liom stĂl P. P. Höglund a mholadh, gomh maith lena shamhlaĂocht nĂł is maith liom a chuid tĂ©acsann a lĂ©amh agus cha bheinnsa ĂĄbalta scrĂobh gomh maith leis, nĂĄ scĂ©altaĂ a chumadh ach an oiread.
Maidir leis an rogha a rinn sĂ©, mar atĂĄ, Gaeilg Ghaeltacht ThĂr Chonaill a chur ar leataobh agus an Ghaeilg chaighdeĂĄnach a dhâĂșsĂĄid ina chuid scrĂbhneoireachta, chan aontaimsa fĂ©in leis.
Deir sĂ© go mbĂodh dĂomĂĄ air, amannaĂ, ag lĂ©amh tĂ©acsannaĂ scrĂofa i nGaeilg Uladh, Ăł tharla nach rabh stĂl maith go leor le fĂĄilt iontu, go rabh BĂ©arlachas iontu agus mar sin dĂł. Cinnte, caithfidh go bhfuil cupla scrĂbhneoir nĂł cupla iriseoir nach bhfuil stĂl mhaith acu in Ultaibh. An ionann sin is a rĂĄidht nach dtig scrĂobh i nGaeilg Ultach mhaith ? Chan ionann.
Char thuig mĂ© cad chuighe nĂĄr thagh P. P. Höglund leanstan do bheith ag scrĂobh i gcanĂșint ineacht (i nGaeilg Uladh ins an chĂĄs sin), ag tĂłgĂĄilt cora cainte nĂł focla Ăł chanĂșintĂ eile nuair ba mhaith leis, mar a rinn MĂĄirtĂn Ă Cadhain, Ășdar a luaigh sĂ© ina alt.
SĂlim go bhfuil sĂ© tĂĄbhachtach na canĂșintĂ Gaeltachta a dhâĂșsĂĄid agus a chur chun cinn an oiread agus is fĂ©idir. Cad chuighe ? As siocair go bhfuil Gaeilg na Gaeltachta i gcontĂșirt : ar an iomlĂĄn cha dtĂ©id uimhir na nGaeilgeoirĂ i mĂ©ad ins na ceantracha Gaeltachta.

This weeks GaelscĂ©al – in the shops now – Pubs suffering, number of kids reared with Irish in the North, Galway County Council’s very own fiscal cliff and how to get yourself back into shape after Christmas
TĂĄ a fhios agam nach Ă Gaeilg na hĂĄite a theagasctar ins na scoltacha, ins na ceantracha Gaeltachta fĂ©in. Is Ă© an CaighdeĂĄn a theagasctar ansin. Ins an Ghaeltacht, sĂleann cuid do na pĂĄistĂ agus cuid do na daoinĂ fĂĄsta nach labhrann siad an Ghaeilg cheart, nĂł sĂleann siad go labhrann siad « Sean-Ghaeilg », Ăł tharla nach Ă a nGaeilg fĂ©in a theagasctar sna scoltacha, ach an CaighdeĂĄn. Chualaidh mĂ© fĂ©in cailĂn Ăłg, i nGaeltacht ThĂr Chonaill, ag rĂĄidht gur deacair lĂ©ithe na rangannaĂ Gaeilge ar scoil. Ach bhĂ Gaeilg bhreĂĄ aici Ăł dhĂșchas ! Ach chan Ă an Ghaeilg sin a bhĂ orthaĂ a fhoghlaim nĂĄ a scrĂobh ins na scriĂșdaĂocha srl.
Ins an Ghaeltacht, tĂĄ daoinĂ ann atĂĄ brĂłdĂșil agus a bhfuil a fhios acu go bhfuil a gcuid Gaeilge gomh maith cĂ©arna (nĂł nĂos fearr fĂ©in) nĂĄ an Ghaeilg chaighdeĂĄnach. Ach ar an drochuair tĂĄ daoinĂ ann fosta nach bhfuil brĂłd orthu as a gcanĂșint agus a shĂleas go bhfuil an CaighdeĂĄn nĂos fearr agus nach bhfuil mĂłrĂĄn maithe ina gcanĂșint fĂ©in, Ăł tharla nach dteagasctar agus nach scrĂobhtar in ĂĄit ar bith Ă. Agus goidĂ© a tharlĂłchas mar sin, dar leat ?
Do rĂ©ir a chĂ©ile, stadfaidh siad do bheith ag labhairt Gaeilge lena bpĂĄistĂ, as siocair go gcreidfidh siad go mbâfhearr dona bpĂĄistĂ Gaeilg chaighdeĂĄnach a dhâfhoghlaim ar scoil, nĂĄ Gaeilg neamhchaighdeĂĄnach a dhâfhoghlaim ar chor ar bith. Go hĂĄirĂd mĂĄ fhaghann siad drochmharcannaĂ ins na scriĂșdaĂocha nuair a ĂșsĂĄideas siad leaganacha neamhchaighdeĂĄnacha.
TĂĄ aithne agam fosta ar chupla cainteoir Gaeltachta nach mbĂonn a fhios acu, go minic, goidĂ© mar ba chĂłir focla ĂĄirĂd a scrĂobh â sin focla nach dteagasctar ar scoil ach a ĂșsĂĄidtear achan lĂĄ ina gceantar. BĂonn orthu leitriĂș a chumadh iad fĂ©in. GoidĂ© an mhaith atĂĄ i dteagasc na Gaeilge ins na scoltacha sa Ghaeltacht muna dteagasctar do na cainteoirĂ dĂșchais a gcuid focal a scrĂobh ?
GoidĂ© an mhaith an Ghaeilg a theagasc ar chor ar bith muna dtabhairtear aitheantas ar bith do theangaidh na gcainteoirĂ dĂșchais, iad sin a choinnigh an teangaidh bheo go dtĂ an lĂĄ inniu ? Munach muintir na Gaeltachta, bheadh an Ghaeilg marbh le fada. Is Ă teangaidh na Gaeltachta teangaidh dhĂșchasach na hĂireann, chan Ă an CaighdeĂĄn OifigiĂșil Ă, a cumadh in oifigĂ i mBaile Ătha Cliath thart fĂĄ thrĂ fichid bliain Ăł shoin.
Is Ă© mo bharĂșil gur chĂłir an chanĂșint ĂĄitiĂșil a theagasc in achan cheantar Ghaeltachta. Ba chĂłir do na foilsitheoirĂ leabharthaĂ a dhâfhoilsiĂș mĂĄ tĂĄ na lĂĄmhscrĂbhinnĂ scrĂofa i gcanĂșint ineacht, gan Ă a chaighdeĂĄnĂș. MĂĄ bhĂonn cupla focal « rĂł-ĂĄitiĂșil » Ăł am go chĂ©ile, is furast nĂłta a scrĂobh ar bhun an leathanaigh lena gciall a mhĂniĂș.
Muna bhfeicthear na canĂșintĂ scrĂofa in ĂĄit ar bith, muna dtabhairtear aitheantas ar bith daofa, sĂlfidh na cainteoirĂ dĂșchais nach bhfuil maith ar bith ina gcanĂșintĂ agus is dĂłcha go bhfuĂgfidh siad a dteangaidh do rĂ©ir a chĂ©ile.
Le fĂrinne, chan gĂĄ an CO a dhâĂșsĂĄid in achan leabhar, achan tĂ©acs, achan phĂ©ipeĂĄr nuaĂochta, achan leabhar scoile srl. Roimhe na 50dĂ, bhĂodh trĂ leagan do na leabharthaĂ scoile : leagan do dhâUltaibh, leagan eile do Chonnachta agus leagan eile do Mhumhain.
Inniu chan gĂĄ teangaidh chaighdeĂĄnach a dhâĂșsĂĄid ach amhĂĄin fĂĄ choinne tĂ©acsannaĂ ĂĄirĂd a lĂ©ighfeadh achan Ăireannach, mar shompla doicimĂ©id Ăłn Rialtas srl.
FĂĄ choinne achan rud eile, mar atĂĄ, an chuid is mĂł dĂĄ bhfuil scrĂofa, tĂĄ mĂ© ag meas gur chĂłir na canĂșintĂ a dhâĂșsĂĄid an oiread agus is fĂ©idir, le teispeĂĄint do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil a dteangaidh luachmhar agus go gcaithfidh siad bheith brĂłdĂșil aisti.
I dtĂorthaĂ Ă©agsĂșla, caithfear teangaidh chaighdeĂĄnach a dhâĂșsĂĄid, i gcĂĄsannaĂ ĂĄirĂd, mĂĄ tĂĄ barraĂocht duifreacha eadar na canĂșintĂ agus nuair nach bhfuil na daoinĂ ĂĄbalta a chĂ©ile a thuigbheĂĄil. Ach nĂ gĂĄ sin in Ăirinn, nĂł cluintear achan lĂĄ ar RaidiĂł na Gaeltachta go bhfuil cainteoirĂ achan cheantair breĂĄ ĂĄbalta a chĂ©ile a thuigbheĂĄil agus iad uilig ag baint feidhme as a gcanĂșint fĂ©in…
MĂĄs mĂł a chuirfear canĂșintĂ na Gaeltachta chun cinn agus mĂĄs mĂł a bhĂ©arfar aitheantas daofa, mĂĄs fuide a mhairfeas teangaidh dhĂșchasach na hĂireann.
Gaeilg Ghaeltacht ThĂr Chonaill – Donegal Irish
canĂșint – dialect
scoltacha – schools
brĂłdĂșil – proud
ar chor ar bith – at all
 achan – every
Rialtas – government
teangaidh – language
ĂĄbalta – able.
GaelscĂ©al is available to read online in its entirety online.Â
If anyone is interested I have an East Ulster Irish page on FACEBOOK, http://www.facebook.com/GaeilgOirthearUladh.












Nach bhfuil Comhaltas Uladh ag déanamh a seacht ndicheall?
S’iad na canĂșintĂ croĂ agus corplĂĄr na teangan. Tabhair fĂ© ndeara go bhfuil An Ghaolainn, An Ghaeilge, agus An Ghaeilg (gan trĂĄcht ar Gaidhlig) againn. S’dĂłigh liom gurb Ă© Muller adĂșirt nach raibh i ‘teanga’ ach canĂșint le arm agus cabhlach. Saibhreas = canĂșintĂ.
Dialects are the life blood of any language. How sweeter to the ear the Belfast accent, say, than the homogeneous “oh my god i was like so like totally embarrassed” which is becoming more and more prevalent, unfortunately.