Slugger O'Toole

Conversation, politics and stray insights

‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine

Tue 10 February 2009, 7:24pm

Mar is eol do roinnt daoine agaibh fán am seo is dócha, scríobh An Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó dheas, Eamon Ó Cuív (Eamó), alt mór fada ar an Irish Times cupla seachtaine ó shin anois dar teideal – ‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine’. Chuireas fáilte roimh a chuid focail. Duine ar bith dar léigh mo bhlag féin riamh, bheadh fios acu go mbeinn féin ag tacú go mór leis an mhana sin agus gurbh bheag ról an rialtais i dtodhchaí na teanga dar liomsa, bráthann sé sin ar na daoine agus agus lucht lábhartha na Gaeilge ach go háirithe.

Ceapaím féin gurb é ról an rialtais cothromas a chothú is a chosaint eadar an Bhéarla agus an Ghaeilge chun fíordheis a thabhairt do dhaoine chun a rogha theanga a úsáid mar is ceart.
Lena chois sin, tá meas mór agamsa ar Eamó agus is é mo thuairim gurb é an Aire is eifeachtaí dá raibh aige riamh ó thaobh na Gaeilge de agus gurb é an gníomhaire Gaeilge is airde sa rialtas le fada an lá.

Is féidir libh féin a léamh thall ar Gaelport ach seo cupla sleachta a chuir mé féin spéis ar leith ann.

“Tá Taoiseach nua againn atá ag cur an-spéis sa Ghaeilge agus atá anois mar Chathaoirleach ar an gCoiste Comhaireachta.”

Go maith.

“Mar atá ráite agam go minic cheana, creidimse go mbeadh an taoille casta dá mbeadh 250,000 duine sa tír ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Sin an sprioc atá agam agus ag an Rialtas. “

Cinnte.

“Caithfidh an Ghaeilge athrú ó theanga pobal tuaithe go teanga atá inghlactha sa saol cathrach agus mar sin creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfear go mór leis an ngréasán pobail atá á thógáil timpeall thart ar naíonraí, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí sna cathracha.”

Tá an cheart ar fad agat ansin Eamó ach cuirfinn leis go bhfuil lonnaíochtaí de dhíth orainn – caithfear sin a theachta óna daoine féin dar ndóigh.

“Níl aon amhras ach go bhfuil an-obair déanta ag pobal Bhéal Feirste leis an gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál agus is rud mar sin atá i gceist agam, áit a bhféadfadh daoine bualadh isteach agus casadh le daoine agus réimse seirbhísí leathan pobal Gaeilge a fháil.”

Níl dabht fá sin ach ní An Chultúrlann bun agus barr scéal na Gaeilge I mBéal Feirste ach an oiread.

Share '‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine' on Delicious Share '‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine' on Digg Share '‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine' on Facebook Share '‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine' on Google+ Share '‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine' on LinkedIn Share '‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine' on Pinterest Share '‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine' on reddit Share '‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine' on StumbleUpon Share '‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine' on Twitter Share '‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine' on Add to Bookmarks Share '‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine' on Email Share '‘Tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine' on Print Friendly

Comments (6)

  1. sms says:

    tá mé ag déanamh gurb iad lucht na Cultúrlainne iad féin an chéad dream a déarfadh nárbh iad bun agus barr na Gaeilge i mBéal Feirste iad ach ó tharla gurbh é an moladh faoí mhacasamhail Chultúrlann McAdam /Ó Fiaich a bhunú i mbailte móra na tíre an rud a ba chinnte agus a ba phraicticiúil dar dhúirt sé ina chaint níor mhisde do Ghaeil na tíre an moladh a ghlacadh ar bord le feiceáil an mbeidh an tAire sásta cur lena fhocal agus airgead a chur taobh thiar den tionscnamh.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  2. RG Cuan says:

    Is breá an moladh é cinnte ionaid ar nós na Cultúrlainne a chur ar bun ar fud na hÉireann. Tá neart le déanamh idir an dá linn ach ar a laghad tá an tAire ag léiriú smaointeoireachta agus uaillmhian.

    Tá rudaĂ­ eile ann a bhfuil gĂ©arghá leo – lonnaĂ­ochtaĂ­, tacaĂ­ocht cheart do na meáin Ghaeilge srl. – agus nĂ­ mĂłr don Phlean tabhairt futhu a luaithe agus is fĂ©idir.

    Tá tábhacht le polasaithe seo an rialtais mar sin, ach mar atá ráite thuas, is iad na gnáthGhaeil a dhéanfaidh an difear is mó.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  3. Gael gan Náire (profile) says:

    RG,

    AontaĂ­m.

    Seo an rud dar liomsa, tá lonnochtaĂ­ – cultĂşrlann – scoil de dhĂ­th ar liomsa, triumverate atá ann.

    Gan lonnaĂ­ocht, nĂ­l agat ach ionad agus scoil, nĂ­ pobal.

    Gan scoil, nĂ­l agat ach tithe agus ionad cultĂşrtha.

    Gan cultĂşrlann, nĂ­l agat ach roinnt tithe agus scoil in aice leis.

    Tá an trí rud de dhíth, cultúrlann, tithíocht agus scoil > pobal.

    Tá obair le dĂ©anamh! agus caithfear cur in iĂşl do dhaoine gur obair s’againne atá ann, nĂ­ fĂ©idir le hEamĂł bric a chur ar bhric dĂşinn i ndeireadh na dála.

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0
  4. Bhuel, a Ghaeil, ná h-abair é, dein é!

    Idir an chaint seo faoin nGaeilge agus an Ceathrú Gaeltachta agus gan Acht Ghaeilge bheith ann, is araile, táim tuirseach tinn traochta. Tá sé in am stopadh ag gearán agus tosnú ag gniomhú.

    FiĂş táimse ag bogadh ar aghaidh Ăł thrĂ©imhse chaointe Lá Nua – ach Ă© sin ráite nĂ­ dhearĂşdfaidh mĂ© go brach gur chuir SF agus an Fhoras scian sa bhfiontar Ghaeilge sin.

    Má tá CeathrĂş Gaeltachta le bheith in iarthar BhĂ©al Feirste, bĂ­odh sĂ© ann agus fograitĂ­ Ă© agus ná bĂ­tear ag fánacht ar na milliĂşin le teacht Ăłn Rialtas. Má tá lonnaĂ­ochtaĂ­ is scoileanna le bunĂş, bunaĂ­tear iad. Má tá CultĂşrlannaĂ­ á moladh ag an Aire Ă“ CuĂ­v – agus mhol sĂ© iad seo roimhe ag an Oireachtas i nDoire i 2006! – deineadh sĂ© an obair seachas bheith ag caint ar go fóíll geall leis trĂ­ bliana nios faide anonn!

    Ná h-abair é, dein é!

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  5. ben madigan says:

    An raibh An tAire ag smaoineadh ar seo? Ni raibh tacaĂ­ocht (Ăłn rialtais, i bpolasaĂ­ nĂł airgead) ar bith ag ‘phobal BhĂ©al Feirste’ nuair a chuir siad an cultĂşrlan ar bhun.

    What do you think?
    Judge it
    (Log in or register to mark as offensive)
    Commend 0
  6. Gael gan Náire (profile) says:

    Silím go bhfuil an tAire ga rá go gcaithfidh daoine dul amach i mbun oibre agus gan fanacht le rialtas nó beart nórud ar bith.

    Má tá, aontaím leis.

    Tá seo cloistĂ­ agam go rĂ­mhinic – ‘Ba chĂłir an rialtas seo a dhĂ©anamh … ‘

    Creidim gur smaointeoireacht sclabhaĂ­ Ă© sin, caithfidh na daoine dul i mbun reabhlĂłide.

    Is ar ár bhfiontraíocht is ar ár bhfiontraithe óga atá muid ag bráth, chan rialtas agus chan deontais.

    What do you think?
    (Log in or register to judge or mark as offensive)
    Commend 0

Leave a Reply

You must be logged in to post a comment.

Copyright © 2003 - 2012 Slugger O'Toole Ltd. All rights reserved.
Powered by WordPress; produced by Puffbox.
29 queries. 0.270 seconds.