Slugger O'Toole

Conversation, politics and stray insights

Éirígí, cad atá in ann dóibh?

Sat 30 May 2009, 7:24pm

Bhí mé thar a bheith sásta a cloisteáil gur shocraigh Éirígí ag Ard-Fhéis s’acu ar na mallaibh chun seasamh i dtoghcháin amach anseo.

Níl mise i mo bhall d’Éirígí agus ní bheidh ach sílim gur rud maith é a leithead de dhream a bheith ann.

Bhí mé ag caint le cuid mhaith baill de Shinn Féin ar an ábhar seo agus shíl siadsan go raibh sé maith go bhfuil na daoine seo ‘gníomhach’ agus go bhfuil cuma ar an scéal go bhfuil polaitíocht dearfach de chineál éigin ag baint leo, seachas a bheith dírithe ar Shinn Féin fhéin go díreach.

Shíl cuid mhaith acu sin áfach nárbh fhada go mbeadh Éirígí ‘torn apart by its own inconsistencies’.

Cinnte, bheadh imní orm faoi Éirígí fosta, mar shampla, dúirt cúpla daoine liomsa, a bhfuil baint acu le hÉirígí go bhfuil siad ag caint ar son ‘an phobail.’ Is léir nach ionann an pobal seo agus na vótóirí ar an talamh áfach. Cé hiad mar sin?

An mbeidh vóta ag na brainwashed théis an réabhlóid nó ag an phobal seo amháin?

An mbeidh ráth orthu amach anseo sna toghcháin? Níl a fhios agam dáiríre. Is suimiúil liom gur dhúirt roinnt daoine a bhfuil gráin acu ar Shinn Féin liom go bhfuil ?irígí níos measa ná na provies’.

An bhfuil an bearna mór go leor idir Sinn Féin agus abair RSF don dream seo? An mbeidh daoine sásta vótáil ar son an sóisialachas réabhlóideach ag deireadh an lae?
An mbeidh Éirígí sásta an gnáthobair polaitiúil a dhéanamh ar an talamh? Mrs Murphy’s toilet seát is bruck again agus mar sin de?

Ach cheánna, is cinnte liom go bhfuil todhchaí níos gile roimh Éirígí ná mar atá roimh an 32 Cóinté Sóibhérintí Cámaití, an Réapublaiceán Nátwarc fur Iúinéat n? RSF fiú.

Ag an am ceánna, mar a mhaigh cuid mhór baill Shinn Féin liom, tá gach seans go mbeidh scoilt ann roimh i bhfad.

Mar shampla, chomh maith le bheith sóisialach, tá an dream seo thuas i mBéal Feirste iontach Gaelach amach is amach, is léir a dtionchar dála an scéil, ach an bhfuil lucht Éirígí thíos i nDuibhlinn leath chomh Gaelach agus an mbeidh siad sásta géilleadh do shlua na nGael amach anseo. Tá mé in amhras.

Nuair a sheasfas siad sa chéad toghchán eile, beidh deis againn go léir feiceáil cé chomh mór is atá tacaíocht s’acu, rud a bheas an spéisiúil ar fad.

Share 'Éirígí, cad atá in ann dóibh?' on Delicious Share 'Éirígí, cad atá in ann dóibh?' on Digg Share 'Éirígí, cad atá in ann dóibh?' on Facebook Share 'Éirígí, cad atá in ann dóibh?' on Google+ Share 'Éirígí, cad atá in ann dóibh?' on LinkedIn Share 'Éirígí, cad atá in ann dóibh?' on Pinterest Share 'Éirígí, cad atá in ann dóibh?' on reddit Share 'Éirígí, cad atá in ann dóibh?' on StumbleUpon Share 'Éirígí, cad atá in ann dóibh?' on Twitter Share 'Éirígí, cad atá in ann dóibh?' on Add to Bookmarks Share 'Éirígí, cad atá in ann dóibh?' on Email Share 'Éirígí, cad atá in ann dóibh?' on Print Friendly

Comments (22)

  1. féachadóir says:

    “Bhí mé ag caint le cuid mhaith baill de Shinn Féin ar an ábhar seo agus shíl siadsan …. nárbh fhada go mbeadh Éirígí ‘torn apart by its own inconsistencies’.

    Ag an am ceánna, mar a mhaigh cuid mhór baill Shinn Féin liom, tá gach seans go mbeidh scoilt ann roimh i bhfad.”

    ‘Wishful thinking’ ar son Sinn Féin?

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  2. Gael gan Náire (profile) says:

    Cá bhfios? Beidh le feiceáil.

    Ar ndóigh, is furast scoilt chomh fada soir ar an éite chlé dar liom. Ach ní bheadh a fhios agat.

    Caitfear scoilteoirí leanúnacha a choinneáil amach mar thús?

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  3. séamus mac seáin says:

    má’s fíor duit ,a GGN a chara, go bhfuil lucht éirigí ó thuaidh iontach Gaelach agus níl a fhios agam an bhfuil nó nach bhfuil, ach is trua liom, mar shean diúlach, go bhfuil glún óg eile de Ghaeil lena gcuid ama a chur amú le gnáth pholaitíocht na tíre seo agus an réabhlóid teanga a fhágáil faoi dream éigin eile nó is cinnte gur sin an deireadh a bheas ar á niarrachtaí áinneoin ainm gaelach na heagraíochta.Fianna Fáil.Fine Gael,Sinn Féin nó Éirigí, ainm breá gaelach gach ceann acu ach meas tú an mbeidh athghabháil na hÉireann frid athbheochan saíocht dúchais na tíre mar chéad sprioc acu?.Cuirfidh sé iontas orm má bhíonn.Is é an tathrú teanga an réabhlóid is mó agus is deacra le tabhairt i gcríoch i dtír ar bith agus an té a bheadh dairíre faoi ní bheadh an tam aige faoi choinne polaitíocht pháirtí agus go háirithe nuair nach mbeidh an “fíor réabhlóid” ach mar chuid thánaisteach de ioliomad cuspóirí an pháirtí sin.Ba é an sóisíalach mór agus Gael mór an 20ú Aois, Máirtín Ó Cadhain,a dúirt gurbh í athghabháil na Gaeilge athghabháil na hÉireann agus ní fhaca mé aon rud go fóill lena bhréagnú.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  4. Pancho's Horse says:

    Bhí mé ag caint le roinnt mór iar-bhaill de Shinn Féin agus iad siúd nach mbeidh ag scriosadh a nguthanna, beidh siad ag dul i dtreo na stoops. Le ceacht a thabhairt do Shinn Féin Nua, an dtuigeann tú? Cad eile is féidir leis na Poblachtanaigh a dhéanamh?

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  5. Gael gan Náire (profile) says:

    A Shéamuis,

    Aontaím leat.

    Agus má thagann ball ar bith d’Éirígí thart deirfidh siadsan an rud ceánna.

    Is é an rud ná go gcreideann daoine in rudaí eile chomh maith is dócha.

    B’shin ceann de na rudaí a dúirt daoine óga le Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste liomsa i gcónaí, ná gur chreid siad go raibh an pobal i gcoitinne den bharúil go bhfuil / raibh lucht na Gaeilge ar nós cuma leo fá gach rud eile seachas an Ghaeilge, rud a rinne dochar do chúis na Gaeilge i measc an phobail. Ní aontaím leis sin ach sin a deirtear liom.

    Dáirire, is doiligh liom smaoineamh ar dhuine óg le Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste a bhí i Sinn Féin nár imigh leo go hÉirígí. Is é sin ceann de na fáthanna a thit an tón as an fheachtas ar son Acht na Gaeilge, i mo thuairin féin.

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  6. Gael gan Náire (profile) says:

    Pancho’s Horse,

    Tá sé ráite ag neart daoine liomnsa go bhfuil siad chun vótaí s’acu a scriosadh ach caithfidh mé a rá, nuair a luaigh mise gurbh fhéidir leo vótáil don SDLP de bhrí nach maithe liom scriosadh vótaí dúirt cupla daoine liom, ‘caidé an difear?’ Ouch.

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  7. Pancho's Horse says:

    An difear? Am amháin, bhí poblachtanaigh ina mball de Shinn Féin.Taobhaimse leis an scoil a bheidh ag scriosadh.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  8. Gael gan Náire (profile) says:

    Tá an cheart sin agat ar ndóigh.

    B’fhearr liomsa go seasfadh daoine i dtoghcháin agus go mbeadh díospóireacht is rogha ann seachas an páistiúlachas atá ar bun anois.

    Ar ndóigh, ní hé an ceann seo an ceann ceart ach caithfidh na dreamanna seo uile go léir dul isteach sa comórtas? Do thuairim?

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  9. Pancho's Horse says:

    Is cuimhin liom na seandaoine ag rá “The Irish would give Republicans anything but their vote”. Cá fhagann sin Sinn Féin Nua?

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  10. Gael gan Náire (profile) says:

    Pancho,

    “Cá fhagann sin Sinn Féin Nua?”

    Ar barr an liosta?

    Seo an rud, is féidir linn a bheith ag caint anseo ach tá gach seans go mbeidh Sinn Féin ina bpáirtí is mó ar an talaimh gafa théis an toghchán seo.

    Beidh daoine ag dul don phost ‘nobody supports Sinn Féin’ go fóill ina dhiaidh sin, ach ní fíor é.

    Má tá dream cosúil le hÉirígí chun dul chun cinn a dhéanamh caithfidh siad a múin a dhéanamh leis an bhod atá acu, níl mórán fiúntas ag maíomh nach dtacaíonn an ‘Community’ le Sinn Féin níos mó. Ní fíor sin.

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  11. greenflag says:

    gael gan naire ,

    ‘B’fhearr liomsa go seasfadh daoine i dtoghcháin ‘

    B’fhearr liomsa freisin ach ag an t-am seo nil seans da laghaid acu.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  12. séamus mac seáin says:

    a GGN má’s fíor go bhfuiltear ag rá go bhfuil Gaeilgeoirí ar nós cuma liom faoi aon rud eile ach an teanga Ghaeilge, nár cheart do na Gaeil óga a chur ar á súile dóibh nach bhfuil sé fíor?.le mo linn féin, agus tá mé aosta go leor, ba i measc an phobail mhóir a bhí lucht na hathbheochána gníomhach (mura m’bionann agus lucht na hacadúlachta go minic).In aimsear éigandála na 70í luath ba iad na Gaeilgeoirí a rinne Bombay St.a aththógáil ó luaithrí aníos.Ba iad a thóg an chéad Eastáit tionsclaíoch in iarrthar Bhéal Feirste.Thóg siad naíscoileanna,bunscoileanna,agus meánscoileanna a raibh páirt lárnach ag an phobal mhór ionntu.Thóg siad ionaid shóisíalta don phobal.Reactáil siad na mílte ranganna Gaeilge don phobal.Ba ag tógáil nascanna leis an phobal a bhí siad i rith an ama Chreid siad mar a dúirt an Piarsach “nach ar shon IS agus Tà amháin a tháinig siad isteach i ngluaiseacht na Gaeilge”ach bhí rud amháin i gcoitine ag na Gaeil ghníomhacha sin níor thaobhaigh siad le páirtí amháin polaitíochta seachas a chéile.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  13. RG Cuan says:

    Ar ndóigh dá seasfadh Éirígí sna toghcháin anois gheobhaidh siad cúpla míle vóta ar fud na tíre, sin an méid. Ní chuirfeadh siad isteach ar aon pháirtí eile ná baol air ach is maith ann iad mar cuireann siad le héagsúlacht pholaitiúil na tíre, rud atá de dhíth go géar.

    Ní féidir a rá cad é a tharlóidh amach anseo ach, ag brath ar phróiseas Sinn Féin, seans go mbeadh Éirígí in ann breis daoine a mhealladh chucu nó seans nach mbeadh.

    Tacaím féin le poblacht atá sóisialach agus cothrom do chách ach tá mé den bharúil gur cur chuige agus polaitíocht níos leithne ná Éirígí a dhéanfaidh Éire a athaontú arís sa deireadh.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  14. Gael gan Náire (profile) says:

    Shéamuis,

    Déanann tú point an-mhaith agus is cinnte gur chóir do dhaoine cur in iúl do dhaoine óga fán méid a rinne lucht Gaeilge Bhéal Feirste le 30 bhliain anuas agus níos faide siar.

    Go raibh maith agaibh as an eolas sin.

    Cha raibh mise ach ag tuairisciú na barúlacha a chluiním is mé ag suí thart ag iarraidh a bheith ag éisteacht le daoine.

    Mar gheall ar shocrú SF fán PSNI tá teannas polaitiúil ann fá láthair sa phobal náisiúnach, tá an fuinneamh a chur amú mar gheall air agus tá muid agus gach rud eile thíos leis, an Ghaeilge thar aon rud eile.

    Is cinnte go bhfuil obair ar bun ag CnaG / NGÓ agus eile chun gluaiseacht a athógáil agus ní féidir a shéanadh go gcuireann an pholaitíocht isteach ar sin ar bhealach. Tiocfaidh muid go léir fríd an tréimhse seo áfach. Is cinnte sin.

    Amharcaím féin air mar dheis.

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  15. Wolf Little says:

    Why is this foreign language debate on this website? How disappointing.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  16. Gael gan Náire (profile) says:

    Ar an ábhar eadar láimh againn, nach áisteach nach bhfuil oiread is focal Gaeilge anseo …

    http://www.32csm.info/index.html

    nó anseo ach an oiread …

    http://www.republicannetwork.ie/

    Níl mórán Gaeilge anseo ach an oiread …

    http://www.rsf.ie/

    Is suimiúil liomsa é seo.

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  17. Gael gan Náire (profile) says:

    Is breagach an Ghaeilge atá ar an cheann seo …

    http://www.sinnfein.ie/

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  18. Gael gan Náire (profile) says:

    http://www.communistpartyofireland.ie/

    Dhátheagach go huile is go hiomlán de réir cosúlachtaí.

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  19. Mairseail Ui Neill says:

    díospóireacht suimiúl agus tóipíciúl.

    sílm gurbh b’fhearr don phobail gaelach a bheith ag díospoireacht ar dóigh cairdiúl mar seo ar ACHAN abhar a bhfuil tábhachtach acu, idir sóisialta, polaitiúla, cultúrtha agus eacnamaíochta.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  20. RG Cuan says:

    Níl barúil dá laghad ag na grúpaí poblachtacha thuas luaite faoi thábhacht na Gaeilge, ná ar cén áit ar cheart dóibh a gcuid fuinimh a chur dá mba mhian leo an tír seo a athaontú.

    Úsáiseann Sinn Féin an teanga go poiblí ach ní do ghnó an pháirtí, ná ar chuid mhór dá suíomh féin.

    Tá suíomh na gCumannach dátheangach ach is olc an suíomh é agus níl aon tionchar acu ar aon duine faoi láthair, agus is dócha nach mbeidh.

    An rud is tábhachtaí is dócha ná go n-atógann muid ár bpobal féin agus ansin tiocfaidh na páirtithe isteach nuair a bheas sin déanta againn.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  21. Gael gan Náire (profile) says:

    RG Cuan,

    Is é lom na fírinne nach bhfuil go leor Gaeil in áit ar bith chun oiread is comhairleoir a thoghadh.

    Go dtí sin, is beag aird ar an Ghaeilge uafa arbh fhéidir linn a bheith ag súil leis.

    Ní chuidíonn sé nuair nach votálann cuid mhór Gaeilgeoirí.

    Maidir leis na grupaí pobachtacha, tá sé mar chreideamh s’acu ach chan fhuil tuigbheál acu cad is náisiúin ann.

    An rud Béarla é Poblachtanachas Éireannach?

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  22. Astroloji says:

    Thank you very much…

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0

Leave a Reply

You must be logged in to post a comment.

Copyright © 2003 - 2012 Slugger O'Toole Ltd. All rights reserved.
Powered by WordPress; produced by Puffbox.
86 queries. 0.490 seconds.