Gaelscéal : Should Scottish place-names be translated into English?

‘Aistrigh na logainmneacha go Béarla’

Eric Joyce MP, a ciontaíodh as ionsaithe a dhéanamh ar MPs eile, ag teacht amach in aghaidh na Gaeilge!

Anton Mac Cába

Tá an dearg-ádh ar Ghaeil na hAlban agus an saghas namhaid atá ag teanga s’acu.

Tá an Feisire Eric Joyce acu. Thug sé an masla is déanaí do Ghaeilgeoirí na hAlban agus é ag tuíteáil: “Why not try English? We’ll all understand you that way, not just your neighbour. Alternatively, just shout across the fence.”

Gaelscéal na seachtaine seo

Le coicís anuas, dúirt sé go raibh logainmneacha Gaeilge “inane and meaningless”: nach raibh san fhilíocht Ghaeilge ach “basically doggerel”: agus gur “Big Brumm” an Ghaeilge ar chairr in Alban.

Toghadh Joyce mar fheisire de chuid an Lucht Oibre do toghcheantar na hEaglaise Breac in 2000. I mí Feabhra na bliana seo, ciontaíodh é as ionsaí a dhéanamh ar fheisire de chuid na gCaomhach, ar fheisire óna pháirtí féin, agus ar beirt fhear eile.

Bhí sé an-ólta i mbeár i Westminster ag an am. D’éirigh sé as an Lucht Oibre ina dhiaidh sin.

Bhí sé ar an gcéad fheisire Westminster a chuir isteach ar bhreis agus £1milliún (€1.25milliún) de chostais. Bhí dhá olaphictiúr i measc na gcostas sin. Dúirt sé gur cheannaigh sé iad “mar go raibh cuma dheas orthu.”

ach má tá an t-ádh le Gaeil na hAlban, tá mí-ádh ar Ceiltigh Glaschú as an tacaíocht a fhaigheann siad uaidh.“Celtic are the gods of football,” a tuíteáil sé tar éis dóibh buachaint ar Bharcelona.

Gaeil na hAlban : Scottish Gaels

Lucht Oibre : Labour 

An Eaglais Bhreac : Falkirk

Ceiltigh Glaschú : Glasgow Celtic (a Scottish Soccer Club)

 

We are reader supported. Donate to keep Slugger lit!

For over 20 years, Slugger has been an independent place for debate and new ideas. We have published over 40,000 posts and over one and a half million comments on the site. Each month we have over 70,000 readers. All this we have accomplished with only volunteers we have never had any paid staff.

Slugger does not receive any funding, and we respect our readers, so we will never run intrusive ads or sponsored posts. Instead, we are reader-supported. Help us keep Slugger independent by becoming a friend of Slugger. While we run a tight ship and no one gets paid to write, we need money to help us cover our costs.

If you like what we do, we are asking you to consider giving a monthly donation of any amount, or you can give a one-off donation. Any amount is appreciated.