Slugger O'Toole

Conversation, politics and stray insights

Saillte?

Fri 5 February 2010, 7:59pm

Rinne mé tuairisc an tseachtain seo chuaigh thart go raibh caint ar straitéis don Ghaeilge seachas ar Acht na Gaeilge i gcainteanna Chroimghlinne. Tá an ‘comhaontú’, an toradh ar an cainteanna seo anois ar fáil .

Bhí mé iomlán mí-cheart, níl iomrá ar bith ar Acht, nó straitéis, déanta na fírinne ní luaitear an Ghaeilge ar chór ar bith. Ar sailleadh sinn?Is dócha go mbeidh sé á mhaíomh go bhfuil cúrsaí teanga cludaithe san abairt …

The First Minister and deputy First Minister will oversee an exercise of examining the St Andrews Agreement and identifying all matters contained within it which have not been faithfully implemented or actioned.

Beidh le feiceáil ach tá cuma na méire fada ar sin. Is duine dóchasach mé i gcónaí ach ní fheicim toradh suntasacha ar an ‘exercise’ seo.

Sin ráite, tá abhcóide is blagóir mór le rá, an tUasal Jim Allister QC, (Mac Alasdair ar ndóigh) ag maíomh go mbeidh Acht Gaeilge ann!

Seo a deir Jim …

“How many times did the DUP not boast that they had buried the Irish Language issue? It was their greatest scalp in devolution! Now, we find, as I previously warned, that suddenly it is back on the table as part of republicanism’s agenda to sanitise this Province of its Britishness”.

Den chéad uair riamh beidh Gaeilgeoirí ag súil go bhfuil iomlán an chirt ag Jim Allister ó thaobh Acht na Gaeilge de ach an bhfuil sé a mhaíomh aige nach raibh na mílte Gaeil a fuair bás sa chéad chogadh domhanda ‘British’. An bhfuil sé ag admháil nach bhfuil aon darna suí sa bhuaile ag Gaeil ach an Ríocht Aontaithe a fhágáil? Gaeil na hAlbain san aireamh?

UPDATE :

Seo a bhfuil a rá ag Máirtín Mac Aonghusa fán ábhar ….

We have agreed a process to progress the rights of Irish Language speakers and North/South aspects of the St. Andrews Agreement.

‘Agreed a process to progess’ – Gaeil mise, níl a fhios agam ach an oiread a chara. Tá súil agam go bhfuil dul chun cinn suntasach aontaithe áit éigin fán cheo seo go léir. Feicfidh muid.

UPDATE eile : Tá Nuacht 24 ag rá go mbeidh níos mó airgead ar fáil do chraoltóireacht Gaeilge agus eile ó thuaidh. Tá cuma iontach dearfach ar sin caithfidh mé a rá, ar an lámh eile tá ár gcearta teanga a cheannacht uainn ach seans gurbh fhearr Gaeil an t-airgead fá choinne obair ar an talamh ná na cearta?

UPDATE eile : Tá Nuacht 24 ag tuairisciú go bhfuil POBAL ‘meallta’ leis an chomhaontú.

Don’t forget folks, if you have no Gaelic you can still get an idea of what is being said here with Google translate.

Share 'Saillte?' on Delicious Share 'Saillte?' on Digg Share 'Saillte?' on Facebook Share 'Saillte?' on Google+ Share 'Saillte?' on LinkedIn Share 'Saillte?' on Pinterest Share 'Saillte?' on reddit Share 'Saillte?' on StumbleUpon Share 'Saillte?' on Twitter Share 'Saillte?' on Add to Bookmarks Share 'Saillte?' on Email Share 'Saillte?' on Print Friendly

Comments (7)

  1. st etienne (profile) says:

    Strategy. He definitely said strategy. And fail.

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  2. Concubhar (profile) says:

    Thall ar mo bhlag fĂ©in, iGaeilge, an ĂĄit ar cĂ©ad tuairiscĂ­odh an easnamh seo sa ChomhaontĂș nua idir an DUP agus Sinn FĂ©in, tĂĄim ag baiste ComhaontĂș an Titanic ar seo. ComhaontĂș a bhĂ­ dĂłchas is aislingĂ­ luaite leis Ăł thaobh na Gaeilge de – ach atå imithe go tĂłin phoil.

    NĂ­ mise an chĂ©ad duine a dhĂ©arfaidh nach gcreidim focal Ăł bhĂ©al SF mura bhfuil sĂ© scrĂ­te ar phar. TĂĄ sceideal beacht, le dataĂ­ cinnte luaite leis, ann do reiteach cheist na bParĂĄideanna. FiĂș luann siad an lĂĄ a chuirfidh an BanrĂ­on a h-ainm leis an reachtaĂ­ocht. [An cuimhin libh an chaint faoi ‘introducing an Irish Language Act’ a bhĂ­ ann tar Ă©is Cill Rimhinn? Agus nĂĄ raibh Rialtas na Breataine ĂĄbalta geallĂșint a thabhairt go reachtĂłfaĂ­ reachtaĂ­ocht ar bith an uair Ășd? Nach athrĂș poirt Ă© seo?

    Níl aon íontas orm gur loic SF arís eile ar an nGaeilge. Is é an t-íontas atå orm gur chreid daoine gur malairt scéil atå ann.

    i gcead do Ghael Gan NĂĄĂ­re, is ar iGaeilge atå an trachtaireacht is an tuairisciĂș is cruinne ar an gceist seo. FiĂș mĂĄ dheirim fĂ©in Ă©….

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  3. socaire (profile) says:

    Mar a dĂșirt mĂ©. An bhfuil sibh rĂ©idh don fheillbhirt maidir leis an Ghaeilge agus le Bothar an Gharbhachaidh? Nach agamsa an balla criostail?

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  4. Raymonds Back (profile) says:

    Bhuel tĂĄ mise sĂĄsta nĂĄr luadh an Ghaeilge ar chor ar bith sa chomhaontĂș seo, mar nĂ­ ceart go mbeadh an teanga ĂĄ hĂșsĂĄid mar ghlĂ©as idirbheartaĂ­ochta ag dream ar bith den dĂĄ thaobh sa tsochaĂ­ seo. Is le gach Éireannach an teanga, agus nĂ­l sĂ© ar leas na teanga go mbeadh an chuma ar chĂșrsaĂ­ go bhfuil sĂ­ ‘i seilbh’ dream nĂł taobh faoi leith,

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  5. Nordie Northsider (profile) says:

    NĂ­ mise an chĂ©ad duine a dhĂ©arfaidh nach gcreidim focal Ăł bhĂ©al SF mura bhfuil sĂ© scrĂ­te ar phar…

    [Nach bhfuil an comhaontĂș seo 'scrite ar phĂĄr', nĂł an ar chlocha oghaim a breacadh Ă©?]

    is ar iGaeilge atĂĄ an trachtaireacht is an tuairisciĂș is cruinne ar an gceist seo. FiĂș mĂĄ dheirim fĂ©in Ă©….

    [Seanfhocal deas Gaeilge: síleann an fear mire gurb eisean fear na célle. Seanfhocal deas Béarla: self-praise is no praise.]

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  6. Concubhar (profile) says:

    Naughty naughty Nordie Nordie.
    Ar ndóigh, beidh an dream a bhionn ag déanamh leithscéalta ar son na bpolaiteoirí leibideacha ag ionsaí na dteachtairí seachas na dteachtaireachtaí. Is maith an rud é go bhfuil stór maith seanfhocail agat a Nordie nó tabharfaidh siad san solås duit in éagmais an Acht Ghaeilge a gheall do phairtí.

    DĂĄ mba rud Ă© go raibh sĂ© i gceist ag Sinn FĂ©in gan an chuma a chur ar an bpairtĂ­ go raibh siad ag sealbhĂș an Ghaeilge, cĂ©n fath gur labhair Martin McGuinness an ‘cĂșpla focal’ ag an bpreas ocĂĄid ar maidin i nGaeilge. B’fhearr liom beart seachas briathar Ăłn Leas ChĂ©ad Aire!

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  7. Concubhar (profile) says:

    Tugaim faoi ndeara gur foilsĂ­odh an scĂ©al sin ar Nuacht 24 roimh ar fhoilsĂ­odh an ChomhaontĂș fĂ©in. NĂ­ raibh aon tagairt dĂĄ leithĂ©id sa ChomhaontĂș ar lĂ©igh mise…..

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0

Leave a Reply

You must be logged in to post a comment.

Copyright © 2003 - 2012 Slugger O'Toole Ltd. All rights reserved.
Powered by WordPress; produced by Puffbox.
35 queries. 0.357 seconds.