Gaelscéal : In defense of (Ulster) dialect

In this weeks Gaelscéal we have an opinion piece by Frenchman “Lughaidh” Cheveau arguing passionately for the increased use of dialect in Irish language media and literature. Lughaidh, a strong supporter of the Ulster Dialect, in which the piece is written, argues that the use of Standard Irish in schools is responsible for the decline of Irish in the Gaeltacht. (Google Translate will be of limited utility on this on unfortunately).

I dtús báire, ba mhaith liom stíl P. P. Höglund a mholadh, gomh maith lena shamhlaíocht nó is maith liom a chuid téacsann a léamh agus cha bheinnsa ábalta scríobh gomh maith leis, ná scéaltaí a chumadh ach an oiread.

Maidir leis an rogha a rinn sé, mar atá, Gaeilg Ghaeltacht Thír Chonaill a chur ar leataobh agus an Ghaeilg chaighdeánach a dh’úsáid ina chuid scríbhneoireachta, chan aontaimsa féin leis.

Deir sé go mbíodh díomá air, amannaí, ag léamh téacsannaí scríofa i nGaeilg Uladh, ó tharla nach rabh stíl maith go leor le fáilt iontu, go rabh Béarlachas iontu agus mar sin dó. Cinnte, caithfidh go bhfuil cupla scríbhneoir nó cupla iriseoir nach bhfuil stíl mhaith acu in Ultaibh. An ionann sin is a ráidht nach dtig scríobh i nGaeilg Ultach mhaith ? Chan ionann.

Char thuig mé cad chuighe nár thagh P. P. Höglund leanstan do bheith ag scríobh i gcanúint ineacht (i nGaeilg Uladh ins an chás sin), ag tógáilt cora cainte nó focla ó chanúintí eile nuair ba mhaith leis, mar a rinn Máirtín Ó Cadhain, údar a luaigh sé ina alt.

Sílim go bhfuil sé tábhachtach na canúintí Gaeltachta a dh’úsáid agus a chur chun cinn an oiread agus is féidir. Cad chuighe ? As siocair go bhfuil Gaeilg na Gaeltachta i gcontúirt : ar an iomlán cha dtéid uimhir na nGaeilgeoirí i méad ins na ceantracha Gaeltachta.

This weeks Gaelscéal – in the shops now – Pubs suffering, number of kids reared with Irish in the North, Galway County Council’s very own fiscal cliff and how to get yourself back into shape after Christmas

Tá a fhios agam nach í Gaeilg na háite a theagasctar ins na scoltacha, ins na ceantracha Gaeltachta féin. Is é an Caighdeán a theagasctar ansin. Ins an Ghaeltacht, síleann cuid do na páistí agus cuid do na daoiní fásta nach labhrann siad an Ghaeilg cheart, nó síleann siad go labhrann siad « Sean-Ghaeilg », ó tharla nach í a nGaeilg féin a theagasctar sna scoltacha, ach an Caighdeán. Chualaidh mé féin cailín óg, i nGaeltacht Thír Chonaill, ag ráidht gur deacair léithe na rangannaí Gaeilge ar scoil. Ach bhí Gaeilg bhreá aici ó dhúchas ! Ach chan í an Ghaeilg sin a bhí orthaí a fhoghlaim ná a scríobh ins na scriúdaíocha srl.

Ins an Ghaeltacht, tá daoiní ann atá bródúil agus a bhfuil a fhios acu go bhfuil a gcuid Gaeilge gomh maith céarna (nó níos fearr féin) ná an Ghaeilg chaighdeánach. Ach ar an drochuair tá daoiní ann fosta nach bhfuil bród orthu as a gcanúint agus a shíleas go bhfuil an Caighdeán níos fearr agus nach bhfuil mórán maithe ina gcanúint féin, ó tharla nach dteagasctar agus nach scríobhtar in áit ar bith í. Agus goidé a tharlóchas mar sin, dar leat ?

Do réir a chéile, stadfaidh siad do bheith ag labhairt Gaeilge lena bpáistí, as siocair go gcreidfidh siad go mb’fhearr dona bpáistí Gaeilg chaighdeánach a dh’fhoghlaim ar scoil, ná Gaeilg neamhchaighdeánach a dh’fhoghlaim ar chor ar bith. Go háiríd má fhaghann siad drochmharcannaí ins na scriúdaíocha nuair a úsáideas siad leaganacha neamhchaighdeánacha.

Tá aithne agam fosta ar chupla cainteoir Gaeltachta nach mbíonn a fhios acu, go minic, goidé mar ba chóir focla áiríd a scríobh – sin focla nach dteagasctar ar scoil ach a úsáidtear achan lá ina gceantar. Bíonn orthu leitriú a chumadh iad féin. Goidé an mhaith atá i dteagasc na Gaeilge ins na scoltacha sa Ghaeltacht muna dteagasctar do na cainteoirí dúchais a gcuid focal a scríobh ?

Goidé an mhaith an Ghaeilg a theagasc ar chor ar bith muna dtabhairtear aitheantas ar bith do theangaidh na gcainteoirí dúchais, iad sin a choinnigh an teangaidh bheo go dtí an lá inniu ? Munach muintir na Gaeltachta, bheadh an Ghaeilg marbh le fada. Is í teangaidh na Gaeltachta teangaidh dhúchasach na hÉireann, chan í an Caighdeán Oifigiúil í, a cumadh in oifigí i mBaile Átha Cliath thart fá thrí fichid bliain ó shoin.

Is é mo bharúil gur chóir an chanúint áitiúil a theagasc in achan cheantar Ghaeltachta. Ba chóir do na foilsitheoirí leabharthaí a dh’fhoilsiú má tá na lámhscríbhinní scríofa i gcanúint ineacht, gan í a chaighdeánú. Má bhíonn cupla focal « ró-áitiúil » ó am go chéile, is furast nóta a scríobh ar bhun an leathanaigh lena gciall a mhíniú.

Muna bhfeicthear na canúintí scríofa in áit ar bith, muna dtabhairtear aitheantas ar bith daofa, sílfidh na cainteoirí dúchais nach bhfuil maith ar bith ina gcanúintí agus is dócha go bhfuígfidh siad a dteangaidh do réir a chéile.

Le fírinne, chan gá an CO a dh’úsáid in achan leabhar, achan téacs, achan phéipeár nuaíochta, achan leabhar scoile srl. Roimhe na 50dí, bhíodh trí leagan do na leabharthaí scoile : leagan do dh’Ultaibh, leagan eile do Chonnachta agus leagan eile do Mhumhain.

Inniu chan gá teangaidh chaighdeánach a dh’úsáid ach amháin fá choinne téacsannaí áiríd a léighfeadh achan Éireannach, mar shompla doiciméid ón Rialtas srl.

Fá choinne achan rud eile, mar atá, an chuid is mó dá bhfuil scríofa, tá mé ag meas gur chóir na canúintí a dh’úsáid an oiread agus is féidir, le teispeáint do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil a dteangaidh luachmhar agus go gcaithfidh siad bheith bródúil aisti.

I dtíorthaí éagsúla, caithfear teangaidh chaighdeánach a dh’úsáid, i gcásannaí áiríd, má tá barraíocht duifreacha eadar na canúintí agus nuair nach bhfuil na daoiní ábalta a chéile a thuigbheáil. Ach ní gá sin in Éirinn, nó cluintear achan lá ar Raidió na Gaeltachta go bhfuil cainteoirí achan cheantair breá ábalta a chéile a thuigbheáil agus iad uilig ag baint feidhme as a gcanúint féin…

Más mó a chuirfear canúintí na Gaeltachta chun cinn agus más mó a bhéarfar aitheantas daofa, más fuide a mhairfeas teangaidh dhúchasach na hÉireann.

Scríobhadh an t-alt seo mar fhreagra ar alt a scríobh Panu Petteri Höglund dar teideal ‘Mise, Gaeilge Uladh, agus an Caighdeán, nó: Triantán Grá na Gaeilge’ a foilsíodh in Gaelscéal 21 Samhain 2012 agus atá ar fáil le léamh i gcónaí ar www.gaelsceal.ie

Gaeilg Ghaeltacht Thír Chonaill – Donegal Irish

canúint – dialect

scoltacha – schools

bródúil – proud

ar chor ar bith – at all

 achan – every

Rialtas – government

teangaidh – language

ábalta – able.

Gaelscéal is available to read online in its entirety online. 

If anyone is interested I have an East Ulster Irish page on FACEBOOK, http://www.facebook.com/GaeilgOirthearUladh.

 

 

  • socaire

    Nach bhfuil Comhaltas Uladh ag déanamh a seacht ndicheall?

  • Droch_Bhuachaill

    S’iad na canúintí croí agus corplár na teangan. Tabhair fé ndeara go bhfuil An Ghaolainn, An Ghaeilge, agus An Ghaeilg (gan trácht ar Gaidhlig) againn. S’dóigh liom gurb é Muller adúirt nach raibh i ‘teanga’ ach canúint le arm agus cabhlach. Saibhreas = canúintí.

    Dialects are the life blood of any language. How sweeter to the ear the Belfast accent, say, than the homogeneous “oh my god i was like so like totally embarrassed” which is becoming more and more prevalent, unfortunately.