Colm Ó Broin
Léarscáil de ‘Phobal na Gaeilge’ ar Google Maps
TÁ léarscáil de phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath forbartha ag Gaelscéal ar Google Maps.
An aidhm atá leis ná daoine a chur ar an eolas faoi na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt lasmuigh den seomra ranga.
Tá sé i gceist an Gaelscéal an léarscáil a fhorbairt amach anseo chun an tír ar fad a chlúdach. Tá nasc chuig an léarscáilar fáil anseo agus ar chuntas Ghaelscéal ag Facebook, Twitter agus AbairLeat.
Tá sonraí na 29 seirbhís eaglasta Gaeilge a bhíonn ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an léarscáil (dhá cheann de chuid Eaglais na hÉireann agus 27 gcinn de chuid na hEaglaise Caitlicí) mar aon le 26 chiorcal comhrá mórthimpeall an chontae.
Chomh maith leis sin, tá eolas faoi na cumainn Ghaelacha tríú leibhéal clubanna óige ar nós Cumann na bhFiann, craobhacha Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí pobail eile agus grúpaí tuismitheoirí agus leanaí.
Tá sonraí ar an léarscáil faoi thograí aonair ar nós Na Gaeil Óga, Raidió na Life agus Aisteoirí Bulfin. Is féidir teacht ar eolas faoi cheannáras Chonradh na Gaeilge agus Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin agus na himeachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge atá ag feidhmiú san dá ionad.
Níl eolas faoin nGaelscolaíocht, naíscolaíocht nó ranganna Gaeilge ar an léarscáil mar teastaíonn ó Gaelscéal béim a leagan ar na háiteanna ina bhfuil an teanga á labhairt sa phobal.
Is é an chéad chéim eile sa togra ná sonraí maidir le pobal na Gaeilge sa chuid eile de Chúige Laighean a chur ar an léarscáil. Tá sé i gceist ag Gaelscéal Cúigí Uladh, Chonnacht agus Mumhan a dhéanamh níos déanaí.
“Tá an léarscáil iontach spéisiúil agus is áis mhaith atá ann do dhuine ar bith atá ag lorg eolais faoi chiorcail chomhrá nó imeachtaí Gaeilge eile i mBaile Átha Cliath,” arsa Brian Ó Gáibhín, Bainisteoir Áras Chrónáin.
Is féidir sonraí faoi mhíreanna eile den léarscáil, i mBaile Átha Cliath agus sa chuid eile den tír, a chur chuig [email protected].
It is generally assumed that the Isle of Lewis, with around 10,000 Gaelic speakers and the Galway Gaeltacht with a similar number of speakers at its core, although surrounded by partially Irish speaking areas, compete for the prize for the world’s largest ‘Gaeltacht’ or body of Gaelic speakers.
It should be remembered however that Dublin can also boast 10,000 daily Irish speakers in a very different context.
Gaelscéal have this week begun a project to map that community and its activities, everything from Church services, to sport, to social clubs, it is not finished, it perhaps never will be, but it does provide a snapshot of an urban Gaelic speaking community and we hope that it will act as a resource to that community.
léarscáil : map
Baile Átha Cliath : Dublin
sa phobal : in the community
Bainisteoir : manager
Freelance journalist, working mostly in Irish.
Have my own independent news website – antuairisceoir.com – which is in constant need of material.
I am the former editor of the newspaper Gaelscéal, www.gaelsceal.ie